European Economic
and Social Committee
Eagarfhocal
BÍMIS UILE MAR CHUID DEN RÉITEACH – NÁ CUIRIMIS LEIS AN bhFADHB!
A léitheoirí dile,
Bhí Duais na Sochaí Sibhialta is déanaí ó CESE dírithe ar théama a bhfuil an-dáimh agam leis – gníomhú ar son na haeráide.
Shílfeá go mbeadh fíorthionchar na géarchéime aeráide tagtha i bhfeidhm orainn faoin am seo agus go mbeadh glactha leis ar bhonn chomh forleathan sin go mbeadh an domhan iomlán aontaithe cheana féin san iarracht an féin-scriosadh a sheachaint. Ach cé go bhfuil a lán iarrachtaí déanta ina leith sin, ní leor é go fóill.
Sin an fáth go bhfuil sé tábhachtach leanúint de bheith ag cur in iúl go bhfuil an pointe fillte is faide amach á shroichint againn leis an athrú aeráide agus go bhféadfadh an t-athrú aeráide sin deireadh a chur leis an domhan mar atá sé faoi láthair.
Ar an gcúis sin, ní féidir liom an iomarca béime a chur ar a thábhachtaí atá sé ár bhfórsaí uile a aontú chun rud éigin a dhéanamh faoin athrú aeráide. Agus is freagracht í sin nach bhfuil aon duine againn saor uaithi.
Creideann CESE go bhfuil rath an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip – faoinar gheall an tAontas aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 – ag brath ar ghníomhaíocht agus gealltanas na ngníomhaithe uile. Tá ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí poiblí agus ag daoine aonair maidir le hathrú a spreagadh i dtaca le noirm agus iompar, maidir le geilleagair áitiúla a dhéanamh níos glaise agus an t-aistriú a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil nó réigiúnach.
Trí Dhuais na Sochaí Sibhialta 2021 a thiomnú don athrú aeráide, ba mhian le CESE na hiarrachtaí aeráide neamhstáit a rinneadh go dtí seo a léiriú don phobal agus urraim a thabhairt dóibh.
Roghnaíomar na buaiteoirí ó thionscadail a thacaíonn le haistriú cóir agus glas chuig geilleagar ísealcharbóin. Ba é an sprioc a bhí leis ná tionscadail atá fós ar siúl a mholadh agus cinn nua a spreagadh, agus creidim go bhfuil an sprioc sin bainte amach againn!
Fuaireamar neart smaointe a thugann dóchas dúinn go mbeimid ábalta an cath seo a bhuachan. Tá tionscadail faighte againn ó gach cearn den Eoraip, tionscadail atá i mbun comhraic i gcoinne an athraithe aeráide ar bhealaí spreagúla agus cruthaitheacha. Ní raibh sé éasca na buaiteoirí a roghnú agus braithimid go bhfuil aitheantas tuillte ag gach duine de na hiarrthóirí. Is féidir tuilleadh a léamh fúthu uile sa bhróisiúr atá tiomnaithe do dhuais na bliana seo.
Shocraíomar ar dhuais a bhronnadh ar chúig thionscadal, gach ceann díobh iontach ar a bhealach féin, a théann i ngleic le cuid de na saincheisteanna is práinní atá againn agus sinn ag caint faoin aistriú chuig geilleagar agus sochaí aeráidneodrach.
Trína gcuid oibre tábhachtaí, spreagann ár gcúigear buaiteoirí infheistíochtaí inbhuanaithe agus díríonn siad ar ról luachmhar na nglúnta níos sine; téann siad i ngleic le bochtaineacht fuinnimh trí ghuth a thabhairt do dhaoine atá fuinneamhbhocht; cuireann siad geilleagar ciorclach chun siúl ar an láthair agus ag an am céanna cuireann siad ceartas sóisialta chun cinn go gníomhach; téann siad i ngleic leis an téamh uirbeach trí aipeanna airgtheacha agus idirghníomhacha a sheoladh nó tugann siad na gníomhaithe uile san aistriú fuinnimh chuig an mbord agus brú á chur orthu díospóireachtaí tábhachtacha a bheith acu agus teacht ar réiteach sochreidte.
Ag an searmanas bronnta a reachtáladh sa Bhruiséil, an 9 Nollaig, bhraith mé gur mhór an phribhléid agus an onóir dom a bheith ag bronnadh na nduaiseanna ar ár gcúigear buaiteoirí. San eagrán seo, is féidir tuilleadh eolais a fháil faoina dtionscadail iontacha agus is féidir aithne a chur orthu sna hagallaimh a rinneamar leo. Beidh podchraoladh á sheoladh againn freisin ina n-inseoidh gach duine acu dúinn cad iad na pleananna atá acu don todhchaí agus faoin gcaoi ar speagadh iad leis an duais ó CESE chun leanuint ar aghaidh lena gcuid oibre.
San eagrán seo freisin, is féidir léamh faoi dhuine de bhuaiteoirí Dhuais na Dlúthpháirtíochta Sibhialta 2020, duine ar bronnadh gradam aeráide mór le rá orthu le déanaí sa Ríocht Aontaithe. Ba mhór an pléisiúr dúinn a chloisteáil an chaoi a ndeachaigh an duais ó CESE i bhfeidhm orthu, trí é a chur ar a gcumas leanúint ar aghaidh lena gcuid tionscadal agus tabhairt faoi thionscadail nua, rud is cúis le moladh agus aitheantas a bheith tuillte acu. Ní hamháin gur údar mór bróid dúinn an méid sin ach déanann sé níos meáite fós sinn freisin leanúint ar aghaidh leis an duais agus le béim a chur ar an obair iontach atá á déanamh ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag an gcosmhuintir maidir le gach cineál saincheiste ar fud an Aontais Eorpaigh!
Bainigí sult as an eagrán seo agus ná déanaigí dearmad – go gcaithfimid uile a bheith páirteach agus ár ndícheall a dhéanamh sa chomhrac seo in aghaidh an athraithe aeráide, is cuma cé chomh beag nó chomh mór is a bheidh ár n-iarrachtaí nó, fiú, ár n-íobairtí. Is cuid den réiteach sinn uile – ná cuirimis leis an bhfadhb a thuilleadh!
Cillian Lohan
Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE