European Economic
and Social Committee
Na comhpháirtithe trasatlantacha meáite ar bheart a dhéanamh de réir a mbriathair
Tháinig an Coiste Leantach um Chaidreamh Trasatlantach, a chuir CESE ar bun, le chéile cúpla lá roimh an gcruinniú mullaigh ardleibhéil AE-SAM chun plé a dhéanamh ar réimse leathan ábhar atá tábhachtach don tsochaí shibhialta, go mór mór an t-athrú aeráide agus cúrsaí trádála.
"Is údar mór misnigh a bhfuil ag tarlú i dtaca leis na hábhair sin ar dhá thaobh an Aigéin Atlantaigh", arsa Christian Moos, Uachtarán an Choiste Leantaigh um Chaidreamh Trasatlantach in CESE.
Dheimhnigh David Livingston, comhairleoir sinsearach do Thoscaire Speisialta Uachtaránachta na Stát Aontaithe maidir leis an Aeráid John Kerry, go raibh rialtas reatha SAM lántiomanta anois cuspóirí Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh agus tuilleadh a dhéanamh ina theannta sin. “Ní chuirfear suas”, a dúirt sé, “le mórthíortha tábhachtacha a ligfidh 2021 tharstu gan a Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta go mór óir is dlúthchuid lárnach de Chomhaontú Pháras iad.”
“A bhuí le rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta sna Stáit Aontaithe agus san Aontas Eorpach agus i dtíortha eile, bhí SAM in ann leanúint de bheith rannpháirteach, in ainneoin easpa tiomantais ón rialtas a bhí in oifig roimhe seo”, a dúirt Elina Bardram, ó Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh um Ghníomhú ar son na hAeráide (DG CLIMA).
Chuir Emilie Bel, saineolaí ó Chomhairle an Atlantaigh, i bhfios go láidir go raibh muintir na hEorpa réidh chun clár oibre dearfach trádála a chur i dtoll a chéile ar bhonn lánchothrom.
Dhearbhaigh Marjorie Chorlins ó Chomhlachas Tráchtála na Stát Aontaithe, in ainneoin na suaiteachta polaitiúla trasatlantaí agus an chúlaithe eacnamaíochta a tharla de dheasca COVID-19, go raibh na Stáit Aontaithe agus an Eoraip fós ar na margaí ba thábhachtaí dá chéile. Léiríodh i dTuarascáil 2021 maidir leis an nGeilleagar Trasatlantach, a foilsíodh le déanaí, gurb iad an dá chomhpháirtí sin faoi deara sciar suntasach den tomhaltas domhanda agus den OTI domhanda.
Leag Tanja Buzek, Uachtarán an Choiste Leantaigh um Thrádáil Idirnáisiúnta in CESE, béim ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na sochaí sibhialta ar mhaithe le beartas trédhearcach trádála agus ar an ngá atá le comhrialtais láidre chun an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a athchóiriú. (at)