Is díol sásaimh do CESE misneach agus dlúthpháirtíocht shochaí shibhialta na hEorpa

A léitheoirí dile,

An 15 Feabhra thionóil CESE an searmanas bronnta do bhuaiteoirí Dhuais na Dlúthpháirtíochta Sibhialta, duais a seoladh i mí Iúil 2020 tráth a bhí an Eoraip ag teacht chuici féin tar éis na chéad ráige de phaindéim COVID-19. Tharla sé go gearr tar éis dheireadh na céad dianghlasála, ar lena linn a bhíomar gaibhnithe sa bhaile ag breathnú ar thuairiscí na meán agus na híomhánna coscracha d’ospidéil ar fud na hEorpa agus ag bualadh ár mbos gach tráthnóna do na hoibrithe sláinte.

Níorbh fhada gur thosaigh moll mór tuairiscí ag teacht isteach faoi na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a bhí á ndéanamh ar fud an Aontais, rud a léirigh go raibh cuid mhór daoine ann nach raibh ag fanacht go díomhaoin ach a raibh fonn orthu cuidiú a thabhairt do na daoine is leochailí inár measc nó dóibh siúd is mó atá thíos leis an ngéarchéim, nó cibé cuidiú eile is gá a thabhairt.

I measc na gcineálacha gníomhaíochtaí a bhí ar siúl acu bhí maisc agus gúnaí leighis a dhéanamh agus a dháileadh, ospidéil éigeandála a dhéanamh d’óstáin, bia a sholáthar do dhaoine scothaosta nó do dhaoine leochaileacha, tacaíocht dhigiteach a chur ar fáil don scolaíocht bhaile, nó tionscadail ealaíne nó siamsaíochta a reáchtáil d’fhonn an saol a dhéanamh níos taitneamhaí do dhaoine le linn na paindéime.

Bhí an tsochaí shibhialta, trí na heagraíochtaí agus na daoine lena mbaineann, ar thús cadhnaíochta sna gníomhaíochtaí sin. Murach an cuidiú a chuir siad ar fáil ar an leibhéal áitiúil, is measa a bheadh éifeachtaí na paindéime seo.

D’fhonn aitheantas a thabhairt don rannpháirtíocht dhíograiseach sin agus don obair atá á déanamh ar leibhéal an phobail, chinneamar deireadh a chur ar bhonn sealadach le Duais na Sochaí Sibhialta in 2020, ar duais aitheanta de chuid CESE í a bhronntar gach bliain ó bhí 2006 ann ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ar dhaoine aonair a bhfuil tionscadail den scoth acu a dhéanann ceiliúradh ar an bhféiniúlacht Eorpach agus ar luachanna coiteanna i réimse áirithe oibre.

Ina hionad, reáchtáladh Duais na Dlúthpháirtíochta Sibhialta faoin téama “An tSochaí Shibhialta i gcoinne COVID-19”, ar duais uathúil aon uaire í atá dírithe go sonrach ar an gcomhrac i gcoinne an choróinvíris agus na n-éifeachtaí tromchúiseacha a gabhann leis.

De ghnáth, bíonn cúigear buaiteoirí againn, ach i mbliana, theastaigh uainn duais a bhronnadh ar suas le 29 dtionscadal a rinne daoine aonair, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cuideachtaí. Níor glacadh ach le tionscadail a bhí neamhbhrabúsach ina n-iomláine agus nach bhfuair níos mó ná 50 % dá mhaoiniú ó chistí poiblí. Theastaigh uainn buaiteoir amháin a aimsiú i ngach Ballstát agus sa Ríocht Aontaithe, d’fhonn a léiriú gur mian le CESE dlúthcheangal a choinneáil leis an tsochaí shibhialta sa Ríocht Aontaithe d’ainneoin go raibh an tír ag fágáil an Aontais, agus buaiteoir amháin eile a thaispeáin fócas trasteorann nó Eorpach.

Tháinig deireadh leis an gcomórtas an 30 Meán Fómhair agus faoin am sin bhí suas le 250 iarratas faighte againn as gach cearn den Eoraip. Léirigh na hiarrthóirí uile rannpháirtíocht neamhleithleach na saoránach agus na sochaí sibhialta ar an leibhéal áitiúil. Bhí an dlúthpháirtíocht ina gné lárnach de na tionscadail ar fad, ach grúpáladh iad faoi chúig phríomhthéama: soláthar bia agus cúnamh do ghrúpaí leochaileacha, trealamh leighis, seirbhísí comhairleacha, seirbhísí oideachais agus faisnéis faoin bpaindéim, agus an cultúr.

Tar éis machnamh cúramach a dhéanamh ar na tionscadail go léir, roghnaíodh 23 bhuaiteoir ó na cúig théama agus, dar le CESE, is iadsan is fearr a léiríonn an méid atá á dhéanamh ag an tsochaí shibhialta ar fud na hEorpa chun cuidiú le pobail teacht slán as an bpaindéim. Bronnadh duais ar fiú EUR 10 000 í ar gach buaiteoir agus tá súil againn go gcuideoidh an dreasacht airgeadais sin leo chun dul chun cinn breise a dhéanamh agus go gcuirfidh an duais le hinfheictheacht a gcuid tionscadal.

Tá sé mar aidhm againn freisin feasacht a ardú faoina thábhachtaí atá na tionscadail sin agus faoin iliomad tionscadail shuntasacha chruthaitheacha eile ó na saoránaigh atá ar siúl ar fud an Aontais. Is cruthúnas iad uile go bhfuil an dlúthpháirtíocht barrthábhachtach chun aon ghéarchéim a shárú. Trína gcuid oibre, tá todhchaí níos fearr á tógáil don Eoraip, agus táthar dóchasach go dtiocfaidh sí as an ngéarchéim seo agus í níos láidre agus níos aontaithe.

Dá bhrí sin, le linn an chiansearmanais bronnta a bhí ar siúl an 15 Feabhra, níorbh iad na 23 bhuaiteoir amháin, a bhí á moladh againn. Thugamar aitheantas don tsochaí shibhialta ina hiomláine san Eoraip agus don oiread sin eagraíochtaí, gnólachtaí agus daoine aonair a léirigh agus a léiríonn dlúthpháirtíocht, misneach agus freagracht sa tsochaí sa tréimhse achrannach seo.

Cillian Lohan

Leas-Uachtarán um an gCumarsáid