European Economic
and Social Committee
Méadú – an uirlis bheartais is cumhachtaí agus is rathúla atá ag an Aontas
Le Pat Cox
– Labhraíonn ár n-aoi speisialta agus iar-Uachtarán de chuid Pharlaimint na hEorpa, faoi mhéadú ollmhór an Aontais a tharla 20 bliain ó shin agus féachann sé siar ar an dóchas mór a bhí le sonrú le linn na tréimhse sin, tréimhse lenar tugadh an dá thaobh – Iarthar na hEorpa agus Oirthear na hEorpa – le chéile faoi dheireadh. Tráth a bhfuil miotas maidir le bráithreachas Slavach á chumadh ag Putin, agus diúracáin bhalaistíocha á scaoileadh ag an am céanna, is aontas deonach de dhaoine saora ceannasacha é an tAontas i gcónaí, bunaithe ar bhunluachanna na hurraime do chearta an duine, don chomhionannas agus don smacht reachta.
Is imeachtaí iad an ócáid a d’óstáil Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais i mBaile Átha Cliath an 1 Bealtaine 2004 agus an searmanas fáilte a reáchtáladh i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg an 3 Bealtaine 2004 a sheasann amach domsa, ar bhonn polaitiúil ach ar bhonn mothúchánach freisin, agus iad mar laethanta ina raibh dearfacht agus dóchas mór le sonrú, agus a léirigh teacht abhaile, athaontú agus teacht le chéile dhá thaobh na mór-roinne – an tIarthar agus an tOirthear. I mBaile Átha Cliath, léigh Seamus Heaney an dán uaidh Beacons at Bealtaine, dán ina chuireann sé in iúl an dóchas go bhféadfadh an méadú stairiúil sin ‘beola a bhogadh, is gan stad dár réim.’ In Strasbourg, ardaíodh 10 mbratach náisiúnta na mBallstát nua ar chrainn brataí ollmhóra a rinneadh i longchlóis Gdańsk, bronntanas ón bPolainn. Ba léiriú siombalach é turas na gcrann brataí sin go Strasbourg ar an bpróiseas ón gcumannachas go dtí an tsaoirse, léiriú a rinneadh níos láidre fós i ngeall ar Lech Wałęsa a bheith i láthair.
Ar ndóigh, mhothaigh gach duine gurbh éard a bhí san ócáid an toradh ar phróiseas fada casta d’ullmhúcháin fhrithpháirteacha a rinneadh thar blianta fada. Bhí áthas, agus faoiseamh orainn go léir, gur bhaineamar an líne chríche amach agus go raibh an maratón polaitiúil agus nós imeachta curtha dínn.
Is é mo thuairimse féin go bhféadfaimis a rá gurb é an méadú an uirlis bheartais is cumhachtaí, is claochlaitheaí agus is rathúla atá ag an Aontas le caoga bliain anuas. Chuaigh mo thír féin, Éire, isteach sa chéad mhéadú an 1 Eanáir 1973, agus ba í an stát nó an réigiún ba bhoichte i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, mar a thugtaí air ag an am. Is gnéithe a chuireann le taithí agus toradh an-dearfach iad an rochtain ar mhargadh mór, dlúthpháirtíocht an Aontais trí chistí réigiúnacha agus, ina dhiaidh sin, cistí comhtháthaithe le linn na mblianta tosaigh den bhallraíocht, caighdeáin níos airde maidir le comhionannas inscne agus beartas comhshaoil, tacaíocht don phróiseas síochána i dTuaisceart Éireann agus an t-aitheantas a tugadh don toradh dúshlánach a bhí ag Brexit ar Éirinn agus don fhíoras gurb í Éire an t-aon tír san Aontas a bhfuil teorainn talún aici leis an Ríocht Aontaithe. Ní raibh cúrsaí breá éasca i gcónaí, áfach, go háirithe le linn ghéarchéim an limistéir euro. I dtéarmaí glana, áfach, toradh fíordhearfach atá i gceist.
Cé go n-urraím agus gur oth liom, ag an am céanna, cinneadh na Ríochta Aontaithe an tAontas a fhágáil, is cinneadh é sin a léiríonn rud amháin go soiléir: Aontas deonach is ea an tAontas Eorpach, ina bhfuil pobail shaora agus cheannasacha, a bhfuil an rogha acu dul isteach ann agus é a fhágáil. Is mór idir sin agus cogadh nua-impiriúil Putin, cogadh a roghnaigh sé a dhéanamh i gcoinne na hÚcráine. Tá miotas maidir le bráithreachas Slavach á chumadh aige, fad atá gunnaí agus diúracáin bhalaistíocha á scaoileadh, agus dróin mharfacha á úsáid ar bhonn laethúil.
Chuidigh aontachas na Gréige, na Portaingéile agus na Spáinne leis na tíortha sin an próiseas chun filleadh ar an daonlathas tar éis na deachtóireachta a chur i gcrích, agus an caighdeán maireachtála agus cáilíocht na beatha a fheabhsú ag an am céanna.
Leis an méadú mór a tháinig ar an Aontas 20 bliain ó shin, cuireadh dlús mór leis an bhfás sna Ballstáit nua, go háirithe i lár agus in oirthear na hEorpa, ós rud é gur cuireadh borradh faoin infheistíocht, faoin trádáil agus faoi dhlúthpháirtíocht an Aontais. Ar an meán, tháinig méadú ar OTI per capita na dtíortha sin, arna choigeartú chun an boilsciú agus an t-airgeadra a chur san áireamh, ó níos lú ná leath de mheán an Aontais go dtí trí cheathrú de mheán méadaitheach an Aontais thar fiche bliain. Tháinig méadú faoi thrí ar OTI per capita na Liotuáine sa tréimhse sin. Tá feabhas tagtha ar chúrsaí sláinte agus oideachais, rud a chiallaíonn go bhfuil cáilíocht na beatha agus an caighdeán maireachtála níos airde freisin. Tá méadú faoi dhó tagtha ar aschur talmhaíochta ar fud an réigiúin. I mbeagán focal, mar a tharla i gcás na méaduithe uile roimhe seo, is léir go mbíonn torthaí dearfacha ann do na stáit aontacha agus don Aontas. Fágann an méid sin atá ráite agam go bhfuil dearcadh dearfach agam ar an méadú. Mar sin féin, ní dearcadh saonta é sin.
Léirítear leis na himeachtaí atá ar siúl le blianta beaga anuas sa Pholainn agus ar bhonn leanúnach san Ungáir an chaoi a nochtar le sáruithe ar chaighdeáin an Aontais maidir leis an smacht reachta, saoirse na meán nó urraim do chearta mionlaigh an fíoras go t-aontaíonn tíortha áirithe le coincheap an Aontais agus é mar mheán don rathúnas dóibh, ach nach n-aontaíonn siad leis mar chomhphobal ina roinntear luachanna coiteanna. Tá sé fógartha go bródúil ag Príomh-Aire na hUngáire gur daonlathas neamhliobrálach atá san Ungáir. Is cuma cén léamh léirmhínithe a d’fhéadfadh a bheith ag duine ar Airteagal 2 CAE, níl aon dabht nach cairt do dhaonlathas neamhliobrálach atá ann. (‘Tá an tAontas Eorpach fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.’) Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamhidirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.’)
Bhí an méid sin mar chuid de chomhaontú ballraíochta an Aontais agus é scríofa i ngach conradh aontachais agus chomhaontaigh gach stát aontach leis. Ní bunús inbhuanaithe don urraim fhrithpháirteach é an cur chuige ‘ná scaipaigí bhur luachanna chugainn ach seolaigí bhur n-airgead chugainne’ agus ba cheart go dtuigfeadh na stáit is iarrthóirí reatha é sin agus iad ag iarraidh a n-aontachas leis an Aontas Eorpach faoi dheireadh a stiúradh. Táim ag súil go mbeidh ról níos bunúsaí ag critéir Chóbanhávan sa chaibidlíocht sa todhchaí, b’fhéidir le clásail chonartha aontachais lena soláthrófaí cumhacht níos láidre don Aontas a chuid ceartas agus luachanna a chosaint ionas nach rachaidís i léig. Ní margadh amháin atá san Aontas, agus ní hé an dul chun cinn nithiúil an t-aon chuspóir ná an chúis bhunúsach a bhí leis, cé gur inmhianaithe an rud é fós.
Mar sin féin, is féidir linn a thomhas anois ag breathnú ar chuntas teiste an mhéadaithe go dtí seo gur dearfach an rud é do gach duine lena mbaineann agus gur cheart dearcadh dearfach a bheith againn ina leith. Beidh ar na stáit is iarrthóirí tabhairt faoi athruithe suntasacha, agus is ar a luas féin a dhéanfaidh siad amhlaidh. Tá obair bhaile le déanamh ag an Aontas freisin a mhéid a bhaineann lena phróiseas cinnteoireachta agus lena acmhainneacht bhuiséadach íoc as na costais a bheidh i gceist leis na ballstáit nua agus leis an gcúnamh réamhaontachais. Tar éis stádas mar stát is iarrthóir a dheonú, tar éis scagadh a dhéanamh, tar éis creataí caibidlíochta a leagan síos, tar éis caibidlíochta caibidil ar chaibidil a thosú agus a chur i gcrích, is ansin a dhéanfar na conarthaí aontachais a shonrú faoi dheireadh. Ach beidh aontoilíocht ón gComhairle ag teastáil ansin. Ní rud éasca ná simplí a bheidh sa mhéid sin ar chor ar bith. Tá súil agam go léireoidh na Ballstáit uile urraim don dualgas atá orthu ‘comhar dílis’ a dhéanamh chun cuidiú leis na cúraimí a eascraíonn as an gConradh (Airteagal 4(3) CAE) a chur i gcrích.
Is cás uathúil agus níos casta atá san Úcráin mar gheall ar mhéid na tíre, sciar coibhneasta na talmhaíochta le OTI i gcomparáid le meán an Aontais, agus an bhochtaineacht chomparáideach sa tír i dtéarmaí OTI per capita, agus ar ndóigh mar gheall ar an gcogadh agus na hiarmhairtí tubaisteacha a bhaineann leis sin. Is féidir tús a chur leis an gcaibidlíocht. Tá an Úcráin ar an mbealach i dtreo an lánpháirtithe cheana féin, i ngeall ar an gComhaontú Comhlachais agus an Comhaontú Domhain Cuimsitheach Saorthrádála atá aici leis an Aontas Eorpach. D’fhéadfaí na comhaontuithe sin a leathnú de réir a chéile le himeacht ama ach i ndeireadh na dála beidh toradh críochach socraithe agus síocháin chobhsaí – inar féidir ról a bheith ag ballraíocht san Aontas – ina réamhchoinníoll riachtanach don aontachas. Cobhsaíocht atá de dhíth ar an Aontas seachas anord ar a thaobh thoir. I ndeireadh na dála, dá nglacfaí le haontachas na hÚcráine, bheadh buntáistí ann don Úcráin agus don Aontas ina iomláine freisin.
Pat Cox, iar-Uachtarán de chuid Pharlaimint na hEorpa (2002-2004)
Is polaiteoir agus iriseoir Éireannach é Pat Cox. Bhí sé ina Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa ó 2002 go 2004, agus ina Uachtarán ar Ghluaiseacht Idirnáisiúnta na hEorpa ó 2005 go 2011. Tá sé i gceannas ar Fhondúireacht Jean Monnet don Eoraip ó 2015 i leith. Tá sé ina Chomhordaitheoir Eorpach freisin ar Chonair TEN-T Chríoch Lochlann - na Meánmhara agus ina cheannaire ar Mhisean Measúnaithe Riachtanas agus Cur Chun Feidhme Pharlaimint na hEorpa maidir le hAthchóiriú Parlaiminteach Verkhovna Rada san Úcráin. Ag tús a ghairmréime, d'oibrigh sé mar chraoltóir teilifíse cúrsaí reatha ag RTÉ i mBaile Átha Cliath. In 2004, bhuaigh Pat Cox an Duais Idirnáisiúnta Charlemagne Aachen as a thiomantas parlaiminteach do mhéadú an Aontais Eorpaigh.