Le Grúpa na bhFostóirí in CESE

I bhfianaise a fhíorphráinní atá sé dul i ngleic le héifeachtaí eacnamaíocha ghéarchéim an choróinvíris, d’iarr Grúpa na bhFostóirí ar na ceannairí stáit agus rialtais uile san Eoraip go gcuirfí bearta uaillmhianacha i bhfeidhm go pras i litir a sheol an Grúpa chucu. Is trí chomhar idir na Ballstáit, agus tríd sin amháin, is féidir leis na bearta téarnaimh agus atógála cuidiú le rath fadtéarmach an Aontais, agus le rath fadtéarmach mhuintir agus ghnólachtaí an Aontais.

Iarradh sa litir go dtiocfaí gan mhoill ar chomhaontú réamhbhreathnaitheach maidir leis an mbuiséad téarnaimh. Ba thráth mórthábhachtach é seo lena dhéanamh i bhfianaise chruinniú na Comhairle Eorpaí an 19 Meitheamh, nuair a tugadh le fios go raibh easaontas mór idir na Ballstáit. Seoladh an litir freisin chuig Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin agus chuig David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa.

Cuireadh páipéar seasaimh ó Ghrúpa na bhFostóirí dar teideal Business is key to the EU’s recovery from the corona crisis [Tá na gnólachtaí ríthábhachtach má tá an tAontas Eorpach chun téarnamh ó ghéarchéim an choróinvíris] in éineacht leis an litir chuig comhaltaí na Comhairle Eorpaí. Leagtar amach sa pháipéar sin na bearta is gá a dhéanamh chun gnólachtaí agus poist a shábháil agus a athshlánú. Tá cuid mhór de gheilleagar an Aontais ag iarraidh an ghéarchéim seo a bhainistiú agus beidh deacrachtaí níos mó fós ag gnólachtaí an Aontais mura dtabharfar tacaíocht cheart dóibh, e.g. trí thacaíocht ghearrthéarmach (leachtacht) a thabhairt, tríd an margadh inmheánach a neartú, trí shuaitheadh nach beag ar an gcothrom iomaíochta a sheachaint agus trí iomaíochas domhanda na hEorpa a áirithiú.

Ní thiocfaidh geilleagar an Aontais slán mura dtiocfaidh gnólachtaí an Aontais slán agus mura mbeidh rath orthu. An comhaontú atá ann maidir leis an gciste téarnaimh, sin é an cinneadh gasta a bhí á iarraidh ag Grúpa na bhFostóirí. Ní foláir na cistí ón bpacáiste tarrthála a chur ar fáil do chomhlachtaí agus FBManna an Aontais a luaithe is féidir agus gan ró-ualach maorlathais a chur orthu. Trí bhíthin na bhfiontar príobháideach, agus trína mbíthin sin amháin, is féidir linn borradh a chur faoinár ngeilleagar an athuair. (kr)