European Economic
and Social Committee
Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa: Tá CESE tiomanta do chuidiú go gníomhach le rath na Comhdhála
Ráiteas ó Uachtarán CESE, Christa Schweng
Is díol sásaimh dom síniú an dearbhaithe chomhpháirtigh idir an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ina leagtar amach an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ag tnúth le cur go gníomhach leis an díospóireacht, agus cuireadh faighte aige freastal uirthi mar bhreathnóir.
Is cúis áthais dom gur deimhníodh ról tábhachtach agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe sa chomhdháil. Tá CESE ag tnúth le hionchur suntasach agus luachmhar a ullmhú, ag obair dó i ndlúthchomhar leis na céadta eagraíochtaí a ndéanann ár gcomhaltaí ionadaíocht orthu. Táimid réidh leis an taithí atá againn ón mbonn aníos a roinnt chun dlús a chur leis an obair atá á déanamh chun insint nua áititheach a chruthú don Aontas.
Deis ar leith atá sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa do shochaithe an Aontais Eorpaigh. Ar deireadh, tá gnólachtaí, oibrithe, feirmeoirí, tomhaltóirí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha in ann páirt a ghlacadh ar bhealach struchtúrtha agus a dtuairimí a chur in iúl maidir le beartais an Aontais amach anseo a mhúnlú. Tá géarghá leis sin chun go mbeidh braistint úinéireachta acu ar an Aontas. Ní féidir an sprioc maidir le todhchaí na hEorpa a mhúnlú agus í ag teacht as géarchéim COVID-19 níos láidre ná riamh a bhaint amach gan rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach agus na bpáirtithe leasmhara eile a thagann ó gach uile chúlra.
De dheasca na paindéime, tá an plé faoi thodhchaí na hEorpa agus na dúshláin atá roimpi níos tábhachtaí agus níos tráthúla ná riamh. Ní mór dúinn ceachtanna a fhoghlaim ón ngéarchéim seo agus machnamh breise a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir athléimneacht ár sochaithe agus ár ngeilleagar a mhéadú. D’fhéadfaí an méid seo a leanas, go háirithe, a chumhdach le príomhábhair eile: fís d’Eoraip athléimneach iar-COVID-19 a bhfuil rath uirthi ó thaobh an gheilleagair de, atá cuimsitheach go sóisialta, atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus a thugann freagairt don aincheist maidir leis an gceannasacht náisiúnta agus an gá atá le réitigh choiteanna Eorpacha a aimsiú.