European Economic
and Social Committee
CESE, Uachtarántacht na hÉireann agus an fhís choiteann atá acu
I ndiaidh na díospóireachta a reáchtáladh le Comhaltaí CESE le linn sheisiún iomlánach mhí Iúil, níl aon dabht faoi ach go bhfuil clár Uachtaránacht reatha an Aontais ag freagairt go mór do na hábhair imní atá ag sochaí shibhialta eagraithe na hEorpa agus don mhéid a bhfuil sí ag súil leis.
Rachaidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i ndlúthchomhar le Rialtas na hÉireann le linn Uachtaránacht na tíre sin ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh sna sé mhí atá amach romhainn. Ba é Thomas Byrne, an tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha agus Cosaint, a ghlac páirt sa díospóireacht thar ceann Rialtas na hÉireann. Is éard a tháinig chun solais le linn an phlé na cuspóirí atá i bpáirt ag CESE agus Uachtaránacht na hÉireann, agus an bhéim a leagfar san Uachtaránacht ar thacaíocht na sochaí sibhialta eagraithe a chur chun tairbhe d’fhonn beartas an Aontais a mhúnlú.
Faoi scáth an mhana ‘Ní neart go cur le chéile’, díreoidh obair Uachtaránacht na hÉireann ar phríomhthéamaí an iomaíochais, na luachanna Eorpacha agus na slándála, rudaí atá fite fuaite ina chéile agus a chuireann lena chéile. I measc na bpríomhchuspóirí atá leagtha síos, beifear ag dréim le rathúnas agus folláine na saoránach a chothú, bunchlocha an Aontais a dhaigniú agus pobal an Aontais a chosaint.
‘Leanfaidh Uachtaránacht na hÉireann den iarracht teacht ar chomhaontú idir na Ballstáit ar bheartais a thagann faoi réim gach ceann de cholúin Uachtaránacht na hÉireann, agus d’fhonn na cuspóirí sin go léir a bhaint amach rachfar i dteagmháil ar bhonn fónta leis an bpobal agus leis an tsochaí shibhialta’, arsa an tAire Byrne. ‘Is láidre an Eoraip nuair a chloistear glór na ndaoine agus nuair a dhéantar ionadaíocht thar a gceann, agus is dá bharr sin a chuathas i gcomhairle go forleathan leis an bpobal chun eolas a dhéanamh do thosaíochtaí Uachtaránacht na hÉireann. Táim ag súil le teagmháil leanúnach a choinneáil ar bun le CESE, óir is é mana na hUachtaránachta ‘Ní neart go cur le chéile’.
Óna thaobhsa de, chuir Séamus Boland, Uachtarán CESE, i bhfáth go raibh ‘tábhacht pholaitiúil’ leis an Aire a bheith i láthair, agus dúirt sé an méid seo a leanas: ‘Is mór againn gur chinn Rialtas na hÉireann, agus an Uachtaránacht fós ina tús, dul i dteagmháil le CESE ar leibhéal an aire. Cuireann sé sin teachtaireacht shoiléir in iúl faoin tábhacht a chuireann an Uachtaránacht seo leis an tsochaí shibhialta eagraithe agus le ról an daonlathais rannpháirtíochta i múnlú an bheartais Eorpaigh. Éiríonn le mana na hUachtaránachta brí an tionscadail Eorpaigh, mar aon le misean an Choiste seo, a léiriú go beacht.’
An chomhpháirtíocht idir CESE agus Uachtaránacht na hÉireann
Ó tá Éire thar a bheith tiomanta don idirphlé leis an tsochaí shibhialta eagraithe, tá ocht dtústuairim iarrtha ag an Uachtaránacht ar CESE. Trí bhíthin na tústuairime, tá CESE in ann moltaí a dhéanamh sula ndéanann na hinstitiúidí Eorpacha reachtaíocht nua a mholadh, rud a chuireann ar chumas na sochaí sibhialta lón machnaimh maidir le saincheisteanna beartais a chur ar fáil ag pointe luath.
Na tústuairimí atá iarrtha ag Uachtaránacht na hÉireann, cumhdaíonn siad na tosaíochtaí comhpháirteacha seo a leanas: an comhionannas agus an t-iomaíochas, FBManna agus an simpliú, an chothroime dhigiteach, an rannpháirtíocht dhaonlathach chuimsitheach, an tithíocht inacmhainne, an bhochtaineacht idirghlúine, agus an talmhaíocht agus an bia.
Ar cheann de ghnéithe eile na comhpháirtíochta, reáchtálfar comhdháil ardleibhéil maidir leis an tithíocht inacmhainne. Is i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna a reáchtálfar í.
De bhreis air sin, cuirfidh CESE le clár cultúir na hUachtaránachta trí bhíthin imeachtaí éagsúla a dhéanfaidh ceiliúradh ar an nGaeilge, ar an oidhreacht agus ar an léiriú ealaíonta.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gcomhobair a dhéanfar le hUachtaránacht na hÉireann, ach cuairt a thabhairt ar ár suíomh gréasáin.
Tuairimí shochaí shibhialta eagraithe an Aontais
‘Is maith a thuigeann muintir na hÉireann mar is féidir geilleagar atá ar gcúl a dhéanamh iomaíoch. Réamhchoinníoll is ea an t-iomaíochas, má táthar chun fostaíocht ardchaighdeáin a chur ar fáil, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a mhaoiniú agus múnla sóisialta an Aontais a choinneáil ar bun. Tá a sócmhainní féin ag an Eoraip: acmhainneacht thionsclaíoch, lucht saothair den scoth agus margadh aonair cumhachtach. An rud a theastaíonn anois ná iad a chur chun lántairbhe trí bhíthin an tsimpliúcháin, tríd an margadh aonair a chur i gcrích i ndáiríre agus trí bhíthin na trádála oscailte.
Sandra Parthie, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí in CESE
‘Caithfear éisteacht le glór na ndaoine, le glór na sochaí sibhialta: téimis i ngleic leis an ngéarchéim shóisialta atá ag teacht chun cinn. Tithíocht nach bhfuil teacht uirthi, bochtaineacht leanúnach, an costas maireachtála a bheith ag dul i méid, poist ardchaighdeáin a bheith gann. ‘Ní neart go cur le chéile’ an mana atá agaibh. Bhuel, ní cur le chéile go dlúthpháirtíocht, ach ní dhéantar tagairt shuntasach ar bith don bheartas sóisialta sna tosaíochtaí atá agaibh. Bíodh sibh ag dréim leis an Eoraip a chur ag obair dá pobal.’
Lucie Studničná, Cathaoirleach Ghrúpa na nOibrithe in CESE
‘Ní éireoidh leis an tionscadal Eorpach ach amháin má thugtar rannpháirt éifeachtach don tsochaí shibhialta ag gach céim den obair. Cé is moite de sin, caithfear gach beart is féidir a dhéanamh chun na luachanna Eorpacha agus an tsíocháin a chosaint san Aontas. Is gá go mbeidh an fhorbairt inbhuanaithe ina treoir bhunúsach dúinn i gcónaí, agus go mbainfear cothromaíocht amach idir an fás eacnamaíoch agus iomaíochas an gheilleagair shóisialta margaidh.
Cillian Lohan, Cathaoirleach Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE
Liosta na dtústuairimí
INT/1131- An tsochaí shibhialta a bheith ina ceann feadhna i dtuiscint agus i gcur chun feidhme na Straitéise maidir le Margadh Aonair (atá le glacadh i seisiún iomlánach i mí Mheán Fómhair)
SOC/874 – An comhionannas agus an clár oibre iomaíochais (atá le glacadh i seisiún iomlánach mhí Mheán Fómhair)
INT/1130 – FBManna agus an simpliú: an clár oibre simpliúcháin chun leasa FBManna (atá le glacadh i seisiún iomlánach mhí Mheán Fómhair)
Gníomh um Chothroime Dhigiteach (atá le glacadh i seisiún iomlánach mhí Mheán Fómhair)
SOC/873 – Rannpháirtíocht Dhaonlathach Chuimsitheach: an tSochaí Shibhialta a chur chun cinn i bPobail (atá le glacadh i seisiún iomlánach mhí Dheireadh Fómhair)
TEN/889 – Tithíocht inacmhainne a chur ar fáil – Cur le modhanna tógála nua-aimseartha agus costais a ísliú (atá le glacadh i seisiún iomlánach i mí Mheán Fómhair)
SOC/875 – Straitéis i gcoinne na bochtaineachta agus an bhochtaineacht idirghlúine (atá le glacadh i seisiún iomlánach mhí Mheán Fómhair)
NAT/993 – Straitéis Feirmeoireachta Beostoic Inbhuanaithe 2026 (atá le glacadh i seisiún iomlánach mhí Iúil)
Downloads
-
CESE, Uachtarántacht na hÉireann agus an fhís choiteann atá acu
Recommended for you
#YEYS2022: Ceist na bréagaisnéise pléite ag aos óg na hEorpa agus a dtuairimí ina leith curtha in iúl acu don Leas-Uachtarán Jourová
News
Chuir daltaí meánscoile ó gach cearn den Eoraip ocht gcinn de thograí nithiúla faoi bhráid Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Luachanna agus um Thrédhearcacht, Věra Jourová. Bhí páirt á…
Eagrán speisialta de CESE info
News
Eagrán speisialta de CESE info atá dírithe ar an Úcráin. Is féidir scéal Tetyana Ogarkova a léamh, bean a chuala fuaim ionradh na Rúise ar dhúiseacht di an 24 Feabhra.
Déanfar doirse CESE a oscailt do Shochaí Shibhialta na hÚcráine
News
Chun beart nithiúil a dhéanamh den dlúthpháirtíocht leis an Úcráin, tá cead á thabhairt ag CESE don eagraíocht neamhrialtasach Promote Ukraine cuid dá áitreabh, agus trealamh lóistíochta, a úsáid ag…
Toghadh Séamus Boland ina Uachtarán ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus gheall sé go gcuirfear an tsochaí shibhialta i gcroílár na hEorpa
News
Toghadh Séamus Boland na hÉireann ar an 35ú Uachtarán ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) le haghaidh an téarma oifige 2025-2028. Is urlabhra riamh anall é do phobail na tuaithe…
#CivilsocietyforUkraine
News
Cáineann CESE ionradh Rialtas na Rúise ar an Úcráin, ionradh atá gan údar agus gan chúis Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) maidir leis an gcogadh san Úcráin agus an tionchar…