Tá colún nua ann: Beidh mise ag vótáil, céard fút féin? As seo go Meitheamh 2024, beidh tuairimí na n-aoichainteoirí á gcur i láthair againn faoin tábhacht atá leis na toghcháin Eorpacha agus faoi conas páirt a ghlacadh iontu. San eagrán seo, is í Konstantina Manoli an t-aoi atá againn, mac léinn 19 mbliana d’aois ón nGréig, bean a ghlac páirt in Leatsa an Eoraip, Abair Leat! i mbliana. 

Is le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta a d’eagraigh CESE an t-imeacht suaitheanta seo le haghaidh na hóige den chéad uair. Bhí os cionn 100 duine óg i láthair. Tháinig siad ann ó gach cearn den Aontas Eorpach, ó na tíortha is iarrthóirí agus ón Ríocht Aontaithe. Is bríomhar an díospóireacht a rinne siad le chéile faoi chúrsaí daonlathais agus faoi thodhchaí na hEorpa.

Teangacha iasachta, cúrsaí aistriúcháin agus an ateangaireacht is ábhair léinn do Konstantina Manoli in Ollscoil Iónach na Gréige. Is teangeolaí díograiseach í Konstantina. Tá luí aici leis an díospóireacht pholaitiúil agus le cúrsaí an domhain mhóir lenár linn féin.