Toghadh Séamus Boland ina Uachtarán ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus gheall sé go gcuirfear an tsochaí shibhialta i gcroílár na hEorpa

Toghadh Séamus Boland na hÉireann ar an 35ú Uachtarán ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) le haghaidh an téarma oifige 2025-2028. Is urlabhra riamh anall é do phobail na tuaithe agus don chuimsiú sóisialta. Treoróidh sé comhlacht seo an Aontais feasta ina chuid ionadaíochta ar an tsochaí shibhialta eagraithe ar feadh dhá bhliain go leith. An clár oibre atá aige, is clár é atá dírithe ar dheiseanna a chur ar fáil trí dhíothú na bochtaineachta, an daonlathas a dhaingniú tríd an spás sibhialta a chosaint, agus an t‑aistriú chuig geilleagar níos iomaíche agus níos glaise a áirithiú ar bhealach nach bhfágfaidh aon duine ar an trá fholamh.

Toghadh an Uasal Boland nuair atá dúshláin go leor ann san Eoraip agus iad ag cur le práinn a chéile: an choinbhleacht agus éagobhsaíocht dhomhanda, an t‑athrú aeráide, meath na bithéagsúlachta, agus éagothroime shóisialta leanúnach. Is éard is dóigh leis nach mór don Aontas aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí sin gan an daonlathas is croílár dó a chur i mbaol.

‘Ar feadh mo shaoil, is í tsochaí shibhialta i gceartlár mo chroí. Is éard ab áil liom anois an tsochaí shibhialta a chur i gceartlár na hEorpa. Ní féidir le daoine páirt a ghlacadh sa tsochaí go hiomlán má chuirtear as an áireamh iad, má tá laghdú ag teacht ar an spás sibhialta, má tá an tslándáil faoi bhagairt orthu, sin nó mura bhfuil athléimneacht sa gheilleagar. Is í an fhís atá agam mar Uachtarán ar CESE Aontas na ndeiseanna, na slándála agus na hathléimneachta, rud is féidir linn a thabhairt i gcrích le chéile,’ a dúirt Séamus Boland, Uachtarán CESE.

Is comhalta de CESE an tUasal Boland ó 2011 i leith. Tá sé ina chathaoirleach ar Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE ó 2020 anall. Lasmuigh den Choiste, tá sé ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Nasc Tuaithe na hÉireann, príomhlíonra forbartha tuaithe na hÉireann, eagras is urlabhraí do na mílte pobal agus eagraíocht ar fud na tíre. Tá sé ar bhoird náisiúnta éagsúla chomh maith, orthu sin Comhairle na dTailte Móna agus Iascach Intíre Éireann.

Is iomaí grúpa faoi leithcheal ar thug sé misneach agus aitheantas dóibh le fada an lá. Orthu sin tá pobail na tuaithe, daoine óga, mionlaigh, agus daoine faoi mhíbhuntáiste sa tsochaí. Ina Uachtarán dó ar CESE, geallann sé go gcloisfear guth na ndaoine sin sa Bhruiséil agus ar fud an Aontais araon.

Faoin mana ‘An tSochaí Shibhialta i gcroílár na hEorpa’, tá clár uaillmhianach leagtha amach ag Uachtarán nua CESE, clár atá bunaithe ar thrí cholún: Deiseanna, Slándáil agus Athléimneacht. Is de na haidhm ata aige dul i ngleic leis an mbochtaineacht, an daonlathas a chosaint, an rannpháirtíocht shibhialta a neartú, agus aistriú cothrom glas a chinntiú a rachaidh i bhfeidhm ar na pobail uile.

Is iad Alena Mastantuono, Poblacht na Seice, an Leas-Uachtarán um an mBuiséad, agus Marija Hanževački na Cróite, an Leas-Uachtarán um Chumarsáid.

Aontas na ndeiseanna

Is é is príomhthosaíocht don Uachtarán nua CESE Eoraip ina mbeidh rath ar gach uile dhuine, gan beann ar a gcúlra ná ar an áit a bhfuil siad lonnaithe. Féachfaidh an clár oibre atá aige le cothromaíocht a bhaint amach idir an fás eacnamaíoch, an cuimsiú sóisialta agus comhionannas na rochtana ar dheiseanna. Is rud é an comhrac i gcoinne na bochtaineachta a bheidh i gceartlár na hoibre sin.

Éileoidh an clár gníomhaíocht chomhordaithe maidir le bochtaineacht an lucht oibre agus bochtaineacht na leanaí, neartóidh sé rannpháirtíocht na hóige i gceapadh na mbeartas, cosnóidh sé sláinte mhothúchánach na ndaoine óga agus leanaí, agus tacóidh sé le grúpaí leochaileacha i gceantair thuaithe agus uirbeacha araon. Molann sé freisin go mbeadh tionscnaimh ann chun borradh a chur faoi chruthú na bpost, tionscnamh a bheadh dírithe ar FBManna lena áirithiú go sroichfidh beartais maidir le cearta sóisialta, tithíocht agus míchumas na ndaoine is mó atá i lúba an gátair.

Aontas na slándála

An daonlathas agus an spás sibhialta, sin dhá rud atá faoi bhrú ar fud na hEorpa. Sa dara colún, is ar chosaint na mbunluachanna sin atáthar ag díriú. Déanfaidh CESE saoirse na meán a threisiú, an bhréagaisnéis a chomhrac, agus an t‑idirphlé sibhialta a leathnú, rud lena n‑áirítear le pobail san Úcráin agus le tíortha is iarrthóirí.

Tá sé d’aidhm ag Uachtarán nua CESE go mbeidh an Coiste ina chaomhnóir ardphróifíle ar an rannpháirtíocht dhaonlathach agus ina ardán do ghuthanna na sochaí sibhialta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, ós iad rannpháirtíocht shibhialta agus muinín in institiúidí an chosaint agus an cumhdach ab fhearr san Eoraip ar an mbréagaisnéis agus ar an ródheighilt.

Aontas na hAthléimneachta

Tá méadú ag teacht ar na dúshláin fhadtéarmacha atá le sárú ag an Eoraip: an t‑athrú aeráide, an claochlú tionsclaíoch, athruithe déimeagrafacha agus ganntanas uisce. Sa tríú colún de chuid an Uasail Boland, tá cur chuige réamhghníomhach comhtháite á chur chun cinn ionas gur fearr an chothromaíocht a bheidh ann idir an inbhuanaitheacht, an t‑iomaíochas agus an chothroime. Féachfaidh a uachtaránacht le nuashonrú a dhéanamh ar dhearbhú CESE maidir leis an gComhaontú Gorm maidir le hathléimneacht uisce, borradh a chur faoi bheartais chuimsitheacha maidir leis an aistriú glas nach bhfágfaidh aon réigiún ná aon phobal ar lár, agus tacú leis an nuálaíocht agus le forbairt scileanna chun an t‑iomaíochas agus an chothroime shóisialta a áirithiú. Beidh pobail na tuaithe, pobail a ndéantar neamhaird orthu go minic i ndíospóireachtaí beartais, lárnach sna hiarrachtaí sin, rud a léireoidh a chuid tiomantais don chuimsiú agus don chomhionannas ar feadh an tsaoil.

Cuirfidh Uachtarán nua CESE a chlár i láthair an 23 Deireadh Fómhair, in éineacht le ráitis ón gCoimisinéir Eorpach Hadja Lahbib,  Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Younous Omarjee, agus Aire na hÉireann Thomas Byrne, le físteachtaireachtaí ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Antonio Costa, agus ón gCoimisinéir Eorpach um Dhaonlathas, um Cheartas, um an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí, Michael McGrath. 

Cúlra

Toghtar an tUachtarán agus an bheirt Leas-Uachtarán trí thromlach simplí le linn sheisiún tionscnaimh thionól CESE. Roghnaítear duine san am ó cheann de na trí ghrúpa atá sa Choiste – Fostaithe, Oibrithe, agus Eagrais na Sochaí Sibhialta. Dhá bhliain go leith a mhaireann an téarma. Tionóltar dhá thoghchán i rith gach téarma de théarmaí CESE, ceann i dtús ama, agus ceann eile i meán an téarma. Déanann an tUachtarán maoirseacht ar ghnó an Choiste agus is é is urlabhra dó le linn an chaidrimh le hinstitiúidí eile an Aontais. An bheirt Leas-Uachtarán, beirt a thoghtar as an dá ghrúpa nach mbaineann an t‑uachtarán leo, sin iad atá freagrach as cumarsáid agus as an mbuiséad.

Tá CESE comhdhéanta de 329 gcomhalta ó 27 mBallstát an Aontais. Is iad na rialtais náisiúnta a ainmníonn na comhaltaí agus is í Comhairle an Aontais Eorpaigh a cheapann iad ar feadh cúig bliana. Oibríonn siad go neamhspleách ar mhaithe le saoránaigh uile an Aontais. Ní polaiteoirí atá sna comhaltaí. Is iad a labhraíonn thar ceann na bhfostóirí agus na gceardchumann, sin agus thar ceann eagraíochtaí éagsúla na sochaí sibhialta, orthu sin earnálacha na feirmeoireachta, an chomhshaoil, an gheilleagair shóisialta, FBManna, míchumais, na hóige, an chomhionannais inscne agus na n‑earnálacha deonacha.

Work organisation