An Leas Uachtarán Cillian Lohan: sochaí shibhialta eagraithe CESE ag seasamh i ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine

San am tragóideach seo atá mar thoradh ar ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ionsaí gan chúis gan údar, seasaimid i ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine. Is léir go bhfuil an tsochaí shibhialta i roinnt mhaith tíortha san Aontas ag glacadh páirt ghníomhach sna hiarrachtaí cabhrú leis na dídeanaithe le go bhféadfaidh siad an díobháil atá déanta ag an gcogadh a leigheas agus saol nua a thógáil arís.

Tá iarrachtaí éachtacha déanta ag sochaí shibhialta an Aontais chun teacht le chéile agus gach cabhair is gá a thabhairt do shochaí shibhialta na hÚcráine le go bhféadfaidh sí teacht slán as an gcogadh agus dul in oiriúint do na dálaí maireachtála nua trí shásraí lánpháirtithe do dhídeanaithe na hÚcráine. Tá seirbhísí, áiseanna agus nósanna imeachta curtha i bhfeidhm cheana ag a lán tíortha chun na dídeanaithe sin a chuimsiú mar bhaill den tsochaí agus deiseanna fostaíochta, cóiríocht, oideachas agus deiseanna foghlama a chur ar fáil dóibh. Is mór an meas atá agam ar an gcomhpháirtíocht láidir atá tógtha cheana idir sochaí shibhialta an Aontais agus sochaí shibhialta na hÚcráine. Tá sé tábhachtach cur leis an gcomhpháirtíocht láidir sin agus bealaí cumarsáide a chruthú ionas gur féidir faisnéis, sonraí, smaointe agus dea‑chleachtais a mhalartú go héasca agus go hiontaofa.

Ó thosaigh an cogadh, tá fairsinge speisialta flaithiúlachta atá dírithe ar dhídeanaithe na hÚcráine tagtha chun cinn, rud atá ina shampla uathúil den dlúthpháirtíocht, den aontacht agus den altrúchas. Sampla sonrach d’oscailteacht agus de dhlúthpháirtíocht an Aontais is ea an chabhair dhaonnúil, amhail bia, leigheas, earraí riachtanacha agus cistí atá ag teacht as gach réimse den saol.

Tá an tsochaí shibhialta ag seasamh le muintir na hÚcráine. Tá an tsíocháin agus an tslándáil do chách á gcosaint ag náisiún na hÚcráine. Ní stopann an tragóid dhaonna ag teorainneacha na hÚcráine; baineann sí linn go léir. Tá súil agam go bhféadfar droichead daingean a dhéanamh de ghorm agus de bhuí bhratach na hÚcráine, droichead a thabharfaidh muintir na hÚcráine i dtreo na saoirse.