European Economic
and Social Committee
Níor cheart do straitéis comhionannais inscne an Aontais neamhaird a thabhairt ar éifeachtaí díobhálacha ghéarchéim COVID-19 ar mhná
Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a Straitéis nua um Chomhionannas Inscne a chur chun feidhme go pras, agus ag an am céanna dul i ngleic leis an tionchar díobhálach a bhí ag paindéim COVID-19 a chuir leis an neamhionannas inscne sóisialta agus eacnamaíoch a bhí ann cheana, rud a mhéadaigh an foréigean in aghaidh na mban agus cineálacha éagsúla idirdhealaithe ina n-aghaidh.
“D’fhág COVID-19 go bhfuil mná i mbaol foréigin, bochtaineachta, an iliomad cineálacha idirdhealaithe agus spleáchais eacnamaíoch. Ní mór an straitéis a chur chun feidhme gan mhoill, lena sheachaint go leanfaidh mná den phraghas a íoc as an bpaindéim,” arsa Giulia Barbucci, rapóirtéir na tuairime ó CESE maidir le comhionannas inscne, a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Iúil.
Sa tuairim uaidh, d’áitigh CESE nach mór don Choimisiún a chinntiú go gcuirfear san áireamh sa Straitéis na hiarmhairtí diúltacha a bhí ag an bpaindéim don chomhionannas inscne agus go ndéanfar gné na hinscne a ionchorprú i mbearta téarnaimh uile na mBallstát.
Chuir Indrė Vareikytė, comhrapóirtéir na tuairime, in iúl go láidir a thábhachtaí atá ról na meán i gcruthú agus buanú na steiréitíopaí as a dtagann claontacht in aghaidh ban agus a chruthaíonn tuilleadh éagothromaíochtaí.
Dúirt sí go raibh CESE ag iarraidh fócas téamach nua – na meáin agus an fhógraíocht – a bheith san áireamh sa chéad Innéacs Comhionannais Inscne eile arna fhoilsiú ag an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE). Dá bhrí sin, ba cheart do na meáin cóid iompair agus bearta eile a ghlacadh lena seachnaítear gnéasachas agus lena ndíchóimeáiltear steiréitíopaí.(ll)