Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Iúil, ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) Rún maidir lena ionchur i gclár oibre 2021 an Choimisiúin Eorpaigh. Fáiltítear sa doiciméad roimh na tograí atá déanta ag an gCoimisiún Eorpach chun teacht slán as géarchéim COVID-19 agus meastar go mbeidh deis ann an bhliain seo chugainn geilleagar agus sochaí an Aontais a athstruchtúrú agus a fheabhsú.

Tugtar le fios sa rún a ghlac CESE go gcuireann sé fáilte roimh phlean an Aontais “Next Generation EU” agus roimh bhuiséad foriomlán an Aontais do 2021-2027 atá beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach agus tugtar tacaíocht iomlán dóibh. Cuirtear in iúl go bhfuiltear ag súil leis go ndéanfar forbairt iomlán nithiúil ar an méid sin i gclár oibre 2021 an Choimisiúin.

Chuir an Coiste a thograí sonracha do chlár oibre 2021 le chéile i gcomhréir le príomhthosaíochtaí an Choimisiúin.

Dar le comhaltaí CESE, ba cheart an clár oibre a bheith dírithe ar ár sochaí agus ár ngeilleagar a athstruchtúrú agus a fheabhsú agus é a bheith bunaithe ar na prionsabail seo a leanas: cearta an duine agus cearta sóisialta a chosaint; luachanna daonlathacha agus an smacht reachta a chosaint; leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an Mhargaidh Aonair; na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a bhaint amach; geilleagar ciorclach a chruthú agus aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí; agus an dea-rialachas agus an chuntasacht dhaonlathach a áirithiú.