Le Cláudia Pinto, Fóram Eorpach na nÓg 

Is é Fóram Eorpach na nÓg an t-ardán is mó d’eagraíochtaí óige san Eoraip, agus tar éis dó tréimhsí oiliúna ardchaighdeáin a mholadh le 10 mbliana anuas, tá sé ag tacú anois leis an iarraidh ó CESE cosc a chur ar thréimhsí oiliúna gan íocaíocht. Tá anailís déanta ag ár n-aoi speisialta, Cláudia Pinto ó Fhóram Eorpach na nÓg, ar an togra is déanaí ón gCoimisiún chun feabhas a chur ar cháilíocht tréimhsí oiliúna san Aontas agus tá na lochtanna uile liostaithe aici cé go bhfuil sí den tuairim gur céim mhór chun tosaigh é ar an iomlán.

Is minic, agus iad ag lorg post, nach mbíonn roimh dhaoine óga sa lá atá inniu ann ach sraith de thréimhsí oiliúna neamhíoctha. Cén gealltanas a thugtar? Deirtear gur bealach le dul isteach i margadh an tsaothair atá sna tréimhsí oiliúna sin gan phá. Maítear go dtugtar rochtain do dhaoine óga ar líonraí agus go gcuirtear taithí foghlama nua ar fáil dóibh. 

Níl a leithéid de rud, áfach, agus neamhspleáchas airgeadais le tréimhsí intéirneachta den chineál sin. Conas is féidir bia a cheannach, cíos a íoc nó smacht a choinneáil ar na billí uile sin a mbíonn sa mhullach orainn ar fad más ag obair saor in aisce atá tú? 

Is dúshaothrú ar dhaoine óga i margadh an tsaothair i ndáiríre iad na tréimhsí oiliúna gan phá. Cuireann siad leis an eisiamh sóisialta freisin ós rud é go bhfágtar ar lár láithreach bonn na daoine sin nach acmhainn dóibh a bheith ag obair saor in aisce, daoine óga ó chúlra faoi mhíbhuntáiste cuir i gcás. Mar bharr donais ar an scéal, ní ann do phoist ar an leibhéal iontrála mar gheall orthu, rud a fhágann gur forbhásaí fós an margadh saothair. 

Tá tréimhsí oiliúna ar ardchaighdeán á gcur chun cinn ag Fóram Eorpach na nÓg le 10 mbliana anuas. Le dhá bhliain anuas, tá feachtas dar teideal An bhfuil sé d’acmhainn agatsa a bheith ag obair saor in aisce? á reáchtáil go gníomhach againn, agus treoir á éileamh againn chun cosc a chur ar thréimhsí oiliúna gan phá i margadh an tsaothair i mBallstáit uile an Aontais. 

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach togra chun feabhas a chur ar cháilíocht tréimhsí oiliúna san Aontas Eorpach ar deireadh i mí an Mhárta agus, go deimhin, rinne sé treoir a iarraidh ann! Is céim mhór chun cinn é seo agus tiomantas dochloíte na ndaoine óga ar fud na mór-roinne ba chúis leis. In ainneoin na céime chun tosaigh, áfach, ní áirithítear go soiléir faoin treoir go gcuirfear pá ar fáil do thréimhsí oiliúna i margadh an tsaothair. 

Is é príomhábhar imní Fhóram Eorpach na nÓg maidir leis an téacs atá beartaithe nach dtéann sé i ngleic ach le gné amháin den fhadhb. Ní phléitear ann ach na tréimhsí oiliúna bréagacha (i.e. gnáthphoist atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna agus é d’aidhm acu dálaí oibre agus an pá go háirithe a ísliú) nuair ba cheart díriú ar gach intéirneach i margadh an tsaothair. Treoir um fhorfheidhmiú atá á moladh ag an gCoimisiún Eorpach, rud a chuireann cuid mhaith brú ar chigireachtaí saothair, daoine nach dtugtar acmhainní airgeadais leordhóthanacha dóibh agus a bhfuil ualach trom oibre orthu cheana féin. 

Dá bhrí sin, is cúis imní é d’Fhóram Eorpach na nÓg cur chun feidhme praiticiúil na treorach agus an chaoi ar féidir cearta daoine óga a urramú go praiticiúil. Go bunúsach, ní dhéantar sa togra ach sainmhíniú a thabhairt ar cad nár cheart a dhéanamh le linn na dtréimhsí oiliúna seachas cearta a bhronnadh go soiléir ar intéirnigh. Cé go n-áirítear prionsabal ann nach ndéanfar idirdhealú ar intéirnigh is ábhar imní é d’Fhóram Eorpach na nÓg, mar sin féin, an chaoi a bhféadfadh na Ballstáit an prionsabal sin a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta ós rud é go bhféadfadh fostóirí leanúint fós de dhúshaothrú a dhéanamh ar dhaoine óga. 

Sa bhreis ar an togra le haghaidh treorach, mhol an Coimisiún Eorpach Moladh nua ón gComhairle freisin chun an Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna a thabhairt cothrom le dáta, trína raon feidhme a leathnú chuig gach cineál intéirneachta agus trí phrionsabail maidir le rochtain ar phá agus ar chosaint shóisialta a áireamh ann. Is iontach an rud é na prionsabail sin a bheith le feiceáil i dtogra cé nach bhfuil an Moladh ón gComhairle ceangailteach faraor. 

Leanfaidh Fóram Eorpach na nÓg de chearta daoine óga a chosaint agus de bheith ag troid ar son dálaí oibre cothroma. Iarraimid ar an gComhairle Eorpach agus ar Pharlaimint na hEorpa an téacs a neartú agus a áirithiú nach mbeidh aon lúb ar lár ann a d’fhéadfadh dúshaothrú leanúnach daoine óga a cheadú. Chun miondealú iomlán ar an togra seo a fháil, bí cinnte agus ár n-alt Two Steps Forward One Step Back a léamh.

Cláudia Pinto ó Fhóram Eorpach na nÓg atá i gceannas ar an obair thathanta maidir le haistriú daoine óga ón oideachas go margadh an tsaothair, ina ndírítear ar bheartais chun feabhas a chur ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna san Eoraip. Agus saineolas aici ar bheartas sóisialta agus saothair na hEorpa, d’oibrigh sí roimhe seo i gCónaidhm Eorpach na gCeardchumann Neamhspleách.