European Economic
and Social Committee
Is mithid clár tionsclaíoch Eorpach mórscála a bhunú i réimse na cosanta
le Antonello Pezzini, toscaire de chuid an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha in CESE agus iarchomhalta de Ghrúpa na bhFostóirí in CESE
I mí Eanáir seo caite, rinne an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach, Thierry Breton, a chur in iúl an athuair gur gá margadh cosanta inmheánach a chomhdhlúthú chun an tslándáil a chinntiú. Dar leis an Uasal Breton, pointe tosaigh a bhí sna muinisin a cuireadh chun na hÚcráine. Dúirt sé nach mór an cur chuige a leathnú anois agus clár tionsclaíoch Eorpach mórscála a bhunú i réimse na cosanta, ceann a bheadh in ann tacú le leathnú bhonn tionsclaíoch na hEorpa agus an bonneagar is gá a fhorbairt chun limistéir atá ina n-ábhar achrainn a chosaint.
Tá sé curtha in iúl go minic cheana ag CESE go bhfuil gá le Clár Eorpach Forbartha Tionscal i Réimse na Cosanta arbh é is aidhm dó comhchóras cosanta a chruthú a bheadh idir-inoibritheach agus comhtháite.
Is práinní fós an cuspóir sin i bhfianaise staid gheopholaitiúil an lae inniu, ceann a éilíonn orainn uathriail straitéiseach na hEorpa a neartú i réimse na cosanta agus comhbhonn láidir tionsclaíoch agus teicneolaíoch a fhorbairt.
Ba cheart an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i Réimse na Cosanta a bhunú ar chomhfhís straitéiseach don tionscal cosanta a dhéanfadh dul chun cinn i dtreo chomhtháthú éifeachtach na monaróirí agus na n-úsáideoirí san Eoraip, agus trí Bhallstát ar a laghad a bheith páirteach ann.
Is ag teacht chun cinn agus ag dul i méid atá an gá le hidirphlé struchtúrtha ar an leibhéal Eorpach, i gcomhar agus i gcomhordú le ECAT, mar aon le comhairle de chuid na n-airí cosanta a thabharfadh ceannaireacht pholaitiúil leanúnach agus a bheadh ina fóram comhairliúcháin a ghlacfadh cinntí thar ceann na hEorpa agus ar a son.
Ní mór do na forálacha reachtúla an méid a leanas a áirithiú: go mbeadh cothromaíocht ann idir tíortha móra agus tíortha beaga; gur ghnólachtaí beaga iad 20 % de na gnólachtaí atá rannpháirteach ann; go gcuirfí oiliúint ar fáil do na baill foirne oilte agus i gcás próifílí poist nua; agus go mbeadh athoiliúint ar fáil do na baill foirne nach bhfuil feidhm a thuilleadh leis na scileanna atá acu.
Tá sé in am an cur chuige a leathnú agus a neartú agus clár tionsclaíoch Eorpach mórscála a bhunú i réimse na cosanta, ceann a bheadh in ann tacú le leathnú bhonn tionsclaíoch na hEorpa trí earraí ‘dé-úsáide’ a fhorbairt. Is earraí iad sin, lena n-áirítear bogearraí agus earraí teicneolaíochta, is féidir a úsáid chun críoch sibhialta agus míleata araon agus áirítear leo earraí is féidir a úsáid chun airm cheimiceacha, airm bhitheolaíocha agus modhanna seachadta na n-arm úd a dhearadh, a fhorbairt, a tháirgeadh nó a úsáid.
Tá an leagan iomlán den alt seo ar fáil i nuachtlitir Ghrúpa Fhostóirí CESE: https://europa.eu/!yKMPTk