An 20 Márta, ghlac CESE rún inar iarr sé ar shaoránaigh na hEorpa ceann dá gcearta daonlathacha a chur in úsáid agus vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha atá ag druidim linn go tapa.

An 20 Márta, ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) rún inar iarr sé ar shaoránaigh na hEorpa ceann dá gcearta daonlathacha a chur in úsáid agus vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha atá ag druidim linn go tapa.

Sa rún ó CESE, chuir sé in iúl nach bhfuil aon dabht ann ‘go raibh deacrachtaí againn le tamall anuas, ach [nach] féidir le haon duine a shéanadh go bhfuil an tsíocháin, an daonlathas, rathúnas eacnamaíoch agus an dul chun cinn sóisialta ráthaithe ag an Aontas Eorpach do na Ballstáit agus do na saoránaigh. A bhuí leis an Aontas, tá an tsaoirse againn oibriú, staidéar agus gnó a dhéanamh i dtíortha uile an Aontais.’

‘Ní hiad an náisiúnachas, an pobalachas ná réitigh aonstáit an réiteach ar an bhfadhb,’ is ea a dúirt CESE. Dar leis gurb ‘iad comhoibriú, comhar agus cóineasú an réiteach is fearr ar an bhfadhb sin,’ agus béim á leagan aige air go bhfuil dúshláin ar leith ann nach féidir le tír ar bith san Aontas aghaidh a thabhairt orthu ina haonar, an boilsciú atá ag dul i méid, cogaí, imirce nó an ghéarchéim aeráide, cuir i gcás.

Glacadh an rún ag an seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí an Mhárta tar éis díospóireacht a dhéanamh ar an ábhar ‘Dearcadh na sochaí sibhialta i dtaobh na dToghchán Eorpach in 2024’. Orthu siúd a ghlac páirt sa díospóireacht, bhí gníomhaithe ar son na sochaí sibhialta chomh maith le comhairlí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta ón bhFrainc agus ón mBulgáir.

Chuir CESE in iúl gur mian leis an líonra atá ag an gCoiste ar fud an Aontais, ina bhfuil ar a laghad 90 milliún duine, a spreagadh chun vótála leis na daoine a ndéanfaidh ionadaíocht dóibh i bParlaimint na hEorpa sna cúig bliana amach romhainn a roghnú.

Ag labhairt dó ag an seisiún iomlánach maidir leis na heagraíochtaí a ndéanann comhaltaí CESE ionadaíocht dóibh, chuir Oliver Röpke, Uachtarán CESE, in iúl go bhfuil fréamhacha seanbhunaithe ag na heagraíochtaí sin sa tsochaí shibhialta ar an leibhéal náisiúnta: ‘Tá sé ar ár gcumas dul i gcion ar an uile dhuine; tá sé ar ár gcumas tabhairt ar dhaoine vóta a chaitheamh agus is é sin is gá dúinn a dhéanamh. Is dualgas morálta orainn déanamh amhlaidh.’

Chomh maith leis sin, tá CESE agus Parlaimint na hEorpa ag obair as lámha a chéile chun cuidiú le borradh a chur faoin ráta vótála. Is gnách an ráta vótála le haghaidh na dtoghchán Eorpach a bheith i bhfad faoi bhun an ráta le haghaidh na dtoghchán náisiúnta, go háirithe i mBallstáit ar leith.

Chuir Uachtarán CESE i bhfios go láidir gur mór atá i gceist le toghcháin 2024, agus meath ag teacht ar an daonlathas ar fud an domhain agus i mBallstáit áirithe.

‘Na toghcháin seo, ní hiad fuascailt ár dtrioblóidí iad, ní leigheasfaidh siad an imní atá orainn ná ní mhaolóidh siad buairt na saoránach. Sin ráite, is bealach dlisteanach iad trínar féidir linn gach a bhfuil uainn a chur in iúl, todhchaí níos fearr a éileamh, agus iad siúd atá i gcumhacht a thabhairt chun cuntais’, arsa an tUasal Röpke.

Ba iad Christa Schweng, Cinzia del Rio agus Ioannis Vardakastanis, ar comhaltaí de chuid CESE iad agus ionadaithe thar ceann Ghrúpa na bhFostóirí, Ghrúpa na nOibrithe agus Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta, rapóirtéirí an rúin. Labhair an triúr acu d’aon ghuth ag an seisiún iomlánach agus iad ag áitiú ar mhuintir na hEorpa vóta a chaitheamh chun ionadaithe a thoghadh a sheasfaidh an fód ar son Eoraip aontaithe, dhaonlathach, inbhuanaithe agus shóisialta.

Glacfaidh CESE rún eile i mí Iúil ina ndíreofar ar éilimh na sochaí sibhialta ar an bParlaimint agus an Coimisiún nuathofa.(II)

Mar fhreagairt chomhpháirteach ar an Tionscnamh maidir le hathléimneacht i réimse an uisce a bheith curtha siar ag an gCoimisiún Eorpach, sheol ionadaithe ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), ó Mheitheal Uisce na bhFeisirí i bParlaimint na hEorpa, agus ó Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) litir oscailte chuig an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Maroš Šefčovič, inar iarr siad ar an gCoimisiún cur chuige cuimsitheach a ghlacadh i leith an uisce agus inar athdhearbhaigh siad an glao uathu go gcuirfí Comhaontú Gorm don Eoraip ar bun.

Mar fhreagairt chomhpháirteach ar an Tionscnamh maidir le hathléimneacht i réimse an uisce a bheith curtha siar ag an gCoimisiún Eorpach, sheol ionadaithe ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), ó Mheitheal Uisce na bhFeisirí i bParlaimint na hEorpa, agus ó Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) litir oscailte chuig an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Maroš Šefčovič, inar iarr siad ar an gCoimisiún cur chuige cuimsitheach a ghlacadh i leith an uisce agus inar athdhearbhaigh siad an glao uathu go gcuirfí Comhaontú Gorm don Eoraip ar bun.

Léirítear sa litir na hábhair imní chomhroinnte atá ag na hinstitiúidí sin a mhéid a bhaineann leis an Tionscnamh maidir le hathléimneacht i réimse an uisce a chur siar. Measann siad gur cúis imní é sin a léiríonn easpa tiomantais an Aontais aghaidh a thabhairt ar dhúshláin uisce na hEorpa atá ag dul i méid. Déanann na trí institiúid ionadaíocht ar shochaí shibhialta an Aontais, ar na saoránaigh agus ar na rialtais áitiúla.

Molann siad cur chuige iomlánaíoch agus comhoibríoch lena gcomhtháthaítear an t-uisce sna beartais uile chun rochtain chothrom shóisialta, mar aon le rochtain do na feirmeoirí, do na tionscail agus don bhonneagar, agus gnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil an uisce a áirithiú.

Is é is aidhm don aistriú sin dul níos faide ná an cur chuige ilroinnte atá ann cheana, agus straitéis uisce neamhspleách níos cuimsithí agus níos éifeachtaí a chothú. Leis an nglao idirinstitiúideach sin, iarrtar ar an gCoimisiún leanúint dá chuid oibre ar an Tionscnamh maidir le hathléimneacht i réimse an uisce agus príomhthosaíocht de chuid an Aontais a dhéanamh den uisce sa téarma atá le teacht (2024-2029).

Is féidir teacht ar an litir iomlán anseo.(gb)

Tionscnamh EuroHPC

Document Type
AC

D’fhonn léargas a thabhairt ar iarrachtaí na sochaí sibhialta an eipidéim fhaillí a bhaineann le neamhoird mheabhairshláinte san Aontas a shrianadh, tá bróisiúr foilsithe ag CESE ina bhfuil roinnt iontrálacha a cuireadh isteach ar Dhuais na Sochaí Sibhialta maidir le meabhairshláinte. Is féidir an bróisiúr a léamhanseo.

D’fhonn léargas a thabhairt ar iarrachtaí na sochaí sibhialta an eipidéim fhaillí a bhaineann le neamhoird mheabhairshláinte san Aontas a shrianadh, tá bróisiúr foilsithe ag CESE ina bhfuil roinnt iontrálacha a cuireadh isteach ar Dhuais na Sochaí Sibhialta maidir le meabhairshláinte. Is féidir an bróisiúr a léamhanseo.

Ón 4-7 Márta, rinne Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) Seachtain na Sochaí Sibhialta a reáchtáil den chéad uair riamh. Lena linn sin, tháinig os cionn 800 ionadaí le chéile ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus grúpaí óige chun plé a dhéanamh ar na toghcháin atá le teacht agus todhchaí an Aontais. An méid a tháinig chun cinn an tseachtain sin, beidh sé ina ábhar rúin ag CESE i mí Iúil, ceann ina leagfar amach a bhfuil an tsochaí shibhialta ag súil leis ó cheannairí nua Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin.

Ón 4-7 Márta, rinne Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) Seachtain na Sochaí Sibhialta a reáchtáil den chéad uair riamh. Lena linn sin, tháinig os cionn 800 ionadaí le chéile ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus grúpaí óige agus na toghcháin atá le teacht agus todhchaí an Aontais mar ábhar plé acu. An méid a tháinig chun cinn an tseachtain sin, beidh sé ina ábhar rúin ag CESE i mí Iúil, ceann ina leagfar amach a bhfuil an tsochaí shibhialta ag súil leis ó cheannairí nua Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin.

Bhí cúig mhórthionscnamh ag baint le Seachtain na Sochaí Sibhialta, mar atá Laethanta na Sochaí Sibhialta, Lá na dTionscnamh ó na Saoránaigh, Leatsa an Eoraip, Abair leat! (YEYS), Duais na Sochaí Sibhialta, agus Seimineár na nIriseoirí, agus ba é an méid a leanas na haidhmeanna a bhí léi:

  • a chur ar chumas na saoránach dul i ngleic leis an Aontas agus a gcearta daonlathacha a fheidhmiú;
  • bagairtí ar luachanna an daonlathais a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu, an bhréagaisnéis agus easpa spéise na vótálaithe, cuir i gcás; agus
  • moltaí de chuid na sochaí sibhialta a bhailiú lena gcur san áireamh i bpleananna an Aontais amach anseo.

Ón gcéad léargas a fuarthas ar na teachtaireachtaí a bhí ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta do cheannairí nua an Aontais, ba léir an bhéim a bhí leagtha ar an rialachas freagrúil, an beartas cuimsitheach agus an todhchaí inbhuanaithe do na hEorpaigh go léir.

An mhífhaisnéis a chomhrac

I bhfianaise na dtoghchán Eorpach atá ar na bacáin, rinne ionadaithe an aosa óig agus na n-iriseoirí a n-imní a chur in iúl faoi scaipeadh rábach na mífhaisnéise agus faoin easaontas atá ag dul in olcas ar líne, agus chuir siad i bhfáth go bhfuil gá le creata láidre dlíthiúla. D’éiligh ionadaithe na sochaí sibhialta go rachadh na rialtais, na scoileanna agus na comhlachtaí teicneolaíochta i gcomhar chun an litearthacht dhigiteach a chur chun cinn agus timpeallacht chuimsitheach lán eolais a chothú ar líne.

Geilleagar a théann chun leasa na ndaoine agus an Domhain araon

Rud eile a d’éiligh ionadaithe na sochaí sibhialta aistriú a dhéanamh ó shamhlacha atá dírithe ar an bhfás, agus air sin amháin, chuig cur chuige iomlánaíoch a thugann tús áite don fholláine, don rathúnas agus don chomhshaol le chéile. Chuige sin, bhí na heagraíochtaí óige i bhfabhar Treoir maidir leis an Inbhuanaitheacht Chorparáideach agus mhol siad cánacha ar leith a ghearradh ar earraí atá díobhálach don chomhshaol.

Leag na rannpháirtithe béim freisin ar an ról atá ag an Aontas sa chlaochlú digiteach. Iarradh ar an Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta ó thaobh eitic an Intleachta Saorga agus oideachas na saoránach de. Leis na bearta sin, táthar ag iarraidh a chinntiú gur fás freagrach an fás eacnamaíoch a dhéanfar agus a chur ar chumas na saoránach dul i ngleic leis an gcomhthéacs teicneolaíochta a bhfuil athruithe móra ag teacht air.

Cumhacht a thabhairt don aos óg

Bhí sé ina éileamh ag lucht na sochaí sibhialta an chumhacht a thabhairt don aos óg a chruth féin a chur ar thodhchaí na hEorpa. Moladh ‘tástáil na hóige’ a dhéanamh ar gach beartas Eorpach lena thionchar ar na glúnta óga a mheas. Thar aon rud eile, mhol na grúpaí óige cuótaí óige a thabhairt isteach le haghaidh thoghcháin na Parlaiminte Eorpaí d’fhonn an ionadaíocht a dhéantar dóibh a fheabhsú.

An daonlathas a neartú

Theastaigh ó na rannpháirtithe an daonlathas Eorpach a dhéanamh níos athléimní agus níos cuimsithí fós, agus leag siad béim ar thábhacht an idirphlé shibhialta struchtúrtha ar gach leibhéal den rialachas. An t-idirphlé sin, in éineacht leis an bhfothú acmhainneachta, is é is aidhm leis an tsochaí shibhialta a neartú sna tíortha is iarrthóirí, agus timpeallacht shábháilte fhabhrach a chothú le go mbeidh rath ar an tsochaí shibhialta ar fud na hEorpa.

Taobh anonn don bhosca moltaí

Maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, tháinig idir na buanna agus na laigí chun tosaigh le linn na seachtaine. Cé gur tugadh aitheantas don mhéid a baineadh amach, ba léir gur údar mór frustrachais a laghad a thugann institiúidí an Aontais aird ar an sásra. Éilíodh go dtabharfaí freagraí substainteacha ar na tionscnaimh, go gcothófaí comhpháirtíochtaí ní ba shuntasaí agus go gcuirfí le rannpháirteachas na saoránach tríd an dea-chleachtas a roinnt.

Súil chun tosaigh

Cuirfear na moltaí sin san áireamh i rún atá le teacht ó CESE, ina leagfar amach a bhfuil an tsochaí shibhialta ag súil leis ó chéad téarma eile Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisúin. (gb)

 

  • Seachtain na Sochaí Sibhialta: leag sochaí shibhialta na hEorpa an clár oibre síos le haghaidh na chéad cheannairí eile a bheidh ag an Aontas
  • Tá Duais Sochaí Sibhialta CESE don mheabhairshláinte buailte ag an gcarthanacht Éireannach ‘Third Age Foundation’
  • Christian Moos: Pacáiste Chosaint an Daonlathais – Ba cheart don Choimisiún an treoir a tharraingt siar
  • Bruno Kaufmann: An fáth a bhfuil an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh níos cinntithí ná mar a cheapfá
  • Seachtain na Sochaí Sibhialta: leagann sochaí shibhialta na hEorpa an clár oibre síos le haghaidh na chéad cheannairí eile a bheidh ag an Aontas
  • Tá Duais Sochaí Sibhialta CESE don mheabhairshláinte buailte ag an gcarthanacht Éireannach ‘Third Age Foundation’
  • Christian Moos: Pacáiste Chosaint an Daonlathais – Ba cheart don Choimisiún an treoir a tharraingt siar
  • Bruno Kaufmann: An fáth a bhfuil an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh níos cinntithí ná mar a cheapfá

Tá colún nua ann: Beidh mise ag vótáil, céard fút féin? As seo go Meitheamh 2024, beidh tuairimí na n-aoichainteoirí á gcur i láthair againn faoin tábhacht atá leis na toghcháin Eorpacha agus faoi conas páirt a ghlacadh iontu. San eagrán seo, is í Konstantina Manoli an t-aoi atá againn, mac léinn 19 mbliana d’aois ón nGréig, bean a ghlac páirt in Leatsa an Eoraip, Abair Leat! i mbliana.

Tá colún nua ann: Beidh mise ag vótáil, céard fút féin? As seo go Meitheamh 2024, beidh tuairimí na n-aoichainteoirí á gcur i láthair againn faoin tábhacht atá leis na toghcháin Eorpacha agus faoi conas páirt a ghlacadh iontu. San eagrán seo, is í Konstantina Manoli an t-aoi atá againn, mac léinn 19 mbliana d’aois ón nGréig, bean a ghlac páirt in Leatsa an Eoraip, Abair Leat! i mbliana. 

Is le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta a d’eagraigh CESE an t-imeacht suaitheanta seo le haghaidh na hóige den chéad uair. Bhí os cionn 100 duine óg i láthair. Tháinig siad ann ó gach cearn den Aontas Eorpach, ó na tíortha is iarrthóirí agus ón Ríocht Aontaithe. Is bríomhar an díospóireacht a rinne siad le chéile faoi chúrsaí daonlathais agus faoi thodhchaí na hEorpa.

Teangacha iasachta, cúrsaí aistriúcháin agus an ateangaireacht is ábhair léinn do Konstantina Manoli in Ollscoil Iónach na Gréige. Is teangeolaí díograiseach í Konstantina. Tá luí aici leis an díospóireacht pholaitiúil agus le cúrsaí an domhain mhóir lenár linn féin.

A léitheoirí dile,

San eagrán seo den iris, ba mhaith liom bhur n-aird a dhíriú ar Sheachtain na Sochaí Sibhialta, an t-imeacht suaitheanta a d’eagraigh agus a d’óstáil CESE i dtús mhí an Mhárta.

A léitheoirí dile,

San eagrán seo den iris, ba mhaith liom bhur n-aird a dhíriú ar Sheachtain na Sochaí Sibhialta, an t-imeacht suaitheanta a d’eagraigh agus a d’óstáil CESE i dtús mhí an Mhárta.

Gan ach beagán le cois dhá mhí le dul go mbeidh na toghcháin Eorpacha ann, thug Seachtain na Sochaí Sibhialta deis ar leith do CESE daoine as cúlraí éagsúla a thabhairt le chéile chun plé a dhéanamh ar na nithe ba thábhachtaí dar leo agus ar thodhchaí na hEorpa. Tháinig breis agus 800 ionadaí ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ó ghrúpaí óige le chéile chun tobsmaointeoireacht a dhéanamh le linn na seachtaine ar na príomhtheachtaireachtaí agus na hionchais ba mhaith leo a chur in iúl do na ceannairí nua a bheidh ar an Aontas go luath. Maidir leis an teachtaireacht atáimse tiomanta a chur in iúl, is teachtaireacht shoiléir í – is éard a theastaíonn ón bpobal tuilleadh daonlathais, rannpháirtíocht an aosa óig, laghdú ar an mbréagnuacht agus geilleagar a fhóireann do chách. Tá sé thar a bheith tábhachtach go n-éisteodh an Eoraip le guth na sochaí sibhialta, óir is í an tsochaí shibhialta fíorfhoras faire an daonlathais.

Cuirfear an léargas a fuarthas le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta san áireamh i Rún ó CESE maidir leis na Toghcháin Eorpacha. Tá léargas ar roinnt de na hionchais a cuireadh in iúl le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta le léamh ar shuíomh gréasáin CESE.

Mar chuid den ullmhúchán a dhéanaimid do na toghcháin tá an caidreamh le Parlaimint na hEorpa a neartú. An 27 Feabhra, shínigh mé féin agus Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, Meabhrán Tuisceana chun an comhar idir an dá institiúid a dhoimhniú ar mhaithe leis na toghcháin Eorpacha a chur chun cinn, an ráta vótála a mhéadú – go háirithe i measc daoine nach gcaitheann vóta de ghnáth agus daoine atá ag vótáil den chéad uair – agus an ionramháil ar fhaisnéis a chomhrac. Bainfidh CESE leas iomlán as an líonra fairsing atá aige, líonra a shíneann fud fad na hEorpa agus a dhéanann ionadaíocht ar fhostóirí, ar oibrithe agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ionas go mbeidh siad in ann an ról atá acu a imirt ina iomláine. Is céim ríthábhachtach é an comhar idir an dá institiúid le go rachaidh an feachtas ó neart go neart roimh na toghcháin Eorpacha.

In CESE, tá sé mar aidhm againn cur le cumhacht eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ní hamháin san Aontas Eorpach ach ar an gcoigríoch freisin. I mí Feabhra, sheolamar go hoifigiúil an tionscnamh maidir le comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí, rud a chuir cor i gcinniúint CESE. Bhí an Leas-Uachtarán den Choimisiún Eorpach, Věra Jourová, Príomh-Aire Mhontainéagró, Milojko Spajić, agus Príomh-Aire na hAlbáine, Edi Rama, i láthair ag seoladh an tionscaimh sin agus ba chúis mhór áthais dóibh é. Is éard is aidhm dó ionadaithe as na tíortha is iarrthóirí a bheith páirteach in obair CESE. Roghnaíodh 131 chomhalta san iomlán as na tíortha is iarrthóirí le bheith páirteach sa toscaireacht de shaineolaithe ón tsochaí shibhialta agus glacfaidh siad páirt in obair an Choiste sna míonna amach romhainn. Is é an sprioc choiteann atá againn go mbogfadh gach tír is iarrthóir níos gaire don Aontas de réir a chéile agus go ndéanfaí iad a lánpháirtiú de réir a chéile mar a dhéanfar dul chun cinn sa chaibidlíocht.

Ní féidir le daonlathas dea-fheidhmiúil a bheith in éagmais sochaí shibhialta bhríomhar ná idirphlé sóisialta láidir. Céim dhearfach loighciúil chun tosaigh le haghaidh an daonlathais san Eoraip is ea fáilte a chur roimh na tíortha is iarrthóirí.

Oliver Röpke

Uachtarán CESE

Inár gcolún ‘Ceist amháin ar...’, d’iarr muid ar Florian Marin, comhalta de CESE agus rapóirtéir na tuairime ó CESE, Foraoisí an Aontais Eorpaigh – creat nua AE maidir le faireachán ar fhoraoisí agus pleananna straitéiseacha, éilimh CESE maidir leis an gcreat a roinnt linn i bhfianaise a tábhachtaí atá na foraisí maidir le spriocanna aeráide agus inbhuanaitheachta an Aontais a bhaint amach.

Inár gcolún ‘Ceist amháin ar...’, d’iarr muid ar Florian Marin, comhalta de CESE agus rapóirtéir na tuairime ó CESE, Foraoisí an Aontais Eorpaigh – creat nua AE maidir le faireachán ar fhoraoisí agus pleananna straitéiseacha, éilimh CESE maidir leis an gcreat a roinnt linn i bhfianaise a tábhachtaí atá na foraisí maidir le spriocanna aeráide agus inbhuanaitheachta an Aontais a bhaint amach.

An t-aoi-údar atá ann ná Christian Moos, comhalta de CESE agus an rapóirtéir don tuairim maidir leis an bpacáiste um chosaint an daonlathais. Luaigh seisean trí chúis nach bhfuil CESE i bhfabhar an togra ón gCoimisiún maidir leis an bpacáiste sin arbh ábhar mór conspóide é tráth a fhoilsithe mí na Nollag seo caite.

An t-aoi-údar atá ann ná Christian Moos, comhalta de CESE agus an rapóirtéir don tuairim maidir leis an bpacáiste um chosaint an daonlathais. Luaigh seisean trí chúis nach bhfuil CESE i bhfabhar an togra ón gCoimisiún maidir leis an bpacáiste sin arbh ábhar mór conspóide é tráth a fhoilsithe mí na Nollag seo caite.