D’iarr Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go ndéanfaí athruithe ar rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair chun riachtanais eintitis an gheilleagair shóisialta, a bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le dul i ngleic le dúshláin shochaíocha, a aithint agus freastal ar bhealach níos fearr orthu. 

D’iarr Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go ndéanfaí athruithe ar rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair chun riachtanais eintitis an gheilleagair shóisialta, a bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le dul i ngleic le dúshláin shochaíocha, a aithint agus freastal ar bhealach níos fearr orthu.

Sa tuairim uaidh Mar is féidir tacú le heintitis an gheilleagair shóisialta i gcomhréir leis na rialacha maidir le státchabhair: lón machnaimh i bhfianaise mholtaí thuarascáil Enrico Letta, a glacadh ag an seisiún iomlánach i mí Eanáir, tugann CESE rabhadh nach bhfuil na rialacha reatha ag éirí leo tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil do na fiontair sin, rud a fhágann go ndéanann siad an brabús a athinfheistiú chun cuspóirí sóisialta a bhaint amach seachas é a dháileadh ar na hinfheisteoirí.

‘Ba mhaith linn tuilleadh daoine a chur ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann le rialáil éifeachtach maidir le hiomaíocht agus státchabhair d’fhiontair an gheilleagair shóisialta agus do chóras iomlán na seirbhísí leasa ghinearálta araon’, a dúirt rapóirtéir na tuairime, Giuseppe Guerini.

Tá breis agus 11 mhilliún duine, i.e. 6.3 % den lucht saothair, fostaithe in eintitis an gheilleagair shóisialta – idir chomharchumainn agus chumainn agus fhondúireachtaí frithpháirteacha – ar fud an Aontais. Oibríonn siad i réimsí amhail seirbhísí sóisialta agus sláinte, fuinneamh in-athnuaite agus laghdú na bochtaineachta. In ainneoin a rannchuidithe, bíonn bacainní sistéamacha roimh go leor acu maidir le caipiteal infheistíochta fadtéarmach a dhaingniú agus maidir le dul i ngleic le próisis soláthair phoiblí faoin gcreat rialála atá ann faoi láthair, ós minic nach dtugtar aird chuí ar a ngné neamhbhrabúis nó dlúthpháirtíocht-bhunaithe.

I measc nithe eile, tugtar chun suntais sa tuairim ó CESE go bhfuil tearcúsáid á baint ag na húdaráis phoiblí as uirlisí atá ann cheana amhail an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine (GBER) agus an creat le haghaidh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEInna).

Is é sin an fáth a bhfuil an Coiste ag iarraidh go ndéanfaí simpliú agus nuachóiriú ar na rialacha faoi GBER atá róchasta agus as dáta chun tacú le fostú oibrithe faoi mhíbhuntáiste agus oibrithe faoi mhíchumas, i gcomhréir le cuid de na moltaí ó Thuarascáil Letta maidir leis an margadh aonair.

Cé gur díol sásaimh é an méadú a rinneadh le déanaí ar uasteorainneacha cabhrach de minimis – EUR 300 000 le haghaidh gnáthchuideachtaí agus EUR 750 000 le haghaidh eintitis SGEI – tá CESE ag áitiú freisin go dtabharfaí aghaidh níos fearr ar riachtanais eintitis an gheilleagair shóisialta i réimsí amhail seirbhísí sláinte agus sóisialta trí bhíthin ionstraimí níos saincheaptha, amhail GBER nó forálacha sonracha SGEI. (ll)

Le Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí in CESE

An 29 Eanáir, ghlac an Coimisiún Eorpach an Compás Iomaíochais. Is céim mhórthábhachtach thráthúil é seo a chuirfidh athbheocht in inneall eacnamaíoch na hEorpa, rud a leagfaidh amach cúrsa an Aontais do na cúig bliana atá amach romhainn.

Le Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí in CESE

An 29 Eanáir, ghlac an Coimisiún Eorpach an Compás Iomaíochais. Is céim mhórthábhachtach thráthúil é seo a chuirfidh athbheocht in inneall eacnamaíoch na hEorpa, rud a leagfaidh amach cúrsa an Aontais do na cúig bliana atá amach romhainn.

Le fada an lá, tá fostóirí an Aontais ag cur ar son clár oibre uileghabhálach iomaíochais. Is díol sásaimh dúinn, mar sin, na trí cholún ar a bhfuil an compás seo bunaithe, eadhon an bhearna sa nuálaíocht agus sa táirgiúlacht a dhúnadh, an dícharbónú agus an t-iomaíochas a cheangal le chéile, sin agus a bhfuil de spleáchais ann a laghdú ar mhaithe le daingniú na slabhraí soláthair. Níl áireamh ar a thábhachtaí atá na colúin sin chun deis cheart a thabhairt don Eoraip dul san iomaíocht ar fud an domhain, tallann a mhealladh agus a choinneáil, agus an nuálaíocht a chothú.

Ina dhiaidh sin is uile, ní bheidh rath ceart ar an gCompás nó go leagfar amach bearta nithiúla agus go gcuirfear chun feidhme in am is i dtráth iad. Beidh ról cinniúnach cinntitheach ag tionscnaimh mhórthábhachtacha áirithe, cuir i gcás an pacáiste Omnibus um Shimpliú, an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus an straitéis chothrománach arb é is aidhm di an margadh aonair a dhoimhniú. Mar sin féin, ní leor straitéisí athbhrandáilte agus teidil mhealltacha chun sinn a chosaint ar na dúshláin atá romhainn.

Mar shampla, is éard is gá a dhéanamh ar dtús toisc práinn a bheith leis ná an creat rialála a shimpliú. Céim riachtanach eile is gá a thabhairt ná an rómhaorlathas a laghdú agus nósanna oibre tapa solúbtha a chur chun cinn ina ionad sin. Le blianta fada, tá gnólachtaí an Aontais ag streachailt leis an róchastacht agus le próisis chinnteoireachta mhalltriallacha. Is gá dúinn freisin an tseiceáil iomaíochais a chur chun feidhme ar shlí fhónta fhiúntach ionas gur cuidiú iad na bearta reachtacha agus rialála nua le fás a chur faoi ghnólachtaí in ionad bac a chur orthu.

Dírítear sa Chompás, mar is ceart, ar an nuálaíocht a chothú trí Aontas láidir na Margaí Caipitil agus ar a bhfuil de bhacainní struchtúracha rompu a chur as an tslí ionas gur féidir leas a bhaint as acmhainneacht na hEorpa i dtaca le teicneolaíocht dhomhain, fuinneamh glan agus ardmhonaraíocht. San am céanna, tá éiceachóras torthúil á chruthú san Aontas do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá i mbun fáis.

Is follas ón gcaoi nár tugadh Aontas na Margaí Caipitil i gcrích go fóill nach acmhainn dúinn a thuilleadh moille a dhéanamh. Siúd is go gcuireann an Compás comhordú níos fearr ar infheistíochtaí rialtais náisiúnta chun cinn, níl plean soiléir ann a fhad a bhaineann le foinsí coiteanna cistiúcháin eile. Bíodh sin mar atá, ní fhanfaidh an domhan linn.

Tá tús curtha leis an rás, rud a fhágann gur mithid dúinn géarú ar na maidí anois nó riamh. Ní hamháin gur fíor-riachtanas eacnamaíoch é an t-iomaíochas a chur chun cinn, ach ní féidir an rathúnas comhroinnte a ghealladh do chách dá éagmais. Is cuid den réiteach iad na gnólachtaí Eorpacha agus sin mar a bheidh feasta. 

Ní mór daoine óga i réigiún na Meánmhara a áireamh ag gach céim den bhealach, ó cheapadh beartas go cur chun feidhme. Ní hamháin go múnlaíonn siad beartais ach múnlaíonn siad an saol freisin, mar a tugadh chun suntais sa díospóireacht a bhí ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE).

Ní mór daoine óga i réigiún na Meánmhara a áireamh ag gach céim den bhealach, ó cheapadh beartas go cur chun feidhme. Ní hamháin go múnlaíonn siad beartais ach múnlaíonn siad an saol freisin, mar a tugadh chun suntais sa díospóireacht a bhí ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE).

Is í an díospóireacht a bhaineann le glacadh na tuairime Rannpháirtíocht na hÓige san idirphlé sóisialta agus sibhialta i réigiún na Meánmhara, a tionóladh ag seisiún iomlánach CESE i mí Eanáir, an chéad tuairim ó CESE inar cuireadh ionchur ionadaithe óige an réigiúin san áireamh. Chuir ochtar ionadaithe óga leis an bpróiseas dréachtaithe.

Le linn na díospóireachta, leag an Coimisinéir um Réigiún na Meánmhara, Dubravka Šuica, béim ar a thábhachtaí atá daoine óga do rathúnas, do chobhsaíocht agus d’athléimneacht an réigiúin. Tá todhchaí na Meánmhara ar láimh a ndaoine óga. Ar mhaithe le todhchaí chomhroinnte agus inbhuanaithe, ní mór dúinn dul i dteagmháil go díreach leis na glúnta óga, lena chinntiú go mbeidh a nguthanna mar threoir ag na beartais agus na tosaíochtaí atá againn. I dteannta a chéile, cuirfidh muid cruth ar an gcomhaontú nua don Mheánmhuir trí infheistíocht a dhéanamh san oideachas, i bpoist agus san fhás.’

Chuir Uachtarán CESE, Oliver Röpke, in iúl a thacaíocht do chomhaontú nua an Choimisinéara Šuica, lena ndírítear ar infheistíocht, ar inbhuanaitheacht agus ar imirce, agus dúirt sé freisin nach mór páirt ghníomhach a thabhairt don tsochaí shibhialta i ndearadh an chomhaontaithe sin. ‘Tá rannpháirtíocht na ndaoine óga ríthábhachtach do thodhchaí an réigiúin, agus tá CESE tiomanta a chinntiú go gcuirfidh a nguthanna cruth ar an mbeartas agus ar an gcinnteoireacht. In éineacht leis an Aontas don Réigiún Meánmhuirí agus Fondúireacht Anna Lindh, táimid ag iarraidh Meánmhuir shíochánta rathúil a thógáil.’

Agus béim á leagan aici ar a thábhachtaí atá rannchuidiú na n-ionadaithe óga leis an tuairim, dúirt an Banphrionsa Rym Ali, uachtarán Fhondúireacht Anna Lindh, nach amháin go bhfuil sé tábhachtach oibriú le daoine óga, ach go bhfuil sé práinneach agus tairbheach. ‘Is mór an méid atá i gceist. Gan na daoine óga a bheith ag tacú linn, gan uirlisí a thabhairt dóibh le go mbeidh siad rannpháirteach go comhionann, ní féidir linn réiteach a thógáil don todhchaí. Ní mór suíochán a bheith acu ag an tábla’, a dúirt sí.

Is í Eliane El Haber an t-ionadaí óige don tuairim, agus is comhairleoir í ag Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 4 UNESCO An Óige & Líonra na Mac Léinn. Ghlac sí go fonnmhar le tionscnamh CESE chun daoine óga a rannpháirtiú go gníomhach, daoine a dhéanann ionadaíocht ar chúlraí éagsúla réigiúnacha, inscne, oideachais agus cultúrtha.

Pacáiste an Fhómhair maidir le Seimeastar Eorpach 2025

Document Type
AS

San eagrán seo:

  • Dearcadh CESE i dtaobh thuarascálacha Draghi agus Letta, le Matteo Carlo Borsani, Giuseppe Guerini agus Stefano Palmieri
  • An iomarca den iomaíochas, le Karel Lannoo, CEPS
  • Tá teipthe ar an gcompás iomaíochais an dá thrá a fhreastal: riachtanais gnólachtaí agus cearta oibrithe, le Esther Lynch, Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann
  • Future 500: gnó na hEorpa a chur ar an scála domhanda ionas gur maith a éireoidh leis, le Stjepan Orešković, Comhairle an Atlantaigh
  • Diúltú tugtha ag an gComhghuaillíocht Eorpach um Cheartas Corparáide don phacáiste Omnibus: níor cheart gurbh iad na leasanna corparáideacha a stiúrfadh beartais an Aontais, le Andriana Loredan, ECCJ

Straitéis na hEorpa a fhorbairt maidir leis an Artach i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta

Document Type
AC

Trealamh soláthair le haghaidh feithiclí leictreacha

Document Type
AC

Trealamh soláthair le haghaidh feithiclí leictreacha

Document Type
PAC
Photo from 'The Jungle' project: Trench foot, a fungal infection that affects the feet, is one of the most common health problems among refugees attempting to cross the Białowieża Forest (October 2022). Copyright: Hanna Jarzabek

Is grianghrafadóir faisnéise Spáinneach-Polannach í Hanna Jarzabek. Is ainmní í freisin do Dhuais na hIriseoireachta Iniúchta 2024, a bhfuil léargas gruama á thabhairt aici ar an staid ag an teorainn idir an Pholainn agus an Bhealarúis, áit ina bhfuil na mílte dídeanaithe ag iarraidh foraois Białowieża, ar a dtugtar ‘an dufair’, a thrasnú.

Is grianghrafadóir faisnéise Spáinneach-Polannach í Hanna Jarzabek. Is ainmní í freisin do Dhuais na hIriseoireachta Iniúchta 2024, a bhfuil léargas gruama á thabhairt aici ar an staid ag an teorainn idir an Pholainn agus an Bhealarúis, áit ina bhfuil na mílte dídeanaithe ag iarraidh foraois Białowieża, ar a dtugtar ‘an dufair’, a thrasnú.

Le Hanna Jarzabek

Ó mhí na Samhna 2021 i leith, rinne na mílte dídeanaithe, as tíortha an Mheánoirthir agus na hAfraice go príomha, iarracht foraois Białowieża a thrasnú, arb í an t-aon óghfhoraois atá fágtha san Eoraip, atá suite feadh na teorann idir an Pholainn agus an Bhealarúis. Is áit chontúirteach í an fhoraois ar deacair í a thrasnú, ar a dtugann roinnt dídeanaithe an leasainm ‘an dufair’, go háirithe na daoine sin nach bhfuil cur amach acu ar aeráid chrua oirthuaisceart na hEorpa. Bíonn roinnt mhaith dídeanaithe sáinnithe san fhoraois ar feadh tréimhsí fada ama, áit a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar dhálaí foircneacha amhail easpa bia agus uisce, agus riosca ard hipiteirme agus báis i rith an gheimhridh. Má ghabhann gardaí teorann iad, is iondúil go gcuirtear iallach ar na dídeanaithe sin trasnú siar thar an teorainn, rud a fhágann go bhfágtar iad sna coillte ar thaobh na Bealarúise, go minic san oíche agus gan aon fhinnéithe a bheith i láthair. Chun cumarsáid leis an domhan lasmuigh a chosc, scriostar a bhfóin phóca. Tarlaíonn na fillteacha éigeantacha sin, ar a dtugtar ‘brú siar’, fiú i ndálaí foircneacha, agus ní dhéantar aon eisceachtaí do mhná torracha ná do dhaoine aonair atá ar tí hipiteirme. Díbrítear na daoine sin fós chuig críoch na Bealarúise. Chuir cuid de na dídeanaithe iúl go ndearna an brú siar seo orthu arís agus arís eile, suas le 17 n-uaire fiú, i gcásanna áirithe.

Thóg rialtas na Polainne a bhí ann roimhe seo balla teorann ar a raibh sreang rásúir agus a treisíodh ag an mbonn. Cosúil le bacainní den chineál céanna in áiteanna eile, ní chuireann sé bac ar dhaoine iarracht a dhéanamh teacht isteach san Eoraip. Ina ionad sin, cuireann sé iad i mbaol gortuithe tromchúiseacha eile. Tá gaistí ceamara suiteáilte ag gardaí teorann san fhoraois freisin chun gluaiseachtaí dídeanaithe agus oibrithe cúnaimh a bhrath. Gan campaí dídeanaithe, bíonn ar dhídeanaithe dul i bhfolach san fhoraois chun brú siar go dtí an Bhealarúis a sheachaint. Cuireann an láithreacht mhíleata atá ag dul i méid bac ar rochtain ar chabhair dhaonnúil.

Ón tús, bhí dúshláin shuntasacha le sárú agus cabhair dhaonnúil á cur ar fáil ag an teorainn seo. Tar éis don rialtas a bhí i bhfad amach ar an eite dheis a chumhacht a chailleadh i mí Dheireadh Fómhair 2023, tháinig dóchas chun cinn go n-athrófaí an beartas imirce, ach tá foréigean, brú siar agus rochtain theoranta ar chúram leighis ann go fóill. Faoi láthair, níl ach triúr oibrithe páirtaimseartha de chuid Médecins Sans Frontières ann a chuireann cúram leighis ar fáil feadh na teorann atá 400 ciliméadar ar fad. Níl bonn buan ag an eagraíocht, murab ionann agus réigiúin teorann eile a bhfuil sreafaí imirce comhchosúla iontu. Bíonn orthu dul i ngleic le coinníollacha deacra, agus is minic a chuireann siad cabhair ar fáil sa dorchadas agus gan an trealamh ceart chun diagnóis chruinn a dhéanamh. Cuireann siad a gcóireáil in oiriúint do dhálaí na foraoise, mar shampla insiltí infhéitheacha a thabhairt san oíche nó aire leighis phráinneach a thabhairt i gcásanna tromchúiseacha, amhail breith anabaí.

Ó tógadh an balla, ní hamháin go mbíonn ar na daoine sin aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sláinte. Bíonn orthu cóireáil a chur ar bhristeacha freisin, mar go dtiteann daoine atá ag iarraidh dreapadh thar an mballa ó airde suas le 5 mhéadar. I gcás cuid de na bristeacha sin, tá gá le hobráidí casta agus teastaíonn na míonna chun go mbeidh an cnámh cneasaithe i gceart. Sna cásanna seo, agus i gcásanna hipiteirme, is é an t-aon réiteach ná otharcharr a ghlaoch, cé go bhfuil na hoibrithe sin ar an eolas go ndéanfaidh na gardaí teorann an duine a ghabháil agus go gcoimeádfaidh siad súil air le linn an tseala san ospidéal. Tar éis an duine a scaoileadh amach as an ospidéal, cinneann na gardaí teorann, bunaithe ar a gcritéir féin, ar cheart an duine sin a sheoladh chuig ionad dúnta d’eachtrannaigh nó chuig ionad oscailte. De réir an méid a dúirt roinnt de na daoine a chuir mé faoi agallamh, bhí cásanna ann ina ndearna na gardaí teorann roinnt dídeanaithe, tar éis dóibh a seal san ospidéal a chríochnú, a iompar ar ais go dtí an fhoraois agus a bhrú ar ais go dtí taobh na Bealarúise. Ar an gcaoi sin, thosaigh an scéal arís ón tús.

Le míonna beaga anuas, tá méadú seasta tagtha ar líon na saighdiúirí atá lonnaithe ag an teorainn idir an Pholainn agus an Bhealarúis, rud a léiríonn an teannas atá ag dul i méid sa réigiún. I mí an Mheithimh 2024, sháigh imirceach ag an teorainn saighdiúir Polannach, a fuair bás ina dhiaidh sin. Mar fhreagra air sin, threisigh an rialtas nua a fheachtas frith-imirce agus thug sé isteach dlí a cheadaíonn do shaighdiúirí airm a úsáid aon uair a mheasann siad go bhfuil gá leis, gan cuntasacht a bheith acu as a gcuid gníomhartha. Is cúis mhór imní é an cinneadh sin, go háirithe i bhfianaise na n-eachtraí scanrúla a tharla roimhe seo inar úsáideach forneart. Mar shampla, i mí Dheireadh Fómhair 2023, lámhachadh dídeanaí Siriach sa droim i lár an lae ghil, agus gortaíodh go dona é. Ar an gcaoi chéanna, i mí na Samhna 2023, thuairiscigh oibrithe daonnúla deonacha gur lámhach gardaí teorann ina dtreo gan rabhadh a thabhairt roimh ré, nuair a bhí iarracht á déanamh acu cabhair a chur ar fáil. Leis an dlí nua, tá baol ann ní hamháin go ndéanfar cleachtais chontúirteacha den sórt sin a normalú, ach go gcruthófar timpeallacht níos baolaí fós maidir le saoirse ó phionós, rud a chuirfeadh dídeanaithe agus oibrithe daonnúla i mbaol níos mó. Trí chumhacht neamhrialaithe a thabhairt do shaighdiúirí, baineann an beartas sin an bonn de chearta an duine agus d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le géarú ar an bhforéigean i limistéar teorann atá éagobhsaí cheana féin.

Féachann Donald Tusk le híomhá a léiriú go bhfuil sé níos oscailte agus níos feasaí faoi chearta an duine, ach leanann a rialtas de bhuanú a dhéanamh ar insint an riaracháin a bhí ann roimhe seo. Leanann sé d’imircigh ag an teorainn seo a léiriú mar bhagairt do shochaí na Polainne, iad a dhídhaonnú agus iad a lipéadú mar sceimhlitheoirí nó mar choirpigh. Rinne an rialtas roimhe seo iarracht oibrithe cúnaimh a léiriú mar chomhchoirithe i ngáinneáil ar dhaoine, coir a ngabhann tréimhse príosúnachta suas le hocht mbliana mar phionós leis. Is cosúil go leanfaidh an beartas seo ar aghaidh faoi rialtas Donald Tusk. An 28 Eanáir 2025, cuirfear cúigear oibrithe daonnúla deonacha a chuidigh le teaghlach ón Iaráic agus le duine ón Éigipt in 2022 ar a dtriail. Tá baol ann go ngearrfar an pionós géar céanna orthu.

Ina theannta sin, is beag dóchas is féidir a bhaint as an mbeartas imirce a fógraíodh le déanaí (Deireadh Fómhair 2024). Tugadh isteach crios maolánach i mí Iúil den bhliain seo caite, agus tá an crios sin fós i bhfeidhm. Cuireann sé srian mór ar an rochtain atá ag eagraíochtaí daonnúla, lena n-áirítear Médecins Sans Frontières, agus ag iriseoirí. I ngeall air sin, cuirtear bac ar chúnamh a chur ar fáil do dhídeanaithe agus ar sháruithe ar chearta an duine ag údaráis na Polainne a dhoiciméadú.

Is é an ghné is conspóidí den bheartas sin, áfach, an plean chun an ceart chun tearmainn a chur ar fionraí ag an teorainn sin, beart a thagann salach go follasach ar chearta bunúsacha an duine a aithnítear ar fud na hEorpa. Ina theannta sin, beidh impleachtaí forleathana ag an mbeartas sin don phobal áitiúil i réigiún na teorann, cé gur forbraíodh é gan aon chomhairliúchán a dhéanamh roimh ré leis an bpobal sin ná le heagraíochtaí daonnúla. Tá léargas ríthábhachtach faighte ag na heagraíochtaí sin freisin, atá ag obair gan stad gan staonadh chun cabhair a chur ar fáil, ar staid agus ar riachtanais na ndídeanaithe atá ag iarraidh an teorainn a thrasnú, agus ar na dúshláin atá rompu. Ní hamháin go mbaintear an bonn d’iarrachtaí daonnúla trí neamhaird a thabhairt ar léargas den sórt sin, ach tá baol ann freisin go gcuirfí le staid atá tubaisteach cheana féin.

Rinneadh an tuarascáil imscrúdaitheach seo le tacaíocht ó dheontas ón gciste um Iriseoireacht Iniúchta don Eoraip (IJ4EU).

Is grianghrafadóir faisnéise Spáinneach-Polannach í Hanna Jarzabek atá lonnaithe i Maidrid, a bhfuil cúlra aici san Eolaíocht Pholaitiúil agus taithí aici mar anailísí polaitiúil do ghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe. Díríonn a cuid oibre ar théamaí amhail an t-idirdhealú, an fhéiniúlacht inscne, an éagsúlacht ghnéasach agus sreafaí imirce feadh theorainneacha thoir an Aontais. Glacann sí cur chuige íogair agus measúil. Tá a cuid oibre foilsithe ag mórchuideachtaí meán, amhail El País agus Newsweek Japan. Cuireadh a cuid oibre ar taispeáint go hidirnáisiúnta agus tugadh aitheantas di leis an iliomad gradam. Mar shampla, ainmníodh í don ghradam ‘Impact Award 2024’ de chuid an tionscnaimh IJ4EU agus do Ghradam Leica Oskar Barnack 2023.

Grianghraf ón tionscadal ‘The Jungle’:

Is ionfhabhtú fungasach a théann i bhfeidhm ar na cosa é cos mhorgach, ar cheann de na fadhbanna sláinte is coitianta é i measc dídeanaithe a dhéanann iarracht Foraois Białowieża a thrasnú (Deireadh Fómhair 2022). 

Le Giuseppe Guerini

Mar a thugtar le fios i dteideal Thuarascáil Letta, tá i bhfad níos mó i gceist leis an Aontas Eorpach agus a chóras eacnamaíoch agus gnó ná margadh. Is mar sin don scéal mar, ón tús ar fad, roghnaigh an tAontas Eorpach a bheith ina gheilleagar sóisialta margaidh, rud ar dá réir nach ionann an rathúnas eacnamaíoch agus saibhreas a dhéanamh amháin. Is ionann é agus saibhreas a dhéanamh sa trádáil agus sa mhargadh agus a bheith cinnte go rachaidh an saibhreas sin chun tairbhe do chách. 

Le Giuseppe Guerini

Mar a thugtar le fios i dteideal Thuarascáil Letta, tá i bhfad níos mó i gceist leis an Aontas Eorpach agus a chóras eacnamaíoch agus gnó ná margadh. Is mar sin don scéal mar, ón tús ar fad, roghnaigh an tAontas Eorpach a bheith ina gheilleagar sóisialta margaidh, rud ar dá réir nach ionann an rathúnas eacnamaíoch agus saibhreas a dhéanamh amháin. Is ionann é agus saibhreas a dhéanamh sa trádáil agus sa mhargadh agus a bheith cinnte go rachaidh an saibhreas sin chun tairbhe do chách.

Ar an gcaoi sin, cruthaíonn fiontair an gheilleagair shóisialta éiceachóras a chinntíonn an dlúthpháirtíocht trí bhíthin an ghnó. Is samhail úsáideach é sin d’eagraíochtaí príobháideacha a ghníomhaíonn ar mhaithe leis an leas ginearálta mar sin féin.

Sainaithnítear an ghné sin i dTuarascáil Letta, gné ar ionchorpraíodh í cheana sa phlean gníomhaíochta agus sa mholadh maidir leis an ngeilleagar sóisialta. Iarrtar sa tuarascáil ar na hinstitiúidí Eorpacha na saintréithe sonracha a bhaineann le fiontair an gheilleagair shóisialta a aithint. Ina dhiaidh sin, ba ghá na rialacha atá ann don mhargadh inmheánach agus don iomaíocht a oiriúnú agus an creat dlíthiúil maidir le státchabhair a fheabhsú chun a chinntiú gur fusa d’fhiontair an gheilleagair shóisialta teacht ar iasachtaí agus ar mhaoiniú.

Ní beag an obair atá déanta ag CESE chun a chinntiú go n-aithníonn na hinstitiúidí Eorpacha agus idirnáisiúnta cuspóir agus ról fhiontair an gheilleagair shóisialta. Ghlac sé páirt i roinnt mhaith tionscnamh agus tá an-chuid tuairimí glactha aige i gcomhréir leis an obair a d’fhág gur glacadh an Plean Gníomhaíochta maidir leis an nGeilleagar Sóisialta in 2021 agus an Moladh do na Ballstáit in 2023. Anuas air sin, d’eisíomar tuairimí maidir leis an mbeartas iomaíochta agus an státchabhair a mhéid a bhaineann le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Mar thoradh air sin, tá sé tugtha chun solais againn gur gá méadú a dhéanamh ar na tairseacha maidir le státchabhair de minimis a dheonú. D’éirigh linn athruithe a dhéanamh ar an rialachán a formheasadh go déanach in 2023 dá bharr chomh maith. Iarrtar i dTuarascáil Letta go ndéanfaí an rialachán ginearálta maidir le blocdhíolúine a oiriúnú agus go gcuirfí feabhas ar chúrsaí maoinithe. Tá an dá iarraidh sin i gcomhréir leis an nglao a rinne CESE i dtuairimí éagsúla a eisíodh in 2022 agus in 2023. Leis sin, moltar dúinn coinneáil ag obair chun an tuairim seo a chur chun cinn ar mhaithe le borradh a chur faoin aitheantas a thugtar don gheilleagar sóisialta. Ba mhaith linn tuilleadh daoine a chur ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann le rialáil éifeachtach maidir le hiomaíocht agus státchabhair d’fhiontair an gheilleagair shóisialta agus do chóras iomlán na seirbhísí leasa ghinearálta araon.