European Economic
and Social Committee
Tacaíocht chothrom airgeadais a áirithiú d’eintitis an gheilleagair shóisialta laistigh de rialacha an Aontais
Le Giuseppe Guerini
Mar a thugtar le fios i dteideal Thuarascáil Letta, tá i bhfad níos mó i gceist leis an Aontas Eorpach agus a chóras eacnamaíoch agus gnó ná margadh. Is mar sin don scéal mar, ón tús ar fad, roghnaigh an tAontas Eorpach a bheith ina gheilleagar sóisialta margaidh, rud ar dá réir nach ionann an rathúnas eacnamaíoch agus saibhreas a dhéanamh amháin. Is ionann é agus saibhreas a dhéanamh sa trádáil agus sa mhargadh agus a bheith cinnte go rachaidh an saibhreas sin chun tairbhe do chách.
Ar an gcaoi sin, cruthaíonn fiontair an gheilleagair shóisialta éiceachóras a chinntíonn an dlúthpháirtíocht trí bhíthin an ghnó. Is samhail úsáideach é sin d’eagraíochtaí príobháideacha a ghníomhaíonn ar mhaithe leis an leas ginearálta mar sin féin.
Sainaithnítear an ghné sin i dTuarascáil Letta, gné ar ionchorpraíodh í cheana sa phlean gníomhaíochta agus sa mholadh maidir leis an ngeilleagar sóisialta. Iarrtar sa tuarascáil ar na hinstitiúidí Eorpacha na saintréithe sonracha a bhaineann le fiontair an gheilleagair shóisialta a aithint. Ina dhiaidh sin, ba ghá na rialacha atá ann don mhargadh inmheánach agus don iomaíocht a oiriúnú agus an creat dlíthiúil maidir le státchabhair a fheabhsú chun a chinntiú gur fusa d’fhiontair an gheilleagair shóisialta teacht ar iasachtaí agus ar mhaoiniú.
Ní beag an obair atá déanta ag CESE chun a chinntiú go n-aithníonn na hinstitiúidí Eorpacha agus idirnáisiúnta cuspóir agus ról fhiontair an gheilleagair shóisialta. Ghlac sé páirt i roinnt mhaith tionscnamh agus tá an-chuid tuairimí glactha aige i gcomhréir leis an obair a d’fhág gur glacadh an Plean Gníomhaíochta maidir leis an nGeilleagar Sóisialta in 2021 agus an Moladh do na Ballstáit in 2023. Anuas air sin, d’eisíomar tuairimí maidir leis an mbeartas iomaíochta agus an státchabhair a mhéid a bhaineann le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Mar thoradh air sin, tá sé tugtha chun solais againn gur gá méadú a dhéanamh ar na tairseacha maidir le státchabhair de minimis a dheonú. D’éirigh linn athruithe a dhéanamh ar an rialachán a formheasadh go déanach in 2023 dá bharr chomh maith. Iarrtar i dTuarascáil Letta go ndéanfaí an rialachán ginearálta maidir le blocdhíolúine a oiriúnú agus go gcuirfí feabhas ar chúrsaí maoinithe. Tá an dá iarraidh sin i gcomhréir leis an nglao a rinne CESE i dtuairimí éagsúla a eisíodh in 2022 agus in 2023. Leis sin, moltar dúinn coinneáil ag obair chun an tuairim seo a chur chun cinn ar mhaithe le borradh a chur faoin aitheantas a thugtar don gheilleagar sóisialta. Ba mhaith linn tuilleadh daoine a chur ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann le rialáil éifeachtach maidir le hiomaíocht agus státchabhair d’fhiontair an gheilleagair shóisialta agus do chóras iomlán na seirbhísí leasa ghinearálta araon.