Is le seisiún beo ceisteanna agus freagraí a chuir Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Christa Schweng, tús le gníomhaíochtaí oifigiúla an Choiste a bhaineann leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (CoFoE). Le linn “#CoFoE - Páirt a thabhairt do na saoránaigh sa tionscadal Eorpach, leagadh amach barúlacha agus ionchais na sochaí sibhialta eagraithe i dtaca leis an gcomhdháil. Cuireadh béim freisin ar a thábhachtaí atá sé dul i mbun plé le daoine lasmuigh de bholgán na Bruiséile agus tobsmaointeoireacht a dhéanamh chun ullmhú do na comhairliúcháin leis na saoránaigh atá ar na bacáin.

Dúirt Uachtarán CESE, Christa Schweng, go reáchtálfaidh an Coiste tionscnaimh for-rochtana sna Ballstáit go léir d’fhonn ionadaíocht chothrom a ráthú: “Beidh ról le himirt ag fostóirí, oibrithe agus an tsochaí shibhialta eagraithe ina hiomláine agus cuirfear a mbarúlacha in iúl le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa”. Thagair sí freisin don rún ó CESE a glacadh le déanaí ina mbeartaítear insint nua don Eoraip.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Leas-Uachtarán an Choimisiúin, Dubravka Šuica: “Tá athrú ó bhonn tagtha ar an bpolaitíocht san Aontas Eorpach. Den chéad uair riamh, tá na saoránaigh á gcur i gcroílár phróiseas ceaptha beartais an Aontais a bhuí leis an gComhdháil. Trí bhíthin na Comhdhála, is féidir leis na saoránaigh agus an tsochaí shibhialta, i dteannta a chéile, smacht a bheith acu ar an Aontas a bheidh ann dóibh amach anseo.”

“Is é an gnó atá againne a chinntiú go mbeidh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa chun leas na saoránach,” arsa Eva Maydell, Feisire de Pharlaimint na hEorpa.

Bhí obair CESE ar an insint nua don Eoraip faoi stiúir na dtrí uachtarán ar na trí ghrúpa as a bhfuil CESE comhdhéanta: Stefano Mallia (Grúpa na bhFostóirí), Oliver Röpke (Grúpa na nOibrithe) agus Séamus Boland (an Grúpa “Éagsúlacht Eoraip”).

Chuir Cillian Lohan, an Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE, clabhsúr ar an bplé agus dúirt sé go mbeadh teacht ag daoine as gach cearn den Eoraip ar chomhairliúcháin CESE maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus go mbeadh siad a fhairsinge agus is féidir.

Tá sé beartaithe go mbeidh na conclúidí ón gComhdháil réidh faoi earrach na bliana 2022 agus is ansin a dhéanfaidh institiúidí an Aontais machnamh ar an méid atá á rá ag na saoránaigh.

Is féidir breathnú ar #CoFoE – Páirt a thabhairt do na saoránaigh sa tionscadal Eorpach, imeacht lena gcuirfear tús leis an gComhdháil, ar chuntas Twitter CESE, @EU_EESC nó ar Facebook. (ks)