European Economic
and Social Committee
An bhaincéireacht agus an t-airgeadas mar ghnéithe ríthábhachtacha don atógáil agus don téarnamh inbhuanaithe i ndiaidh phaindéim COVID-19
Leis an nGrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ in CESE
Bhí an Coimisinéir Mairead McGuinness i láthair ag an gcruinniú urghnách deireanach den Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ chun páirt a ghlacadh sa díospóireacht maidir le ról an airgeadais agus na baincéireachta i dtéarnamh na hEorpa.
Le linn a aithisc fáilte, mhol Séamus Boland, Cathaoirleach an Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’, gur cheart machnamh a dhéanamh ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag córais bhaincéireachta thraidisiúnta agus mhalartacha sa téarnamh airgeadais, go háirithe ar mhaithe le gnólachtaí beaga a dhíríonn ar leas ghinearálta na sochaí, earnáil an gheilleagair shóisialta agus FBManna. Leag Cathaoirleach an Ghrúpa béim ar an ngá atá ann aistriú chuig córais airgeadais agus bhaincéireachta lena dtugtar aird níos mó ar roghanna na saoránach.
Chuir an Coimisinéir um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil in iúl go raibh ról an chórais airgeadais maidir leis an téarnamh ríthábhachtach chun todhchaí inbhuanaithe a bhaint amach. De bharr na paindéime agus iarmhairtí an athraithe aeráide, ardaíodh feasacht i leith an ghá atá ann airgead a atreorú i dtreo na hinbhuanaitheachta, chun go mbeadh geilleagair, gnólachtaí agus an tsochaí níos athléimní i leith suaití.
Dúirt an Coimisinéir go raibh dlús ollmhór curtha ag an bpaindéim leis an digiteáil, agus leis an gcóras airgeadais go háirithe. ‘Is gné ríthábhachtach í an chobhsaíocht airgeadais. Táimid ag breathnú go cúramach ar na nuálaíochtaí sin, ar nuálaíochtaí dearfacha iad. Mar sin féin, ní mór dúinn na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as an nuálaíocht a bhainistiú agus a chinntiú go bhfuil na saoránaigh á gcosaint againn’, a mhínigh sí.
Labhair roinnt comhaltaí le linn na díospóireachta leis an gCoimisinéir. Thug Ioannis Vardakastanis, Leas-Chathaoirleach an Ghrúpa, foláireamh nach dtarlódh ‘aon téarnamh eacnamaíoch nó sóisialta san Eoraip mura n-oibríonn na gníomhaithe airgeadais agus baincéireachta le chéile ar mhaithe le leas ghinearálta an gheilleagair agus na sochaí’.
Maidir le digiteáil an airgeadais, dúirt Giuseppe Guerini, urlabhraí catagóir an Gheilleagair Shóisialta in CESE, go raibh sé tábhachtach cothromaíocht a bhaint amach idir an rialachán is gá agus an gá atá ann an nuálaíocht a spreagadh.
Agus í ag tabhairt freagraí ar an iliomad ceisteanna a chuir na comhaltaí uirthi, dúirt an Coimisinéir Mairead McGuinness go raibh an Coimisiún ag obair go dian chun nach n-eascródh géarchéim airgeadais as an bpaindéim. Dúirt sí go raibh sé tábhachtach carnadh iasachtaí neamhthuillmheacha ar chláir chomhardaithe na mbanc a chosc. Dar léi, ní mór na túsphointí éagsúla a chur san áireamh agus an téarnamh á mhaoiniú, toisc go bhfuil éagsúlachtaí ann maidir le tionchar COVID-19. (jk)