European Economic
and Social Committee
An Compás Iomaíochais: céim thráthúil a chuirfidh athbheocht in inneall eacnamaíoch na hEorpa
Le Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí in CESE
An 29 Eanáir, ghlac an Coimisiún Eorpach an Compás Iomaíochais. Is céim mhórthábhachtach thráthúil é seo a chuirfidh athbheocht in inneall eacnamaíoch na hEorpa, rud a leagfaidh amach cúrsa an Aontais do na cúig bliana atá amach romhainn.
Le fada an lá, tá fostóirí an Aontais ag cur ar son clár oibre uileghabhálach iomaíochais. Is díol sásaimh dúinn, mar sin, na trí cholún ar a bhfuil an compás seo bunaithe, eadhon an bhearna sa nuálaíocht agus sa táirgiúlacht a dhúnadh, an dícharbónú agus an t-iomaíochas a cheangal le chéile, sin agus a bhfuil de spleáchais ann a laghdú ar mhaithe le daingniú na slabhraí soláthair. Níl áireamh ar a thábhachtaí atá na colúin sin chun deis cheart a thabhairt don Eoraip dul san iomaíocht ar fud an domhain, tallann a mhealladh agus a choinneáil, agus an nuálaíocht a chothú.
Ina dhiaidh sin is uile, ní bheidh rath ceart ar an gCompás nó go leagfar amach bearta nithiúla agus go gcuirfear chun feidhme in am is i dtráth iad. Beidh ról cinniúnach cinntitheach ag tionscnaimh mhórthábhachtacha áirithe, cuir i gcás an pacáiste Omnibus um Shimpliú, an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus an straitéis chothrománach arb é is aidhm di an margadh aonair a dhoimhniú. Mar sin féin, ní leor straitéisí athbhrandáilte agus teidil mhealltacha chun sinn a chosaint ar na dúshláin atá romhainn.
Mar shampla, is éard is gá a dhéanamh ar dtús toisc práinn a bheith leis ná an creat rialála a shimpliú. Céim riachtanach eile is gá a thabhairt ná an rómhaorlathas a laghdú agus nósanna oibre tapa solúbtha a chur chun cinn ina ionad sin. Le blianta fada, tá gnólachtaí an Aontais ag streachailt leis an róchastacht agus le próisis chinnteoireachta mhalltriallacha. Is gá dúinn freisin an tseiceáil iomaíochais a chur chun feidhme ar shlí fhónta fhiúntach ionas gur cuidiú iad na bearta reachtacha agus rialála nua le fás a chur faoi ghnólachtaí in ionad bac a chur orthu.
Dírítear sa Chompás, mar is ceart, ar an nuálaíocht a chothú trí Aontas láidir na Margaí Caipitil agus ar a bhfuil de bhacainní struchtúracha rompu a chur as an tslí ionas gur féidir leas a bhaint as acmhainneacht na hEorpa i dtaca le teicneolaíocht dhomhain, fuinneamh glan agus ardmhonaraíocht. San am céanna, tá éiceachóras torthúil á chruthú san Aontas do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá i mbun fáis.
Is follas ón gcaoi nár tugadh Aontas na Margaí Caipitil i gcrích go fóill nach acmhainn dúinn a thuilleadh moille a dhéanamh. Siúd is go gcuireann an Compás comhordú níos fearr ar infheistíochtaí rialtais náisiúnta chun cinn, níl plean soiléir ann a fhad a bhaineann le foinsí coiteanna cistiúcháin eile. Bíodh sin mar atá, ní fhanfaidh an domhan linn.
Tá tús curtha leis an rás, rud a fhágann gur mithid dúinn géarú ar na maidí anois nó riamh. Ní hamháin gur fíor-riachtanas eacnamaíoch é an t-iomaíochas a chur chun cinn, ach ní féidir an rathúnas comhroinnte a ghealladh do chách dá éagmais. Is cuid den réiteach iad na gnólachtaí Eorpacha agus sin mar a bheidh feasta.