European Economic
and Social Committee
Deis chun an tsochaí shibhialta a chur i lár an aonaigh
Le Séamus Boland, Cathaoirleach ar an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip”
Tugann an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa deis do na saoránaigh agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dtuairimí a chur in iúl agus an todhchaí a mhúnlú. Tugann sí deis dóibh fosta athruithe inbhuanaithe a thabhairt i gcrích a thugann tús áite don duine féin.
Leagann an Grúpa “Éagsúlacht Eoraip” béim ar leith ar na trí phointe seo a leanas:
Ar an gcéad dul síos, deis atá sa phróiseas chun an todhchaí a mhúnlú! Deis is ea é freisin an tsochaí shibhialta a chur i lár an aonaigh! An rud a theastaíonn uainn a fheiceáil leis an gComhdháil ná aitheantas ceart ó údaráis Eorpacha agus náisiúnta gurb iad eagraíochtaí na sochaí sibhialta caomhnóirí an leasa choitinn, go bhfuil ról lárnach acu maidir le réitigh a aimsiú, agus go bhfuil ról lárnach ag an tsochaí shibhialta maidir le muinín a chothú, tuairimí an phobail a mhúnlú agus feidhmiú mar ghníomhairí d’athruithe dearfacha.
Ar an dara dul síos, deis atá sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa athrú meoin a thabhairt i gcrích. Go sonrach, athrú meoin lena mbeidh an todhchaí agus téarnamh iar-COVID-19 bonn ar bhonn le comhtháthú beartas agus leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Dar ndóigh, is é an laghdú bochtaineachta an chéad sprioc de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus ní mór dó a bheith i gcroílár ár dtodhchaí.
Ar an tríú dul síos, agus plé á dhéanamh ar thodhchaí an Aontais Eorpaigh, ní mór cuimhneamh air go bhfuil paindéim COVID-19 tar éis meas níos mó a chothú i measc na saoránach do luachanna amhail dlúthpháirtíocht, ceartas sóisialta, comhar idirghlúine, comhionannas inscne agus aistrithe glasa agus digiteacha atá cóir. Is mithid anois tacaíocht an phobail do na luachanna sin a threisiú d'fhonn athmhachnamh a dhéanamh ar na samhlacha fáis agus rialachais atá againn, sochaí níos cothroime a bhaint amach atá bunaithe ar dhea-bhail na saoránach, agus glacadh le sainmhínithe nua ar dhea-bhail agus ar fhorbairt a bhfuil níos mó i gceist léi ná olltáirgeacht intíre, agus tuairimí agus cearta na saoránach á n-urramú san am céanna.
Bí cinnte go gcloisfear do ghuth: https://futureu.europa.eu/?locale=ga
#IsLeatsaAnTodhchaí