Tá paindéim COVID-19 ina cúis le moilliú ar obair a lán earnálacha eacnamaíocha agus, san am céanna, is í is cúis le hathrú suntasach ar chothromaíocht na cumhachta ar fud an domhain. Sa chomhthéacs sin, tá straitéis chuí á lorg ag an Aontas chun a ról mar ghníomhaí eacnamaíoch domhanda a neartú, le beartais arb é is aidhm dóibh ról idirnáisiúnta an euro a threisiú, athléimneacht bhonneagair mhargadh airgeadais an Aontais a neartú agus feabhas a chur ar chur chun feidhme na smachtbhannaí a fhorchuirtear ar thríú tíortha.

I bhfianaise an mhéid sin, thíolaic an Coimisiún an Teachtaireacht uaidh dar teideal, Córas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa: oscailteacht, neart agus athléimneacht a chothú, arb é is aidhm di é a chur ar chumas na hEorpa ar bhonn níos fearr ról lárnach a bheith aici sa chóras domhanda eacnamaíoch agus airgeadais, agus an tAontas á chosaint ó chleachtais mhíchothroma mhí-úsáideacha tríú tíortha agus na gcuideachtaí atá bunaithe sna tíortha sin. Rinneadh anailís ar ábhar na Teachtaireachta sin ag éisteacht phoiblí a d’eagraigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) d’fhonn tuairim a tharraingt suas ar an ábhar.

San eochairóráid uaithi, mhínigh an Feisire Eorpach agus rapóirtéir na tuarascála maidir le Ról idirnáisiúnta an euro a neartú, Danuta Maria Hübner, gur léir anois, leis na haistrithe geopholaitiúla agus na dúshláin dhomhanda, lena n-áirítear paindéim COVID-19, go bhfuil gá le breis athléimneachta i ngeilleagar an Aontais. Dúirt sí freisin gur ghnách tacú le ról idirnáisiúnta neartaithe an euro trí chóras airgeadais atá níos leachtaí san Aontas, rud a d’fhéadfadh rannchuidiú freisin le leochaileacht a laghdú maidir le géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo.

Rinne Tomasz Wróblewski, rapóirtéir na tuairime ó CESE maidir le Córas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa: oscailteacht, neart agus athléimneacht a chothú, achoimre ar phríomhphointí na díospóireachta: “Tá gá le bearta misniúla neamhghnásacha chun ról idirnáisiúnta an euro a neartú. Beidh an méid sin ríthábhachtach chun ár ngeilleagar a chur ar an gconair fáis sa domhan a bheidh ann tar éis na paindéime”. (dgf)