European Economic
and Social Committee
Duais na Sochaí Sibhialta de chuid CESE atá tiomanta don mheabhairshláinte buaite ag Third Age Foundation na hÉireann
Tugann Duais na Sochaí Sibhialta de chuid CESE aitheantas do thionscadail neamhbhrabúsacha arna gcur chun feidhme ag daoine aonair, ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag cuideachtaí. Roghnaítear téama éagsúil gach bliain, téama a chumhdaíonn réimse tábhachtach d’obair CESE. Is é an charthanacht ÉireannachThird Age Foundation agus an líonra rannpháirtíochta sóisialta lena mbaineann AgeWell, líonra a thugann faoin uaigneas sa tseanaois, buaiteoir an 14ú Duais don tSochaí Shibhialta atá tiomanta don mheabhairshláinte.
An 7 Márta, thug Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) aitheantas do chúig eagraíocht neamhbhrabúsacha as an sárobair a rinne siad sa chomhrac i gcoinne neamhoird mheabhairshláinte a bhfuil méadú as cuimse tagtha orthu san Aontas.
Roinneadh duais EUR 50 000 idir na cúig thionscadal a bhuaigh an comórtas.
Is í an charthanacht Éireannach Third Age Foundation a bhuaigh an chéad duais de EUR 14 000.
Fuair an ceithre ghrúpa eile duais EUR 9 000 an ghrúpa agus iad rangaithe mar a leanas:
- Sa dara háit: cumann Pro Lapinlahti na Fionlainne dá ionad pobail Lapinlahden Lähde
- Sa tríú háit: Integra na Slóvaice dá thionscnamh Crazy? So what!
- Sa cheathrú háit: Fondúireacht Lilinkoti na Fionlainne dá cluichí The World of Games
- Sa chúigiú háit: Eagraíocht Animenta na hIodáile dá tionscadal Telling Stories for Good
BUAITEOIR NA CHÉAD DUAISE
Lena líonra rannpháirtíochta sóisialta AgeWell, cabhraíonn an charthanacht Éireannach Third Age Foundation le daoine scothaosta atá scoite amach, lag agus leochaileach. Mar chuid den tseirbhís uathúil phobalbhunaithe seo, tacaíonn daoine os cionn 50 le daoine scothaosta atá i mbaol agus a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu. Trí úsáid a bhaint as meascán de chuairteanna baile agus ceistneoir ar an bhfón cliste bunaithe ar an meabhairshláinte, cuireann AgeWell comhluadar agus tacaíocht mhothúchánach ar fáil agus sainaithnítear rioscaí sláinte go luath.
NA TIONSCADAIL BHUAITEACHA EILE
Tháinig cumann Pro Lapinlahti na Fionlainne agus a lárionad pobail Lapinlahden Lähde nó ‘Earrach Lapinlahti’ sa dara háit. Is ionad é seo a tógadh trí athchóiriú a dhéanamh ar Ospidéal Lapinlahti Heilsincí, agus eagraíonn siad ceardlanna agus imeachtaí éagsúla a bhaineann leis an litearthacht mheabhairshláinte, agus tagann 50 000 cuairteoir gach bliain. Tá sé dearbhaithe acu san ionad gur áit saor ó dhiagnóis é; ní chuirtear lipéad ar dhuine ar bith, rud a chuireann cumhachtú ar fáil in ionad atharthachta.
An eagraíocht Shlóvacach Integra a tháinig sa tríú háit leis an tionscnamh ‘Crazy’? So what! a dhéanann neamhaird de steiréitíopaí trí thuiscint atruach ar an meabhairshláinte a chur chun cinn i measc daoine óga. Tugann sé léargas pearsanta ar a bhfuil i gceist le droch-mheabhairshláinte agus leis an mbóthar i dtreo téarnaimh.
Tá buaiteoir an cheathrú duais, Fondúireacht Lilinkoti na Fionlainne, ar mhisean chun tacú leis an meabhairshláinte lena cluichí nuálacha cruthaitheacha ar a dtugtar The World of Recovery. Trí bhíthin na gcluichí, cuirtear téarnamh meabhairshláinte chun cinn trí spriocanna a spreagann féiníomhá shláintiúil, neamhspleáchas pearsanta agus saol gníomhach agus fiúntach. Cé gur cluiche neamhfhoréigneach a imrítear ar fhóin é an chéad cheann, is cluiche cláir ról-imeartha é an dara ceann a bhfuil duaiseanna buaite aige. Díríonn siad ar dhaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu, ar dhaoine atá ag teacht chucu féin tar éis mí-úsáid substaintí, agus ar ghairmithe, agus is féidir iad a úsáid saor in aisce.
Sa chúigiú háit, tháinig an tionscadal Telling Stories for Good de chuid eagraíocht neamhbhrabúsach na hIodáile Animenta. Mar chuid den tionscadal sin, tá scéalta steiréitipiciúla maidir le neamhoird itheacháin á athscríobh, neamhoird a bhfuil tionchar acu ar níos mó ná ceithre mhilliún duine san Iodáil amháin, ar déagóirí iad dhá mhilliún díobh. Is ar líne agus i scoileanna ar fud na hIodáile a dhéanann na gairmithe deonacha na cláir choisc agus ardaithe feasachta a chur i láthair.
Sheol CESE duais na bliana seo i mí Iúil 2023. Tríd an duais a thiomnú don mheabhairshláinte, theastaigh ó CESE aitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach atá ag an tsochaí shibhialta i gcóireáil agus i gcosc na meabhairshláinte. Roghnaíodh na buaiteoirí as breis agus 100 iarratas ó 23 Bhallstát.
Tiomnaíodh an duais san am atá caite d’ábhair éagsúla, ina measc an óige agus cabhair don Úcráin, gníomhú ar son na haeráide, comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus an imirce. In 2020, in ionad Dhuais na Sochaí Sibhialta, sheol CESE Duais na Dlúthpháirtíochta Sibhialta, ar duais aonuaire é a bhí tiomnaithe don chomhrac i gcoinne COVID-19. (ll)