European Economic
and Social Committee
Tá trí institiúid de chuid an Aontais ag áitiú ar an gCoimisiún gan moill a chur ar sheoladh an Tionscnaimh maidir le hathléimneacht i réimse an uisce
Mar fhreagairt chomhpháirteach ar an Tionscnamh maidir le hathléimneacht i réimse an uisce a bheith curtha siar ag an gCoimisiún Eorpach, sheol ionadaithe ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), ó Mheitheal Uisce na bhFeisirí i bParlaimint na hEorpa, agus ó Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) litir oscailte chuig an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Maroš Šefčovič, inar iarr siad ar an gCoimisiún cur chuige cuimsitheach a ghlacadh i leith an uisce agus inar athdhearbhaigh siad an glao uathu go gcuirfí Comhaontú Gorm don Eoraip ar bun.
Léirítear sa litir na hábhair imní chomhroinnte atá ag na hinstitiúidí sin a mhéid a bhaineann leis an Tionscnamh maidir le hathléimneacht i réimse an uisce a chur siar. Measann siad gur cúis imní é sin a léiríonn easpa tiomantais an Aontais aghaidh a thabhairt ar dhúshláin uisce na hEorpa atá ag dul i méid. Déanann na trí institiúid ionadaíocht ar shochaí shibhialta an Aontais, ar na saoránaigh agus ar na rialtais áitiúla.
Molann siad cur chuige iomlánaíoch agus comhoibríoch lena gcomhtháthaítear an t-uisce sna beartais uile chun rochtain chothrom shóisialta, mar aon le rochtain do na feirmeoirí, do na tionscail agus don bhonneagar, agus gnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil an uisce a áirithiú.
Is é is aidhm don aistriú sin dul níos faide ná an cur chuige ilroinnte atá ann cheana, agus straitéis uisce neamhspleách níos cuimsithí agus níos éifeachtaí a chothú. Leis an nglao idirinstitiúideach sin, iarrtar ar an gCoimisiún leanúint dá chuid oibre ar an Tionscnamh maidir le hathléimneacht i réimse an uisce agus príomhthosaíocht de chuid an Aontais a dhéanamh den uisce sa téarma atá le teacht (2024-2029).
Is féidir teacht ar an litir iomlán anseo.(gb)