Cheiliúr CESE, ionadaí ar an tsochaí shibhialta eagraithe, Lá na hEorpa ar líne i mbliana! Agus réimse gníomhaíochtaí á n-óstáil aige ar a shuíomh gréasáin, rinne an Coiste ceiliúradh ar an Aontas Eorpach agus ar chomóradh 71 bhliain Dhearbhú Schuman – arbh é túsphointe lánpháirtiú na hEorpa é – tríd an ról lárnach uathúil atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta san Eoraip sa tréimhse chorrach seo a léiriú, óna rannpháirtíocht sa téarnamh go dtí an obair ríthábhachtach a dhéanann siad agus aghaidh á tabhairt acu ar dhúshláin laethúla.

I measc na nithe a bhí ar an gclár oibre fairsing don lá, bhí cainteanna ar líne, cuairt fhíorúil 360° ar áitreabh an Choiste agus gníomhaíochtaí idirghníomhacha eile trína bhféadfadh cuairteoirí tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a n-oibríonn CESE, faoina fheidhm chomhairleach agus faoi ghníomhaíochtaí a chomhaltaí.

Thionóil CESE seimineár gréasáin maidir leis an “Daonlathas rannpháirtíochta: príomhcholún den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa,” faoi stiúir Cillian Lohan, Leas-Uachtarán um an gCumarsáid, ar lena linn a phléigh comhaltaí CESE, Milena Angelova, Tatjana Babrauskienė, Miroslav Hajnoš, Violeta Jelić agus Elena Sinkevičiūtė, an chaoi a bhféadfadh ról níos feiceálaí a bheith ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an leibhéal Eorpach agus an rannchuidiú sárluachmhar a dhéanann siad a bheith níos éifeachtaí.

Táimid ag súil go mór leis an mbliain seo chugainn nuair a d’fhéadfadh sé go mbeadh Lá Oscailte CESE ar siúl athuair ar ár n-áitreabh oifigiúil, foirgneamh Jacques Delors i gceantar Eorpach na Bruiséile. (mp)