Ní mór daoine óga i réigiún na Meánmhara a áireamh ag gach céim den bhealach, ó cheapadh beartas go cur chun feidhme. Ní hamháin go múnlaíonn siad beartais ach múnlaíonn siad an saol freisin, mar a tugadh chun suntais sa díospóireacht a bhí ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE).

Is í an díospóireacht a bhaineann le glacadh na tuairime Rannpháirtíocht na hÓige san idirphlé sóisialta agus sibhialta i réigiún na Meánmhara, a tionóladh ag seisiún iomlánach CESE i mí Eanáir, an chéad tuairim ó CESE inar cuireadh ionchur ionadaithe óige an réigiúin san áireamh. Chuir ochtar ionadaithe óga leis an bpróiseas dréachtaithe.

Le linn na díospóireachta, leag an Coimisinéir um Réigiún na Meánmhara, Dubravka Šuica, béim ar a thábhachtaí atá daoine óga do rathúnas, do chobhsaíocht agus d’athléimneacht an réigiúin. Tá todhchaí na Meánmhara ar láimh a ndaoine óga. Ar mhaithe le todhchaí chomhroinnte agus inbhuanaithe, ní mór dúinn dul i dteagmháil go díreach leis na glúnta óga, lena chinntiú go mbeidh a nguthanna mar threoir ag na beartais agus na tosaíochtaí atá againn. I dteannta a chéile, cuirfidh muid cruth ar an gcomhaontú nua don Mheánmhuir trí infheistíocht a dhéanamh san oideachas, i bpoist agus san fhás.’

Chuir Uachtarán CESE, Oliver Röpke, in iúl a thacaíocht do chomhaontú nua an Choimisinéara Šuica, lena ndírítear ar infheistíocht, ar inbhuanaitheacht agus ar imirce, agus dúirt sé freisin nach mór páirt ghníomhach a thabhairt don tsochaí shibhialta i ndearadh an chomhaontaithe sin. ‘Tá rannpháirtíocht na ndaoine óga ríthábhachtach do thodhchaí an réigiúin, agus tá CESE tiomanta a chinntiú go gcuirfidh a nguthanna cruth ar an mbeartas agus ar an gcinnteoireacht. In éineacht leis an Aontas don Réigiún Meánmhuirí agus Fondúireacht Anna Lindh, táimid ag iarraidh Meánmhuir shíochánta rathúil a thógáil.’

Agus béim á leagan aici ar a thábhachtaí atá rannchuidiú na n-ionadaithe óga leis an tuairim, dúirt an Banphrionsa Rym Ali, uachtarán Fhondúireacht Anna Lindh, nach amháin go bhfuil sé tábhachtach oibriú le daoine óga, ach go bhfuil sé práinneach agus tairbheach. ‘Is mór an méid atá i gceist. Gan na daoine óga a bheith ag tacú linn, gan uirlisí a thabhairt dóibh le go mbeidh siad rannpháirteach go comhionann, ní féidir linn réiteach a thógáil don todhchaí. Ní mór suíochán a bheith acu ag an tábla’, a dúirt sí.

Is í Eliane El Haber an t-ionadaí óige don tuairim, agus is comhairleoir í ag Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 4 UNESCO An Óige & Líonra na Mac Léinn. Ghlac sí go fonnmhar le tionscnamh CESE chun daoine óga a rannpháirtiú go gníomhach, daoine a dhéanann ionadaíocht ar chúlraí éagsúla réigiúnacha, inscne, oideachais agus cultúrtha.