European Economic
and Social Committee
Beartas tionsclaíoch: ní mór an inbhuanaitheacht a bheith fite fuaite leis an iomaíochas agus le neamhspleáchas straitéiseach
Ní mór don Aontas Eorpach athmheasúnú a dhéanamh ar thosaíochtaí a bheartais thionsclaíoch i bhfianaise na paindéime agus na coinbhleachta ar theorainn oirthear na hEorpa. Is é sin an teachtaireacht a tháinig as an gcomhdháil dar teideal ‘Todhchaí inbhuanaithe d’earnáil tionsclaíochta na hEorpa’ a d’óstáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 4 Márta 2022, i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus le hUachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Agus í ag cur tús leis an gComhdháil, leag Uachtarán CESE, Christa Schweng, béim ar an ngá atá le cur chuige comhoibritheach maidir le beartas tionsclaíoch an Aontais a mhúnlú: ‘Ní mór dúinn oibriú i gcomhar leis an tionsclaíocht, leis na húdaráis phoiblí agus leis na comhpháirtithe sóisialta agus todhchaí inbhuanaithe á tógáil againn do thionscal an Aontais. Le linn an phróisis sin, níor cheart aon duine a fhágáil ar lár.’
Cé go bhfuil an tAontas Eorpach fós ag déileáil le hiarmhairtí ghéarchéim COVID-19, chuir na himeachtaí móra san Úcráin alltacht ar mhuintir na mór-roinne. Dúirt Margrethe Vestager, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, ‘go gcaithfidh tionscail na hEorpa spleáchas aontaobhach ar thionscail eile a laghdú. Ní mór dúinn an Margadh Aonair a chosaint freisin ar thionchair sheachtracha, bíodh sin fóirdheontais eachtracha saofa nó iarrachtaí ar chomhéigean ag rialtais eachtracha.’
Léirigh formhór na gcainteoirí go raibh an choinbhleacht ina hargóint láidir eile chun leanúint de bheith ag iarraidh cuspóirí glasa a bhaint amach, cé gur mheas cuid eile díobh gur gá athmhachnamh a dhéanamh sna himthosca áirithe sin, ar ár spriocanna glasa, agus bhí caint, fiú, ar fhilleadh ar an ngual san Eoraip. ‘Mar gheall ar thosca nua atá ag teacht chun cinn amhail boilsciú, fiachas, cosaint, agus fuinneamh, ní mór dúinn straitéis thionsclaíoch iomlán difriúil a shaothrú. Ní mór neamhspleáchas agus cosaint straitéiseach a bheith mar riachtanas nua againn,’ a d’áitigh Carlo Calenda, Feisire de Pharlaimint na hEorpa.
Anuas air sin, tá Ard-Stiúrthóir Fiontraíochta in Aireacht Geilleagair, Airgeadais agus Téarnaimh na Fraince, Thomas Courbe, den tuairim gur deis é an t-aistriú chuig fuinneamh inbhuanaithe chun fothaí tionsclaíocha na hEorpa a nuachóiriú. Ní mór dálaí cothroma fostaíochta atá cóir ó thaobh na sochaí de a chothú leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, i gcomhréir leis an bprionsabal nach bhfágfar aon duine ar lár. ‘Ba cheart é a bheith mar sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú a mhéid is féidir ar an gcostas socheacnamaíoch is ísle is féidir,’ arsa rapóirtéir CESE, Sandra Parthie. < style="color:blue">An straitéis nua tionsclaíochta a nuashonrú.
Ar deireadh, d’athdhearbhaigh an Coimisinéir Eorpach um an Margadh Inmheánach, Thierry Breton, go bhfuil sé ríthábhachtach fís chomhtháite den Aontas Eorpach agus dá thionscail a spreagadh agus teannas geopholaitiúil ag dul i méid. (gb/dm)