Le Konstantina Manoli

Ní féidir a shéanadh gur uirlis chumhachtach é feidhmiú na gceart vótála chun tuairimí a chur in iúl agus tionchar a imirt ar bheartais. Go ginearálta, is éard a tharlaíonn le linn phróiseas na dtoghchán go roghnaímid ár nguth, is é sin le rá, na daoine a gceapaimid a dhéanfaidh an ionadaíocht is fearr orainn féin, ar ár gcreidimh agus ar ár luachanna. Mar sin féin, is iondúil go ndéanann formhór na ndaoine, agus go háirithe daoine óga, dearmad ar an gcumhacht a bhaineann le vóta a chaitheamh.

Le Konstantina Manoli

Ní féidir a shéanadh gur uirlis chumhachtach é feidhmiú na gceart vótála chun tuairimí a chur in iúl agus tionchar a imirt ar bheartais. Go ginearálta, is éard a tharlaíonn le linn phróiseas na dtoghchán go roghnaímid ár nguth, is é sin le rá, na daoine a gceapaimid a dhéanfaidh an ionadaíocht is fearr orainn féin, ar ár gcreidimh agus ar ár luachanna. Mar sin féin, is iondúil go ndéanann formhór na ndaoine, agus go háirithe daoine óga, dearmad ar an gcumhacht a bhaineann le vóta a chaitheamh.

Dearbhaímid go diongbháilte gur mian linn an domhan a athrú, todhchaí níos fearr a chruthú dúinn go léir agus do na glúnta atá le teacht. Mar sin féin, le linn an phróisis seo, géillimid nuair a bhraithimid nach mbaineann tábhacht a thuilleadh lenár dtuairimí, ár luachanna ná ár n-idéil nó nach bhfuil aon chumhacht againn.

Mar bhean óg ón nGréig, tá taithí phearsanta agam ar an scéal seo. Tá cur amach agam ar an bhfrustrachas atá le mothú nuair nach n-éistear lenár nguthanna, nuair a sháraítear ár gcearta agus nuair a mhothaímid nach féidir rud ar bith eile a dhéanamh faoin scéal. Ainneoin ár seacht ndícheall a bheith déanta againn, tarlaíonn sé uaireanta nach dtiteann rudaí amach mar a bhí beartaithe againn. Is sna tráthanna seo, nuair nach bhfuil ag éirí lenár n-iarrachtaí, a dhéanaimid dearmad ar rud ríthábhachtach: is í ár gcumhacht ár vóta! Mar a dúirt Barack Obama tráth: ‘Déanann gach vóta difear’.

Faraor, ní dóigh liom gur liomsa amháin a bhaineann an taithí seo, agus ní dóigh liom gur leis na Gréagaigh, na daoine óga ná na mná amháin a bhaineann sí ach oiread. Is fíor go bhfuil an dearcadh céanna ag roinnt mhaith daoine, beag beann ar a n-aois, a n-eitneacht, a n-inscne, a reiligiún, nó a gcúinsí pearsanta.

Trí vóta a chaitheamh, is féidir oibriú as lámha a chéile chun an todhchaí atá uainn a mhúnlú. Trí na cúraimí seo a ghlacadh orainn féin, is féidir a bheith cinnte go mbeidh tionchar ag ár mianta agus ár luachanna ar na cinntí a mhúnlaíonn an tsochaí. Ní mór dúinn gníomhú ós rud é gur vóta ríthábhachtach é ár vóta, lena n-áirithítear go n-éistfear le guth na hóige amach anseo.

Ba cheart cuimhneamh ar fhocail chiallmhara John Lewis: ‘Mura dtabharfaidh muidne faoi, cé a dhéanfaidh amhlaidh? Mura dtabharfar faoi anois, cathain a dhéanfar amhlaidh?’

Le Florian Marin

Tá sé á mholadh ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i gcás chreat nua an Aontais Eorpaigh maidir le faireachán ar fhoraoisí go mbeadh an creat sin inbhuanaithe, costéifeachtach agus indéanta. Lena chois sin, ba cheart an creat a bheith tráthúil, sábháilte agus slán, dinimiciúil, cuimsitheach agus rannpháirtíoch le go mbeadh dlúthchomhar idir an eolaíocht agus an cleachtas ann agus go ndéanfaí pleanáil níos fearr agus ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise.

Le Florian Marin

Tá sé á mholadh ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i gcás chreat nua an Aontais Eorpaigh maidir le faireachán ar fhoraoisí go mbeadh an creat sin inbhuanaithe, costéifeachtach agus indéanta. Lena chois sin, ba cheart an creat a bheith tráthúil, sábháilte agus slán, dinimiciúil, cuimsitheach agus rannpháirtíoch le go mbeadh dlúthchomhar idir an eolaíocht agus an cleachtas ann agus go ndéanfaí pleanáil níos fearr agus ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise.

Tá sé ríthábhachtach go gcinnteofaí an chomhlántacht agus go seachnófaí dúbláil sonraí atá cumhdaithe cheana féin ag reachtaíocht eile, mar shampla na beartais aeráide agus aeir, na rialacháin maidir leis an mbithéagsúlacht agus an comhbheartas talmhaíochta.

Maidir leis an athrú aeráide, tá gá le sonraí fadtéarmacha sa bhreis ar shonraí a bhaineann leis an bhforbairt tuaithe, leis an ngeilleagar ciorclach agus leis an eolaíocht. Tá sé tábhachtach an idir-inoibritheacht a chinntiú agus go mbeadh an ghráinneacht sonraí, an teicneolaíocht agus an mhinicíocht chéanna i bhfeidhm sna Ballstáit uile, go háirithe le linn do shonraí forlíontacha a bheith á mbailiú. Ba cheart féachaint i gcónaí leis an ualach riaracháin a laghdú agus leis an rómhaorlathas a sheachaint, e.g. le nach mbaileofaí na sonraí céanna faoi dhó nó nach ndéanfaí an tuairisciú céanna faoi dhó. Ba cheart an leibhéal céanna tábhachta a chur le sonraí eacnamaíocha, sonraí sóisialta agus sonraí comhshaoil na bhforaoisí.

Tá ríthábhacht le cearta maoine príobháidí agus úinéireacht sonraí a urramú, go háirithe faoi chuimsiú phrionsabal na coimhdeachta. Thar aon ní eile, is é leas an phobail an rud is tábhachtaí i mbonneagar na sonraí maidir le foraoisí.

Gach Ballstát a bhaineann leas as foraoisí, ba cheart dóibh plean fadtéarmach a bheith acu maidir leis na foraoisí, plean a chomhlánódh na straitéisí eile maidir le foraoisí agus adhmad, lena gcinnteofaí go mbeifí i gcomhréir iomlán leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe. Agus na luachanna iltaobhacha a bhaineann leis na foraoisí á gcur san áireamh, ba cheart gnéithe sóisialta agus eacnamaíocha a áireamh i struchtúr na bpleananna foraoiseachta, sin agus prionsabal na comhpháirtíochta agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i bhforbairt agus i gcur chun feidhme pleananna fadtéarmacha maidir leis na foraoisí.

Ba cheart ról an Bhuanchoiste Foraoiseachta a neartú agus gníomhaithe ábhartha ón tsochaí shibhialta a áireamh ann.

Le Christian Moos

Tá cúis mhaith leis an imní atá ann faoin tionchar mailíseach a bhíonn ag stáit naimhdeacha ar nós na Rúise. Iasachtaí fabhracha á dtabhairt do pháirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis, poist ar bhoird mhaoirseachta á dtabhairt do pholaiteoirí a bhfuil a ré caite, conarthaí brabúsacha á dtabhairt d’fhiontraithe amhrasacha agus maoiniú á thabhairt d’eagraíochtaí atá ag maíomh gur eagraíochtaí neamhrialtasacha iad; is iomaí cás den chineál sin atá ann agus a bhí ann.

Le Christian Moos

Tá cúis mhaith leis an imní atá ann faoin tionchar mailíseach a bhíonn ag stáit naimhdeacha ar nós na Rúise. Iasachtaí fabhracha á dtabhairt do pháirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis, poist ar bhoird mhaoirseachta á dtabhairt do pholaiteoirí a bhfuil a ré caite, conarthaí brabúsacha á dtabhairt d’fhiontraithe amhrasacha agus maoiniú á thabhairt d’eagraíochtaí atá ag maíomh gur eagraíochtaí neamhrialtasacha iad; is iomaí cás den chineál sin atá ann agus a bhí ann.

Dá bhrí sin, ní mór dúinn a bheith an-airdeallach agus na toghcháin Eorpacha ar na bacáin. Mar sin féin, ainneoin roinnt moltaí a bheith tugtha do na Ballstáit sa phacáiste maidir le cosaint an daonlathais, is i bhfad i ndiaidh an mhargaidh a tháinig sé. Bhí moill cheana féin ar an bpacáiste nuair a sheol an Coimisiún é. Ina dhiaidh sin, luath i samhradh na bliana 2023, cuireadh an pacáiste ar athlá ar feadh breis agus leathbhliain toisc cáineadh an-láidir agus d’aon ghuth a bheith déanta ar an togra reachtach a bhí le bheith ina chuid den phacáiste.

Mar sin féin, tháinig an tuar faoin tairngreacht ba mheasa nuair a foilsíodh an pacáiste i mí na Nollag. D’fhágfadh an treoir a bhí beartaithe go mbeifí anuas ar eagraíochtaí neamhrialtasacha a fhaigheann cistí ó rialtais i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad, e.g. na Stáit Aontaithe. Thabharfadh an togra sin leithscéal eile do rialtais fhorlámhacha a bhaineann leas as dlíthe ‘gníomhairí eachtracha’ chun iarracht a dhéanamh gach freasúra daonlathach a chur ina thost.

Thairis sin, tá sainmhínithe na treorach doiléir agus tá lúba móra ar lár inti a thugann bealach éalaithe do ghníomhairí Mhoscó. Rud nach dtuigeann ionadaithe na sochaí sibhialta eagraithe is ea an fáth nach bhfuil clár trédhearcachta ginearálta á bhunú ag an gCoimisiún, clár ina gcuimseofaí gach ionadaí sainleasa agus a bheadh i gcomhréir leis na dlíthe atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta agus a chruthódh bunús dlí soiléir agus sábháilte do gach geallsealbhóir.

Ba cheart don Choimisiún an dréacht-treoir sin a tharraingt siar agus cur chuige níos cuimsithí a ghlacadh i leith na treorach a thiocfaidh ina hionad in 2025 le nach dtabharfar caoi do naimhde an daonlathais.

Is é Bruno Kaufmann is aoi dúinn. Eisean ambasadóir an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, uirlis ar leith do shaoránaigh an Aontais le dlíthe nua AE a mholadh ar a gconlán féin. Inseoidh sé dúinn cén fáth a bhfuil tábhacht as cuimse leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Inseoidh sé dúinn dá réir – ach a n-éireoidh go maith leis an Tionscnamh – cén fáth a bhféadfaí a rá gur beag éacht chomh mór leis i stair an daonlathais ó tháinig an ceart vótála do chách sa saol sa 20ú haois agus ó cuireadh comhionannas na gceart vótála i réim.

Is é Bruno Kaufmann is aoi dúinn. Eisean ambasadóir an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, uirlis ar leith do shaoránaigh an Aontais le dlíthe nua AE a mholadh ar a gconlán féin. Inseoidh sé dúinn cén fáth a bhfuil tábhacht as cuimse leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Inseoidh sé dúinn dá réir – ach a n-éireoidh go maith leis an Tionscnamh – cén fáth a bhféadfaí a rá gur beag éacht chomh mór leis i stair an daonlathais ó tháinig an ceart vótála do chách sa saol sa 20ú haois agus ó cuireadh comhionannas na gceart vótála i réim.

Is eolaí polaitiúil agus iriseoir é an Sualannach Bruno Kaufmann. Foilsíodh ábhar leis i mbreis agus 40 teanga faoin daonlathas comhaimseartha, an daonlathas díreach ionadaíoch. Eisean an comhfhreagraí daonlathais domhanda le SWISwissinfo.ch., seirbhís idirnáisiúnta an Swiss Broadcasting Company. Tá sé ina thráchtaire ar Thuaisceart na hEorpa le raidió agus teilifís phoiblí na hEilvéise. Tá Bruno Kaufmann ar dhuine de chomhbhunaitheoirí eagraíochtaí tacaíochta daonlathais éagsúla. Ina measc sin tá Institiúid an Tionscnaimh agus an Reifrinn, Democracy International agus an Fóram Domhanda maidir leis an Daonlathas Díreach Comhaimseartha. Tá sé ina chomhalta ar bhord cuid de na heagraíochtaí sin chomh maith. Eisean is stiúrthóir ar an gcomhoibriú idirnáisiúnta le Fondúireacht Daonlathais na hEilvéise.

Bhailigh níos mó ná 100 duine óg ón Aontas Eorpach, ó thíortha is iarrthóirí agus ón Ríocht Aontaithe le chéile ar son Leatsa an Eoraip, Abair leat! (YEYS), lena gcuid físeanna agus moltaí i dtaca le todhchaí an Aontais Eorpaigh a roinnt. Agus toghcháin an Aontais ag teannadh linn, tugann YEYS 2024 tús áite don chomhrac i gcoinne an díscoir agus do rannpháirtíocht na hóige a chur chun cinn.

Bhailigh níos mó ná 100 duine óg ón Aontas Eorpach, ó thíortha is iarrthóirí agus ón Ríocht Aontaithe le chéile ar son Leatsa an Eoraip, Abair leat! (YEYS), lena gcuid físeanna agus moltaí i dtaca le todhchaí an Aontais Eorpaigh a roinnt. Agus toghcháin an Aontais ag teannadh linn, tugann YEYS 2024 tús áite don chomhrac i gcoinne an díscoir agus do rannpháirtíocht na hóige a chur chun cinn.

Príomh-mholtaí:

  1. cuóta don aos óg a thabhairt isteach do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa;
  2. treoir a achtú lena bhforáiltear go n-urramófar cearta an duine agus caighdeáin chomhshaoil i slabhraí soláthair agus in oibríochtaí corparáideacha;
  3. creat dlíthiúil a bhunú do na meáin shóisialta chun an polarú agus an bhréagaisnéis a chomhrac;
  4. straitéis chaighdeánaithe a fhorbairt maidir le cearta gnéis agus atáirgthe;
  5. treoirlínte speisialta cánachais a chur chun feidhme maidir le hearraí a dhéanann dochar don aeráid, agus na fáltais a úsáid chun tionscnaimh atá neamhdhíobhálach don aeráid a mhaoiniú.

Tabharfar na moltaí sin d’institiúidí agus do lucht ceaptha beartas an Aontais agus cuirfidh siad le torthaí Sheachtain na Sochaí Sibhialta agus leis an rún ó CESE maidir leis na toghcháin Eorpacha atá ar na bacáin.(gb)

Is iomaí údar gearáin atá ann a mhéid a bhaineann leis an daonlathas go ginearálta, agus maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh go háirithe.

Is iomaí údar gearáin atá ann a mhéid a bhaineann leis an daonlathas go ginearálta, agus maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh go háirithe.

De réir na tuarascála is déanaí de chuid ‘World Democracy Report’ a chuir an institiúid ‘Varieties of Democracy’ i láthair an 7 Márta, tháinig meath ar an gcéatadán daoine atá ina gcónaí i ndaonlathas i gcomparáid leis an staid a bhí ann 40 bliain ó shin. Cé go bhfuil níos mó daoine ná riamh ar fud an domhain i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghcháin i mbliana, tá roinnt mhaith de na tíortha sin a bhfuil toghcháin á reáchtáil acu ag éirí níos uathlathaí.

Fuarthas gearáin freisin ag an gcéad eagrán de Sheachtain na Sochaí Sibhialta a reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa go luath i mí an Mhárta. Bhain na gearáin sin leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh, togra atá ar an gcéad uirlis dhaonlathach dhíreach trasteorann ar domhan. I measc an aiseolais dhiúltaigh a fuarthas ó gheallsealbhóirí na sochaí sibhialta, na meán, an luchta acadúil agus riarachán an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh faoin tionscnamh, dúradh go bhfuil sé róchasta, nach bhfuil sé tarraingteach, nach bhfuil aon mhuinín i gceist leis, nach bhfuil sé éifeachtúil agus gur beag an cháil atá air.

Ar an drochuair, cé go raibh na measúnuithe sin an-cháinteach ar fad, mheas mé go raibh siad i gceart. Mar sin féin, sílim go raibh daoine ró-chúramach agus ró-mheasartha sa tuairim a chuir siad in iúl. Ba cheart go mbeadh an daonlathas i bhfeidhm fud fad an domhain. Más mian linn é sin a bhaint amach, ní mór dúinn, mar shaoránaigh agus mar vótálaithe incháilithe atá ag maireachtáil ar an domhan sa lá atá inniu ann, féachaint le níos mó a bhaint amach ná an staid reatha. 

Is éard atá i gceist leis sin níos mó a dhéanamh ná a bheith ag troid in aghaidh na heagla, in aghaidh deachtóirí an lae inniu agus in aghaidh na ndreamanna cladhartha a leanann iad. Ní mór céimeanna i bhfad níos mó a thabhairt chun cinn. Bheadh tuilleadh forbartha ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ina chéim chun cinn chuige sin.

Ach, cad atá le déanamh againn anseo leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh? Tá trí rud le déanamh againn. Ní raibh rud ann riamh a bhí ina cheart, ina ionstraim agus ina uirlis ag an am céanna san Aontas ná áit eile ar domhan. Is casta agus cuimsitheach an dearadh a ghabhann leis an tionscnamh agus é digiteach, daonlathach agus trasnáisiúnta ar bhealach díreach, tá bonneagar tacúil leis agus úsáidtear i gceart é. 

Ó 2012, tá an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh cruthaithe againn, tháinig sé isteach, rinneamar cleachtadh air agus chuireamar feabhas air freisin. Léirítear leis an méid sin gur féidir an spás daonlathach a leathnú agus a chomhdhlúthú i gcúinsí an-deacra ar fad.

An bhliain seo chugainn, agus é 13 bliana ar an bhfód, tá an tréimhse seo cosúil le páiste millte atá ag teacht in inmhe chun bheith ina dhéagóir ceanndána a nochtfaidh a chuid acmhainneachta don Eoraip agus don domhan. Agus is éard atá uainn ach go ndéanfaí meon láidir na náisiúnstát agus struchtúir mhaorlaithe an Aontais Eorpaigh a athbheochan leis an acmhainneact úr láidir sin. 

Bímis soiléir - ní theastaíonn uainn an nuálaíocht leanúnach gan staonadh a bhaineann le foirmeacha daonlathacha a bheith ann ag an am céanna, rud a dhéantar go minic ar mhaithe leis an nuálaíocht. Seachas sin, ní mór dúinn ár gcuid ama agus ár ndúthracht uile a chaitheamh ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh le cinntiú go mbeidh sé ann le haghaidh 16 nó 18 mbliana ar a laghad ag deireadh na ndeich mbliana seo.  

Cad is brí leis sin? Ní mór dhá athrú thábhachtacha a dhéanamh faoi 2028 nó faoi 2030. Ar an gcéad dul síos, na cumhachtaí a bhaineann leis an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh chun clár oibre a leagan síos, ní mór go mbeadh na cumhachtaí sin ar comhchéim leis na cumhachtaí atá ag Parlaimint na hEorpa. I mbeagán focal, ba cheart go mbeadh muintir na hEorpa in ann reachtaíocht agus gníomhaíochtaí rialtais eile a mholadh díreach mar is féidir le Feisirí tofa Pharlaimint na hEorpa.

Ar an dara dul síos, faoi dheireadh na ndeich mbliana seo ba cheart go mbeadh saoránaigh an Aontais in ann ní hamháin reachtaíocht a thionscnamh ach vóta a chaitheamh freisin i reifrinn ar shaincheisteanna tábhachtacha ar leibhéal na hEorpa. Ní smaoineamh nua é sin go reáchtálfaí reifreann uile-Eorpach, ach is mithid dúinn an togra sin a dhéanamh i bhfírinne mar gheall ar an rath a bhí ar na luathchéimeanna agus tús an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

Más féidir an cineál sin todhchaí a thógáil timpeall an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, breathnóidh daoine siar ar an uirlis sin, agus ar an am seo, mar thréimhse inar chruthaigh ceann de na héachtaí daonlathacha is iontacha a baineadh amach ó tháinig an ceart vótála do chách sa saol sa 20ú haois agus ó cuireadh comhionannas na gceart vótála i réim.

Tionscadal na Slóvaice: Crazy? So What! á reáchtáil ag an eagraíocht Integra, tionscadal a thugann na mic léinn óga le chéile mar aon le daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu. Lá teagaisc ó mhaidin go hiarnóin ionas go bhféadfaidh na daltaí foghlaim as a dtaithí féin cad is géarchéim mheabhairshláinte ann, conas is féidir a shárú, agus conas is féidir cabhair a fháil. Is éard a dúirt stiúrthóir Integra linn, Jana Hurova, gur cúnamh atá sa tionscadal leis an stiogma faoi chúrsaí meabhairshláinte a leigheas agus le léas dóchais a thabhairt do dhaoine óga, rud atá an-luachmhar.

Tionscadal na Slóvaice: Crazy? So What? atá á reáchtáil ag an eagraíocht Integra, tionscadal a thugann na mic léinn óga le chéile agus daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu. Lá teagaisc ó mhaidin go hiarnóin ionas go bhféadfaidh na daltaí foghlaim as a dtaithí féin cad is géarchéim mheabhairshláinte ann, conas is féidir a shárú, agus conas is féidir cabhair a fháil. Is éard a dúirt stiúrthóir Integra linn, Jana Hurova, gur cúnamh atá sa tionscadal leis an stiogma a leigheas faoi dhaoine atá ag streachailt le meabhairshláinte agus le léas dóchais a thabhairt do na daoine óga, rud atá an-luachmhar.

Cad ba spreagadh duit féin chun tús a chur le do thionscadal/tionscnamh?

Le fada anuas, tá an eagraíocht s’againne ag tacú le daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu. De dheasca an tinnis, b’éigean do chuid díobh éirí as a bpost nó an teach a ligean uathu. Tá daoine eile ann ar séanadh cumann na gcarad orthu, agus daoine eile fós ar chlis saol an teaghlaigh orthu. Tá a saol ina chíor thuathail orthu. Tá sé beagnach 30 bliain ó bhunaíomar na chéad seirbhísí meabhairshláinte pobail sa tSlóvaic. Is éard ab aidhm dóibh a chinntiú go bhféadfadh daoine mar sin tacaíocht a fháil tar éis dóibh a bheith ar othras sa ospidéal síciatrach agus filleadh ar an saol a bhí acu sular tháinig an tinneas orthu. Thugamar tacaíocht d’eascairt eagraíochtaí na n-othar sa tSlóvaic, agus chuireamar cláir éagsúla ar bun chun dístiogmatú a dhéanamh ar chúrsaí meabhairghalair. Tá daoine faoi chúram againn a bhfuil fadhbanna móra meabhairshláinte acu, an scitsifréine go háirithe. Ach tá ag éirí le go leor díobh áit a dhéanamh dóibh féin i measc na ndaoine arís agus a saol a thabhairt chun fiúntais athuair.

Is gan beann ar na modhanna traidisiúnta atáimid ag déanamh ár gcuid oibre ón gcéad lá. Is i gcomhpháirtíocht leis an gcliant a théimid i mbun an chúraim ós ar an dul sin is fearr a éiríonn linn a gcuid riachtanas a aithint. Sin é an cur chuige atá i bhfeidhm i gcás an chláir Crazy? So What! A bhuíochas le comhluadar na n-óg, is iomaí cliant dár gcuid a cuireadh ar a threoir arís. Ba chúnamh dóibh a dtaithí féin ar an saol. Ba chúnamh dóibh da réir labhairt faoi rudaí nach raibh ar fáil dóibh féin nuair a bhí siad óg, sin agus labhairt ar gach ba chúis leis na fadhbanna meabhairshláinte a bhí acu ina dhiaidh sin.

Dar linn gur ag dul i bpráinn atá an scéal: is gá béim a chur ar an tábhacht atá leis an meabhairshláinte. Is mór an neartú do dhuine a bheith ar an eolas faoi conas géarchéim phearsanta a bhainistiú.

Thosaigh muid clár Crazy? So What! sa tSlóvaic in 2005 i bpáirt le daoine eile ón nGearmáin agus ón tSeicia. Mar sin féin, níor éirigh linn bonn daingean a chur faoin gclár ach le déanaí agus is le déanaí dá réir atá fás agus forbairt ar an gclár. Oileadh sinn inár dtraenálaithe, bímid ag oiliúint foirne nua, agus tugaimid cuairt ar scoileanna nua.

Cén glacadh a bhí leis an tionscadal? An bhfuair sibh aiseolas ó na daoine ar thug sibh cúnamh dóibh?  (Sampla anseo má tá sampla ann)

Is rud é a théann i gcion ar dhaoine óga aithne a chur ar dhuine a bhfuil géarchéim mheabhairshláinte sáraithe aige, duine a bhféadfaí ceist ar bith a chur air, cuma céard é féin. Léiríonn sé dóibh go mbeadh cabhair ar fáil i dtólamh dá mbeadh fadhbanna acu féin. Ós lá iomlán teagaisc atá ann, agus an chumarsáid go deas cothrom idir na rannpháirtithe, is é an dearcadh dearfach a bhíonn acu nuair a bhíonn an focal scoir ráite.

Daoine a bhfuil taithí phearsanta acu ar fhadhbanna meabhairshláinte, is maith a éiríonn leo misneach a chur sna daoine óga le réiteach a fháil ar a gcuid fadhbanna féin. Is beag rang gan dalta a bhfuil fadhb dá chuid féin aige. Is mór an chomaoin orthu léas dóchais a thabhairt dóibh. Daoine a raibh tinneas orthu féin, is ardú meanman dóibh a scéal féin a insint. Fúthu féin ansin beagán nó mórán a rá de réir mar is mian leo a gcroí a nochtadh do na daltaí. Fágann sin go mbíonn meas acu orthu féin agus is sásamh dóibh daoine eile a bheith báúíl leo.

Is iomaí dalta a dúirt gur annamh deis acu bualadh le daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu. Is iomaí duine díóbh a dúirt gur cheart foghlaim conas glacadh le daoine den chineál sin agus gan iad a cháineadh faoi a bheith difriúil.

Fuaireamar aiseolas freisin ó dhaoine a bhfuil baint acu leis an gclár, daoine a bhfuil taithí phearsanta acu ar fhadhbanna meabhairshláinte. Arsa duine amháin linn:

Tá misneach agam arís mar gheall ar an gclár seo. Is fada liom go mbeidh beocht ionam arís! Obair chrua labhairt leis na daltaí. Ach bíonn an-toradh uirthi. Tá dearcadh an-oscailte acu ar an saol, agus ní chuireann an caidreamh sóisialta scáth ná faitíos orthu. Is éard is iontaí dar liom féin sinn a bheith níos cosúla le chéile ná a shílfeá. Is íomhá bhréige atá san aistíl. Is iontach an rud gur féidir liom cuidiú le daoine eile labhairt go hoscailte ar deireadh faoi fhadhbanna meabhairshláinte. Ní cúis náire é. Ní rud le ceilt é. ’

Is na daoine óga a bhíonn dár ngríosadh. Nuair atá an lá istigh, cloisfidh tú ag caint iad faoin tábhacht atá le clár Crazy? So What! Ar mhaithe leis an aos óg atá an clár. Ba cheart a choinneáil ar bun ionas nach mbeidh duine óg ar bith sa tSlóvaic gan tuiscint ar an luach atá le sláinte a mheabhrach agus a aigne féin.

An bhfuil tionscadail eile á bpleanáil agaibh?

Ba mhaith linn go mbeadh deis ag gach duine óg an cineál oideachais seo a fháil ionas gur féidir linn an clár a leathnú a thuilleadh i réigiúin eile sa tSlóvaic. Is clár é a bhí ar fáil cheana sa Ghearmáin (áit ar bunaíodh é), sa tSlóvaic, sa tSeicia agus san Ostair. I mbliana, chuireamar oiliúint ar na chéad fhoirne san Úcráin freisin.

I do thuairim féin, cé chomh tábhachtach atá sé labhairt go hoscailte faoi fhadhbanna meabhairshláinte? Cén teachtaireacht atá á cur in iúl agat trí bhíthin an tionscadail?

Is mian linn an scéal a scaipeadh nach cúis náire fadhbanna meabhairshláinte a bheith ann. Is éard ba chúis náire, áfach, gan faic a dhéanamh chun ár sláinte féin a chur chun cinn. Óir ní sláinte go meabhairshláinte.

Seo é is bunsmaoineamh don chlár Crazy? So What! Aird a tharraingt in am trátha ar thábhacht na meabhairshláinte, agus tuiscint a chothú san am céanna ar dhaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu.

Is éard a thuigeamar de bharr na hoibre gur fearr cosc ná cóireáil. Is fearr sin agus is éifeachtaí é dá réir. Cuirimid misneach sna daoine agus tugaimid spreagadh dóibh. Bímid dearfach dóchasach i gcónaí. Bíonn cúnamh ann ach a iarraidh. Ní bheadh uait ach duine a d’éistfeadh le do scéal. Ní gan dua a bhíonn fíorú na mbrionglóidí ann, ach ní dua in aisce a bhíonn ann.

Is olc an léiriú a thugann na fíricí agus na figiúirí ar an meabhairshláinte san Aontas agus is mithid beart a dhéanamh dá réir. Molann CESE bearta láidre a dhéanamh chun an mheabhairshláinte a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach araon. Tá éileamh déanta aige freisin ar reachtaíocht cheangailteach a chuirfeadh cosc ar bhagairtí síceasóisialta san áit oibre. Le Duais Mheabhairshláinte na Sochaí Sibhialta, tugann CESE aitheantas d’iarrachtaí leanúnacha na sochaí sibhialta feabhas a chur ar fholláine an phobail.

Is olc an léiriú a thugann na fíricí agus na figiúirí ar an meabhairshláinte san Aontas agus is mithid beart a dhéanamh dá réir. Molann CESE bearta láidre a dhéanamh chun an mheabhairshláinte a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach araon. Tá éileamh déanta aige freisin ar reachtaíocht cheangailteach a chuirfeadh cosc ar bhagairtí síceasóisialta san áit oibre. Le Duais Mheabhairshláinte na Sochaí Sibhialta, tugann CESE aitheantas d’iarrachtaí leanúnacha na sochaí sibhialta feabhas a chur ar fholláine an phobail.

  1. Bheartaigh CESE ar dhuais mheabhairshláinte a dhéanamh den duais is mó cáil atá aige i bhfianaise na dtuairiscí a tháinig chun cinn tar éis phaindéim COVID-19 go raibh méadú tobann tagtha ar an neamhord meabhrach, mar an imní agus an lionn dubh, ar fud na hEorpa. De réir na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, an sciar sin den phobal óg a bhfuil comharthaí na himní orthu, tá os cionn a dhá oiread ann anois i gcuid de thíortha na hEorpa. Is óige freisin, tar éis na paindéime, an aois ag a dtosaíonn an neamhord itheacháin, go háirithe i measc na ndéagóirí. Sular tháinig COVID-19 ar an bhfód, fiú, bhí ar a laghad 84 mhilliún duine san Aontas – thart ar dhuine as gach seisear – a bhí thíos le fadhbanna meabhairshláinte.
  2. Meastar gurb iad an mheabhairshláinte agus an mhínormáltacht iompraíochta is cúis le tuairim is 4 % de na básanna bliantúla san Aontas. Bíonn tionchar ollmhór ag an droch-mheabhairshláinte ar chúrsaí eacnamaíocha freisin, ós ionann na costais dhíreacha agus indíreacha lena mbaineann agus thart ar 4 % den olltáirgeacht intíre. An tríú cuid de na costais sin, is rátaí ísle fostaíochta agus titim sa táirgiúlacht ag an obair is cúis léi.
  3. In 2020, i measc na ndaoine san Aontas a bhí 15-64 bliana d’aois agus a raibh post acu, deir Eurostat go raibh 44.6 % acu ag dul i ngleic le bagairtí ar an meabhairshláinte mar chuid den obair. Is iad na cúiseanna is mó leis sin an t-ualach rómhór oibre agus an brú ama, rudaí a luaigh beagnach an cúigiú cuid de na daoine a raibh post acu san Aontas an bhliain sin.
  4. Tá an mheabhairshláinte anois ag barr an chláir oibre pholaitiúil san Aontas. Dá thoradh sin, rinne an Coimisiún cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte a ghlacadh i mí an Mheithimh 2023. Tá EUR 1.23 billiún de mhaoiniúchán an Aontais taobh thiar den chur chuige nua sin arb é is aidhm leis an mheabhairshláinte a chur chun cinn i mbeartais uile na hEorpa. Leagtar béim ann ar thrí bhunphrionsabal: an cosc leordhóthanach éifeachtach; an rochtain ar chúram agus cóir leighis ardcháilíochta inacmhainne; agus an t-ath-imeascadh sa tsochaí tar éis an téarnaimh. Tá an mheabhairshláinte ina tosaíocht pholaitiúil ag CESE freisin, rud a chuirtear ag croílár a chuid oibre.
  5. Fuair CESE 105 iarratas a tháinig ó gach cearn den Aontas agus a bhain le réimse leathan ábhar, ina measc siúd: tionscadail chun cosc a chur ar bhagairtí síceasóisialta san áit oibre nó chun dul i ngleic le fadhbanna mar an mí-úsáid substaintí agus an chibearandúil agus tionscadail a chuireann i gcoinne na náire a ghabhann leis an meabhairshláinte agus a chuireann chun cinn an cúnamh faoi stiúir an phobail. Tríd an onóir seo a bhronnadh agus an aird a tharraingt ar iarrachtaí ríthábhachtacha na ngníomhaithe neamhrialtasacha, tá súil ag CESE go spreagfar a thuilleadh daoine fós chun gnímh. (sg)

Tugann Duais na Sochaí Sibhialta de chuid CESE aitheantas do thionscadail neamhbhrabúsacha arna gcur chun feidhme ag daoine aonair, ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag cuideachtaí. Roghnaítear téama éagsúil gach bliain, téama a chumhdaíonn réimse tábhachtach d’obair CESE. Is é an charthanacht Éireannach Third Age Foundation agus an líonra rannpháirtíochta sóisialta lena mbaineann AgeWell, líonra a thugann faoin uaigneas sa tseanaois, buaiteoir an 14ú Duais don tSochaí Shibhialta atá tiomanta don mheabhairshláinte.

Tugann Duais na Sochaí Sibhialta de chuid CESE aitheantas do thionscadail neamhbhrabúsacha arna gcur chun feidhme ag daoine aonair, ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag cuideachtaí. Roghnaítear téama éagsúil gach bliain, téama a chumhdaíonn réimse tábhachtach d’obair CESE. Is é an charthanacht ÉireannachThird Age Foundation agus an líonra rannpháirtíochta sóisialta lena mbaineann AgeWell, líonra a thugann faoin uaigneas sa tseanaois, buaiteoir an 14ú Duais don tSochaí Shibhialta atá tiomanta don mheabhairshláinte.

An 7 Márta, thug Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) aitheantas do chúig eagraíocht neamhbhrabúsacha as an sárobair a rinne siad sa chomhrac i gcoinne neamhoird mheabhairshláinte a bhfuil méadú as cuimse tagtha orthu san Aontas.

Roinneadh duais EUR 50 000 idir na cúig thionscadal a bhuaigh an comórtas.

Is í an charthanacht Éireannach Third Age Foundation a bhuaigh an chéad duais de EUR 14 000.

Fuair an ceithre ghrúpa eile duais EUR 9 000 an ghrúpa agus iad rangaithe mar a leanas:

BUAITEOIR NA CHÉAD DUAISE

Lena líonra rannpháirtíochta sóisialta AgeWell, cabhraíonn an charthanacht Éireannach Third Age Foundation le daoine scothaosta atá scoite amach, lag agus leochaileach. Mar chuid den tseirbhís uathúil phobalbhunaithe seo, tacaíonn daoine os cionn 50 le daoine scothaosta atá i mbaol agus a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu. Trí úsáid a bhaint as meascán de chuairteanna baile agus ceistneoir ar an bhfón cliste bunaithe ar an meabhairshláinte, cuireann AgeWell comhluadar agus tacaíocht mhothúchánach ar fáil agus sainaithnítear rioscaí sláinte go luath.

NA TIONSCADAIL BHUAITEACHA EILE

Tháinig cumann Pro Lapinlahti na Fionlainne agus a lárionad pobail Lapinlahden Lähde nó ‘Earrach Lapinlahti’ sa dara háit. Is ionad é seo a tógadh trí athchóiriú a dhéanamh ar Ospidéal Lapinlahti Heilsincí, agus eagraíonn siad ceardlanna agus imeachtaí éagsúla a bhaineann leis an litearthacht mheabhairshláinte, agus tagann 50 000 cuairteoir gach bliain. Tá sé dearbhaithe acu san ionad gur áit saor ó dhiagnóis é; ní chuirtear lipéad ar dhuine ar bith, rud a chuireann cumhachtú ar fáil in ionad atharthachta.

An eagraíocht Shlóvacach Integra a tháinig sa tríú háit leis an tionscnamh ‘Crazy’? So what! a dhéanann neamhaird de steiréitíopaí trí thuiscint atruach ar an meabhairshláinte a chur chun cinn i measc daoine óga. Tugann sé léargas pearsanta ar a bhfuil i gceist le droch-mheabhairshláinte agus leis an mbóthar i dtreo téarnaimh.

Tá buaiteoir an cheathrú duais, Fondúireacht Lilinkoti na Fionlainne, ar mhisean chun tacú leis an meabhairshláinte lena cluichí nuálacha cruthaitheacha ar a dtugtar The World of Recovery. Trí bhíthin na gcluichí, cuirtear téarnamh meabhairshláinte chun cinn trí spriocanna a spreagann féiníomhá shláintiúil, neamhspleáchas pearsanta agus saol gníomhach agus fiúntach. Cé gur cluiche neamhfhoréigneach a imrítear ar fhóin é an chéad cheann, is cluiche cláir ról-imeartha é an dara ceann a bhfuil duaiseanna buaite aige. Díríonn siad ar dhaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu, ar dhaoine atá ag teacht chucu féin tar éis mí-úsáid substaintí, agus ar ghairmithe, agus is féidir iad a úsáid saor in aisce.

Sa chúigiú háit, tháinig an tionscadal Telling Stories for Good de chuid eagraíocht neamhbhrabúsach na hIodáile Animenta. Mar chuid den tionscadal sin, tá scéalta steiréitipiciúla maidir le neamhoird itheacháin á athscríobh, neamhoird a bhfuil tionchar acu ar níos mó ná ceithre mhilliún duine san Iodáil amháin, ar déagóirí iad dhá mhilliún díobh. Is ar líne agus i scoileanna ar fud na hIodáile a dhéanann na gairmithe deonacha na cláir choisc agus ardaithe feasachta a chur i láthair.

Sheol CESE duais na bliana seo i mí Iúil 2023. Tríd an duais a thiomnú don mheabhairshláinte, theastaigh ó CESE aitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach atá ag an tsochaí shibhialta i gcóireáil agus i gcosc na meabhairshláinte. Roghnaíodh na buaiteoirí as breis agus 100 iarratas ó 23 Bhallstát.

Tiomnaíodh an duais san am atá caite d’ábhair éagsúla, ina measc an óige agus cabhair don Úcráin, gníomhú ar son na haeráide, comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus an imirce. In 2020, in ionad Dhuais na Sochaí Sibhialta, sheol CESE Duais na Dlúthpháirtíochta Sibhialta, ar duais aonuaire é a bhí tiomnaithe don chomhrac i gcoinne COVID-19. (ll)