Déanfar imeacht de chuid CESE don aos óg, Leatsa an Eoraip, Abair leat! (YEYS) 2021, a reáchtáil ar mhúnla chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide (COP). Le linn an imeachta, beidh an deis ag na daltaí a dtuairimí féin a roinnt maidir le cén chaoi ar chóir dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide agus conas is fearr is féidir spriocanna aeráidneodracha 2050 a bhaint amach.

A bhuí le YEYS, tá deis tugtha do bhreis agus 100 dalta agus os cionn 30 múinteoir ó gach cearn den Eoraip, ó bhí 2010 ann, teacht ar cuairt chun na Bruiséile d'fhonn na hábhair is mó atá i mbéal an phobail a phlé. Beidh YEYS 2021 ar siúl an 18-19 Márta 2021 agus imeacht iomlán fíorúil a bheidh ann mar gheall ar COVID-19. Is é teideal imeacht 2021 ná: Ár nAeráid, Ár dTodhchaí!

Beidh trí scoil is tríocha rannpháirteach sa díospóireacht seo don aos óg, mar atá scoil amháin ó gach ceann de na 27 mBallstát san Aontas agus ó gach ceann de na chúig thír is iarrthóirí (an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, an Tuirc, Montainéagró agus an Albáin). Áirítear scoil amháin ón Ríocht Aontaithe ar na scoileanna sin freisin ar mhaithe le cruthúnas follasach a thabhairt go bhfuil CESE tiomanta dlúthchaidreamh le sochaí shibhialta na Breataine a choinneáil ar bun.

Is é is aidhm don 12ú himeacht seo de chuid YEYS tuairimí úrnua na ndaltaí a chloisteáil maidir leis an gcaoi ar féidir dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide reatha agus conas is fearr is féidir spriocanna aeráidneodracha 2050 a bhaint amach.

Roinnfear torthaí YEYS 2021 le lucht ceaptha beartais comhshaoil an domhain agus déanfar iad a chur chun cinn i gcomhdhálacha ar fud na hEorpa, lena n-áirítear an Cruinniú Eorpach um an Óige (EYE) de chuid Pharlaimint na hEorpa a reáchtálfar ag deireadh mhí na Bealtaine 2021.

Fad a bheidh na daltaí gníomhach san imeacht COP, freastalóidh na múinteoirí ar sheisiúin eolais a reáchtálfar ar líne i gcomhar leis na trí phríomhinstitiúid de chuid an Aontais (Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh). Beidh sé d’aidhm ag na seisiúin seo tuilleadh eolais a thabhairt do na múinteoirí faoi obair an Aontais agus cur leis na hacmhainní atá ar fáil don aos óg agus don oideachas.

Chomh maith le YEYS, eagróidh CESE feachtas ar na meáin shóisialta, mar atá ar Instagram agus Facebook, chun cur leis an bhfeasacht ar an athrú aeráide agus chun spreagadh a thabhairt do dhaoine óga stíl mhaireachtála níos inbhuanaithe a chleachtadh. (cl)