European Economic
and Social Committee
Comhaontú tionsclaíoch glan don Eoraip agus dá lucht oibre?
Grúpa na nOibrithe a scríobh
Is iomaí dúshlán difriúil atá roimh thionscail na hEorpa, lena n-áirítear praghsanna fuinnimh an-ard, agus deacrachtaí fórsa saothair oilte a mhealladh agus rochtain a fháil ar mhaoiniúchán. In 2023, rinne an tAontas Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais a chur chun tosaigh, plean atá dírithe ar an neodracht carbóin a bhaint amach. Sa chur a láthair a rinne sí ar na treoirlínte polaitiúla an fómhar seo caite, luaigh an tUachtarán von der Leyen ‘Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan’ ar mhaithe le tionscail iomaíocha agus poist ardcháilíochta, faoi anáil thuarascáil Draghi.
Tá an tionsclaíocht ina cuid riachtanach den aistriú glas, den aistriú digiteach, agus den chóras eacnamaíoch atá againn. Ach céard atá i ndán ag an gcomhaontú nua seo don lucht oibre? An fórsa oibre a bheith láidir, ballraíocht a bheith acu i gceardchumainn, agus tuarastal maith agus dálaí maithe oibre a bheith acu, baineann an méid sin ní hamháin leis na ceardchumainn féin ach leis an tsochaí i gcoitinne, leis an daonlathas agus an chobhsaíocht shóisialta, agus le táirgiúlacht na gcuideachtaí freisin.
Mura dtabharfar treoir chuí agus maoiniúchán poiblí leordhóthanach, is féidir go rachaidh an comhaontú seo i muinín na gcodanna sin de thuarascáil agus clár iomaíochas Draghi is mó atá i bhfabhar na dírialála. D’fhéadfadh sé sin samhail shóisialta na hEorpa a chur i mbaol agus samhail iomaíochta dhíobhálach á cur chun cinn, ceann a spreagfadh sodar go grinneall ó thaobh tuarastail agus dálaí oibre de.
D’fhonn aghaidh a thabhairt ar an údar imní sin, tá comhdháil chomhpháirteach á heagrú ag Grúpa na nOibrithe in CESE agus Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann ar bheartas tionsclaíoch na hEorpa maidir le poist ardcháilíochta, a reáchtálfar an 14 Feabhra in áitreabh CESE. Iarrtar ar gach dream ar spéis leo an t-ábhar seo an dáta a chur sa dialann agus páirt a ghlacadh sa phlé.