European Economic
and Social Committee
An geilleagar sóisialta: ní mór infheistíochtaí a oiriúnú chun borradh a chur faoin maoiniú, dar le CESE
Tá gá le hionstraimí airgeadais nua chun go leanfaidh an geilleagar sóisialta de bheith ag fás anuas ar an spreagadh a sholáthair na cláir phoiblí, sin é atá curtha in iúl ag CESE i dtuarascáil nua dá chuid, inar iarradh go gcuirfí oiliúint airgeadais ar fáil freisin chun maoiniú príobháideach a chothú.
Ní fhéadfaidh an geilleagar sóisialta infheistíochtaí oiriúnacha a mhealladh ach amháin i gcás ina bhfuil ionstraimí airgeadais tiomnaithe ann lena mbaintear cothromaíocht amach idir an tionchar sóisialta agus torthaí inghlactha d’infheisteoirí, agus lena ngabhann rioscaí córa d’fhiontair shóisialta, sin é a dúirt CESE i dtuairim uaidh a glacadh i mí Eanáir.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an rapóirtéir, Giuseppe Guerini: ‘Tá géarghá leis an nasc idir infheistíocht phríobháideach agus an geilleagar sóisialta a éascú. Táimid den tuairim gur rómhinic a bhíonn claonadh ag oibreoirí airgeadais féachaint ar eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta mar eagraíochtaí ardriosca toisc go mbaineann siad leas as uirlisí a úsáidtear de ghnáth chun measúnú a dhéanamh ar chineálacha eile fiontar’.
Ba cheart d’infheistíochtaí tionchair shóisialta na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
• beidh sé mar chuspóir soiléir acu tionchar sóisialta a chruthú;
• tabharfaidh siad tacaíocht d’fhiontair a shainmhínítear go soiléir mar fhiontair an gheilleagair shóisialta;
• socróidh siad an leibhéal ionchais ar bhonn torthaí eacnamaíocha atá réasúnta, inbhuanaithe agus trédhearcach, fiú má tá siad faoi bhun mheán an mhargaidh;
• fágfaidh siad gur féidir cuid de na sócmhainní a athinfheistiú in infheistíochtaí eile a bhfuil cuspóirí sóisialta acu;
• beidh tionchar intomhaiste acu;
• beidh siad i gcomhréir le luachanna na gcuideachtaí ina ndéanann siad infheistíocht.
Tá eolas barántúil frithpháirteach riachtanach chun an bhearna san infheistíocht a dhúnadh. ‘Ní mór tacaíocht níos fearr a thabhairt do ghníomhaithe airgeadais ionas go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar shaol dáiríre na bhfiontar sóisialta, agus chun cabhrú leis na fiontair sin saol an airgeadais agus na hionstraimí airgeadais a thuiscint’, a dúirt an comhrapóirtéir Marie Pierre le Breton.
Is féidir le scaipeadh dea-chleachtas, amhail Lárionad Saineolais na Fionlainne maidir le hInfheistíocht Tionchair, nó samhlacha infheistíochta na Fraince atá bunaithe ar ‘íoc de réir na dtorthaí’ cabhrú freisin. Mar sin féin, ní mór táscairí ar fud an Aontais a bhunú chun an tionchar a mheas. D’fhéadfadh táscairí oibiachtúla amhail poist arna gcruthú, nó táscairí suibiachtúla, amhail folláine an phobail, a bheith i gceist leo sin.