An 20 Márta, ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) rún inar iarr sé ar shaoránaigh na hEorpa ceann dá gcearta daonlathacha a chur in úsáid agus vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha atá ag druidim linn go tapa.

Sa rún ó CESE, chuir sé in iúl nach bhfuil aon dabht ann ‘go raibh deacrachtaí againn le tamall anuas, ach [nach] féidir le haon duine a shéanadh go bhfuil an tsíocháin, an daonlathas, rathúnas eacnamaíoch agus an dul chun cinn sóisialta ráthaithe ag an Aontas Eorpach do na Ballstáit agus do na saoránaigh. A bhuí leis an Aontas, tá an tsaoirse againn oibriú, staidéar agus gnó a dhéanamh i dtíortha uile an Aontais.’

‘Ní hiad an náisiúnachas, an pobalachas ná réitigh aonstáit an réiteach ar an bhfadhb,’ is ea a dúirt CESE. Dar leis gurb ‘iad comhoibriú, comhar agus cóineasú an réiteach is fearr ar an bhfadhb sin,’ agus béim á leagan aige air go bhfuil dúshláin ar leith ann nach féidir le tír ar bith san Aontas aghaidh a thabhairt orthu ina haonar, an boilsciú atá ag dul i méid, cogaí, imirce nó an ghéarchéim aeráide, cuir i gcás.

Glacadh an rún ag an seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí an Mhárta tar éis díospóireacht a dhéanamh ar an ábhar ‘Dearcadh na sochaí sibhialta i dtaobh na dToghchán Eorpach in 2024’. Orthu siúd a ghlac páirt sa díospóireacht, bhí gníomhaithe ar son na sochaí sibhialta chomh maith le comhairlí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta ón bhFrainc agus ón mBulgáir.

Chuir CESE in iúl gur mian leis an líonra atá ag an gCoiste ar fud an Aontais, ina bhfuil ar a laghad 90 milliún duine, a spreagadh chun vótála leis na daoine a ndéanfaidh ionadaíocht dóibh i bParlaimint na hEorpa sna cúig bliana amach romhainn a roghnú.

Ag labhairt dó ag an seisiún iomlánach maidir leis na heagraíochtaí a ndéanann comhaltaí CESE ionadaíocht dóibh, chuir Oliver Röpke, Uachtarán CESE, in iúl go bhfuil fréamhacha seanbhunaithe ag na heagraíochtaí sin sa tsochaí shibhialta ar an leibhéal náisiúnta: ‘Tá sé ar ár gcumas dul i gcion ar an uile dhuine; tá sé ar ár gcumas tabhairt ar dhaoine vóta a chaitheamh agus is é sin is gá dúinn a dhéanamh. Is dualgas morálta orainn déanamh amhlaidh.’

Chomh maith leis sin, tá CESE agus Parlaimint na hEorpa ag obair as lámha a chéile chun cuidiú le borradh a chur faoin ráta vótála. Is gnách an ráta vótála le haghaidh na dtoghchán Eorpach a bheith i bhfad faoi bhun an ráta le haghaidh na dtoghchán náisiúnta, go háirithe i mBallstáit ar leith.

Chuir Uachtarán CESE i bhfios go láidir gur mór atá i gceist le toghcháin 2024, agus meath ag teacht ar an daonlathas ar fud an domhain agus i mBallstáit áirithe.

‘Na toghcháin seo, ní hiad fuascailt ár dtrioblóidí iad, ní leigheasfaidh siad an imní atá orainn ná ní mhaolóidh siad buairt na saoránach. Sin ráite, is bealach dlisteanach iad trínar féidir linn gach a bhfuil uainn a chur in iúl, todhchaí níos fearr a éileamh, agus iad siúd atá i gcumhacht a thabhairt chun cuntais’, arsa an tUasal Röpke.

Ba iad Christa Schweng, Cinzia del Rio agus Ioannis Vardakastanis, ar comhaltaí de chuid CESE iad agus ionadaithe thar ceann Ghrúpa na bhFostóirí, Ghrúpa na nOibrithe agus Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta, rapóirtéirí an rúin. Labhair an triúr acu d’aon ghuth ag an seisiún iomlánach agus iad ag áitiú ar mhuintir na hEorpa vóta a chaitheamh chun ionadaithe a thoghadh a sheasfaidh an fód ar son Eoraip aontaithe, dhaonlathach, inbhuanaithe agus shóisialta.

Glacfaidh CESE rún eile i mí Iúil ina ndíreofar ar éilimh na sochaí sibhialta ar an bParlaimint agus an Coimisiún nuathofa.(II)