European Economic
and Social Committee
Ní bheadh uait ach duine a d’éistfeadh le do scéal
Tionscadal na Slóvaice: Crazy? So What? atá á reáchtáil ag an eagraíocht Integra, tionscadal a thugann na mic léinn óga le chéile agus daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu. Lá teagaisc ó mhaidin go hiarnóin ionas go bhféadfaidh na daltaí foghlaim as a dtaithí féin cad is géarchéim mheabhairshláinte ann, conas is féidir a shárú, agus conas is féidir cabhair a fháil. Is éard a dúirt stiúrthóir Integra linn, Jana Hurova, gur cúnamh atá sa tionscadal leis an stiogma a leigheas faoi dhaoine atá ag streachailt le meabhairshláinte agus le léas dóchais a thabhairt do na daoine óga, rud atá an-luachmhar.
Cad ba spreagadh duit féin chun tús a chur le do thionscadal/tionscnamh?
Le fada anuas, tá an eagraíocht s’againne ag tacú le daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu. De dheasca an tinnis, b’éigean do chuid díobh éirí as a bpost nó an teach a ligean uathu. Tá daoine eile ann ar séanadh cumann na gcarad orthu, agus daoine eile fós ar chlis saol an teaghlaigh orthu. Tá a saol ina chíor thuathail orthu. Tá sé beagnach 30 bliain ó bhunaíomar na chéad seirbhísí meabhairshláinte pobail sa tSlóvaic. Is éard ab aidhm dóibh a chinntiú go bhféadfadh daoine mar sin tacaíocht a fháil tar éis dóibh a bheith ar othras sa ospidéal síciatrach agus filleadh ar an saol a bhí acu sular tháinig an tinneas orthu. Thugamar tacaíocht d’eascairt eagraíochtaí na n-othar sa tSlóvaic, agus chuireamar cláir éagsúla ar bun chun dístiogmatú a dhéanamh ar chúrsaí meabhairghalair. Tá daoine faoi chúram againn a bhfuil fadhbanna móra meabhairshláinte acu, an scitsifréine go háirithe. Ach tá ag éirí le go leor díobh áit a dhéanamh dóibh féin i measc na ndaoine arís agus a saol a thabhairt chun fiúntais athuair.
Is gan beann ar na modhanna traidisiúnta atáimid ag déanamh ár gcuid oibre ón gcéad lá. Is i gcomhpháirtíocht leis an gcliant a théimid i mbun an chúraim ós ar an dul sin is fearr a éiríonn linn a gcuid riachtanas a aithint. Sin é an cur chuige atá i bhfeidhm i gcás an chláir Crazy? So What! A bhuíochas le comhluadar na n-óg, is iomaí cliant dár gcuid a cuireadh ar a threoir arís. Ba chúnamh dóibh a dtaithí féin ar an saol. Ba chúnamh dóibh da réir labhairt faoi rudaí nach raibh ar fáil dóibh féin nuair a bhí siad óg, sin agus labhairt ar gach ba chúis leis na fadhbanna meabhairshláinte a bhí acu ina dhiaidh sin.
Dar linn gur ag dul i bpráinn atá an scéal: is gá béim a chur ar an tábhacht atá leis an meabhairshláinte. Is mór an neartú do dhuine a bheith ar an eolas faoi conas géarchéim phearsanta a bhainistiú.
Thosaigh muid clár Crazy? So What! sa tSlóvaic in 2005 i bpáirt le daoine eile ón nGearmáin agus ón tSeicia. Mar sin féin, níor éirigh linn bonn daingean a chur faoin gclár ach le déanaí agus is le déanaí dá réir atá fás agus forbairt ar an gclár. Oileadh sinn inár dtraenálaithe, bímid ag oiliúint foirne nua, agus tugaimid cuairt ar scoileanna nua.
Cén glacadh a bhí leis an tionscadal? An bhfuair sibh aiseolas ó na daoine ar thug sibh cúnamh dóibh? (Sampla anseo má tá sampla ann)
Is rud é a théann i gcion ar dhaoine óga aithne a chur ar dhuine a bhfuil géarchéim mheabhairshláinte sáraithe aige, duine a bhféadfaí ceist ar bith a chur air, cuma céard é féin. Léiríonn sé dóibh go mbeadh cabhair ar fáil i dtólamh dá mbeadh fadhbanna acu féin. Ós lá iomlán teagaisc atá ann, agus an chumarsáid go deas cothrom idir na rannpháirtithe, is é an dearcadh dearfach a bhíonn acu nuair a bhíonn an focal scoir ráite.
Daoine a bhfuil taithí phearsanta acu ar fhadhbanna meabhairshláinte, is maith a éiríonn leo misneach a chur sna daoine óga le réiteach a fháil ar a gcuid fadhbanna féin. Is beag rang gan dalta a bhfuil fadhb dá chuid féin aige. Is mór an chomaoin orthu léas dóchais a thabhairt dóibh. Daoine a raibh tinneas orthu féin, is ardú meanman dóibh a scéal féin a insint. Fúthu féin ansin beagán nó mórán a rá de réir mar is mian leo a gcroí a nochtadh do na daltaí. Fágann sin go mbíonn meas acu orthu féin agus is sásamh dóibh daoine eile a bheith báúíl leo.
Is iomaí dalta a dúirt gur annamh deis acu bualadh le daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu. Is iomaí duine díóbh a dúirt gur cheart foghlaim conas glacadh le daoine den chineál sin agus gan iad a cháineadh faoi a bheith difriúil.
Fuaireamar aiseolas freisin ó dhaoine a bhfuil baint acu leis an gclár, daoine a bhfuil taithí phearsanta acu ar fhadhbanna meabhairshláinte. Arsa duine amháin linn:
Tá misneach agam arís mar gheall ar an gclár seo. Is fada liom go mbeidh beocht ionam arís! Obair chrua labhairt leis na daltaí. Ach bíonn an-toradh uirthi. Tá dearcadh an-oscailte acu ar an saol, agus ní chuireann an caidreamh sóisialta scáth ná faitíos orthu. Is éard is iontaí dar liom féin sinn a bheith níos cosúla le chéile ná a shílfeá. Is íomhá bhréige atá san aistíl. Is iontach an rud gur féidir liom cuidiú le daoine eile labhairt go hoscailte ar deireadh faoi fhadhbanna meabhairshláinte. Ní cúis náire é. Ní rud le ceilt é. ’
Is na daoine óga a bhíonn dár ngríosadh. Nuair atá an lá istigh, cloisfidh tú ag caint iad faoin tábhacht atá le clár Crazy? So What! Ar mhaithe leis an aos óg atá an clár. Ba cheart a choinneáil ar bun ionas nach mbeidh duine óg ar bith sa tSlóvaic gan tuiscint ar an luach atá le sláinte a mheabhrach agus a aigne féin.
An bhfuil tionscadail eile á bpleanáil agaibh?
Ba mhaith linn go mbeadh deis ag gach duine óg an cineál oideachais seo a fháil ionas gur féidir linn an clár a leathnú a thuilleadh i réigiúin eile sa tSlóvaic. Is clár é a bhí ar fáil cheana sa Ghearmáin (áit ar bunaíodh é), sa tSlóvaic, sa tSeicia agus san Ostair. I mbliana, chuireamar oiliúint ar na chéad fhoirne san Úcráin freisin.
I do thuairim féin, cé chomh tábhachtach atá sé labhairt go hoscailte faoi fhadhbanna meabhairshláinte? Cén teachtaireacht atá á cur in iúl agat trí bhíthin an tionscadail?
Is mian linn an scéal a scaipeadh nach cúis náire fadhbanna meabhairshláinte a bheith ann. Is éard ba chúis náire, áfach, gan faic a dhéanamh chun ár sláinte féin a chur chun cinn. Óir ní sláinte go meabhairshláinte.
Seo é is bunsmaoineamh don chlár Crazy? So What! Aird a tharraingt in am trátha ar thábhacht na meabhairshláinte, agus tuiscint a chothú san am céanna ar dhaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu.
Is éard a thuigeamar de bharr na hoibre gur fearr cosc ná cóireáil. Is fearr sin agus is éifeachtaí é dá réir. Cuirimid misneach sna daoine agus tugaimid spreagadh dóibh. Bímid dearfach dóchasach i gcónaí. Bíonn cúnamh ann ach a iarraidh. Ní bheadh uait ach duine a d’éistfeadh le do scéal. Ní gan dua a bhíonn fíorú na mbrionglóidí ann, ach ní dua in aisce a bhíonn ann.