Tá ár sochaithe á gcreimeadh ag galar dofheicthe na héiginnteachta uileláithrí agus braitheann daoine go bhfuil easpa mhór cumhachta orthu agus iad fágtha gan aon chosaint ar fhórsaí nach bhfuil smacht acu orthu. Sin a bhí le rá ag Albena Azmanova, ollamh agus údar cáiliúil a thug aitheasc cumhachtach le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta in CESE. San agallamh seo a rinne sí le CESE Info, déanann sí cíoradh ar na príomhchúiseanna atá leis an eipidéim seo, ar a bhfuil an claonadh tús áite a thabhairt don chomhionannas thar an gcobhsaíocht eacnamaíoch.

San aitheasc a thug tú le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta, labhair tú faoi eipidéim na héiginnteachta, rud is cionsiocair leis an meath ar shaoirsí polaitiúla. Luaigh tú gur galar dofheicthe atá ann atá dár gcur ar mire. An féidir leat tuilleadh a roinnt linn faoina bhfuil i gceist agat le ‘eipidéim na héiginnteachta’? Cad as a dtagann sí?

Is gnách daoine a bheith níos cráite anois ná mar a bhíodh agus sna sochaithe saibhre tá méadú ag teacht ar líon na mbásanna arb é an t-éadóchas is cionsiocair leo, go háirithe an féinmharú san ionad oibre. Is é sin an ceann caoil is measa agus is feiceálaí de ghéarchéim ollmhór na héiginnteachta, agus is í an éiginnteacht inár slí bheatha is mó a chuireann dlús leis. Cé gur minic a chloistear go bhfuil fearg ar dhaoine agus go bhfuil an mhuinín atá ag daoine as na hinstitiúidí polaitiúla ag dul i léig, ní leor sin mar mhíniú ar an scéal. Is féidir leis an easpa muiníne sin a bheith fiúntach, óir spreagann sí an t-éileamh atá ag an bpobal ar an gcuntasacht. Is féidir leis an bhfearg féin a bheith fiúntach, óir spreagann sí an streachailt ar son an chirt agus tagann claochlú tábhachtach aisti.

An tinneas atá ar ár sochaithe faoi láthair, rud ar a dtugaimse ‘éiginnteacht uileláithreach’ i mo chuid oibre, is rud difriúil é. Is éiginnteacht ar leith atá ann, easpa mhór cumhachta toisc go mbraitheann daoine nach bhfuil aon chosaint acu ar fhórsaí nach bhfuil aon smacht acu orthu.

I gcás an duine aonair, is é an taithí a bhíonn againn ar an éiginnteacht gan a bheith in ann déileáil le cúraimí bunúsacha an tsaoil. Cruthaíonn an t-éagumas sin eagla go dteipfidh ort, go gcaillfidh tú an rud atá agat – do phost, do chuid airgid, do chumas oibre, do chiall. Is é a chiallaíonn sin nach í an bhochtaineacht ná an éagothromaíocht an fhadhb, ach rud éigin a chaill tú nó a bhfuil tú ag súil lena chailleadh, is é sin an eagla go dteipfidh ort. Sin an chaoi a bhfulaingíonn daoine aonair tráth éiginnteachta.

Maidir le sochaithe, áfach, is é an chaoi a bhfulaingíonn siad nach bhfuil siad in acmhainn iad féin a rialú ná deacrachtaí a bhainistiú. Glacaimis COVID-19, mar shampla. Conas a tharla sé gur lig ár sochaithe saibhre eolacha sofaisticiúla d’fhadhb sláinte poiblí, arbh é ba chúis léi víreas nach raibh go hiomlán anaithnid ná rómharfach, iompú go géarchéim thromchúiseach sláinte agus, ina dhiaidh sin, go géarchéim eacnamaíoch agus shóisialta? Is é an freagra ar an gceist sin go raibh an infheistíocht phoiblí gearrtha go mór ag ár rialtais, earnáil an chúraim sláinte san áireamh.

Tá gné eile ann a bhaineann leis an éiginnteacht. Tig leis an éiginnteacht teacht as beartais ar leith, mar atá an meascán nualiobrálach de shaormhargaí agus de gheilleagair oscailte ina mbíonn na cinntí go léir bunaithe ar an mbrabúsacht. Chun go bhféadtaí an t-iomaíochas náisiúnta nó an t-iomaíochas Eorpach a chinntiú sa mhargadh domhanda, mar chuid den iomaíocht dhomhanda ar thóir an bhrabúis, d’oibrigh na scothaicmí polaitiúla ar chlé ón lár agus ar dheis ón lár go dian dícheallach chun laghdú a dhéanamh ar an gcinnteacht phoist (le go mbeadh gnólachtaí in ann a bheith iomaíoch) agus ar an gcaiteachas ar sheirbhísí poiblí. Is éard a tháinig as sin go raibh freagrachtaí breise ar gach éinne ach ba lú líon na n-acmhainní a bhí acu chun na freagrachtaí sin a chomhlíonadh. Bítear ag iarraidh orainn níos mó oibre a dhéanamh agus laghdú ar na hacmhainní againn.

Sampla de sin is ea an chaoi a bhfuil an Coimisiún Eorpach ag iarraidh ar na Ballstáit iarracht bhreise a dhéanamh ar son an cheartais shóisialta, ach, ag an am céanna, laghdú a dhéanamh ar an gcaiteachas. Fágann an mhíréir sin idir an síorfhás ar fhreagrachtaí agus an síorlaghdú ar acmhainní go gcruthaítear éiginnteacht agus go mbíonn amhras ar dhaoine faoina bhfuil sé ar a gcumas déileáil leis na cúraimí. Ní éiginnteacht shláintiúil í sin nuair a bhíonn fonn ort aghaidh a thabhairt ar an domhan mór, do roghanna a mheas, dul i bhfiontar nó tú féin a chruthú. Ina ionad sin, is eagla thocsaineach atá ann, eagla go gcaillfeá do shlí bheatha agus todhchaí níos gruama á thuar agat.

I do thuairimse, cad is cúis le teacht chun cinn na gceannairí údarásúla agus pháirtithe na heite deise? Conas is féidir saoirsí an daonlathais agus an urraim do chroíluachanna an Aontais a mheas in Eoraip ár linne?

Tá méadú ar an tacaíocht atá á tabhairt do cheannairí agus do pháirtithe polaitiúla údarásúla na heite deise, sin mar gheall ar éiginnteacht atá á cruthú tríd an bpolaitíocht.  Mar nach bhfuil daoine ar a suaimhneas, is cinnteacht agus seasmhacht a theastaíonn uathu; mothaíonn siad go bhfuil easpa cumhachta orthu agus is i gceannairí láidre a thabharfaidh saol níos seasmhaí dóibh trí lámh láidir atá a ndóchas. Mar shampla, cuirtear leis an gcaiteachas míleata agus le cumhachtaí na bpóilíní – rud atá an tAontas Eorpach ar tí a dhéanamh anois.

Is iad na páirtithe polaitiúla sa lár a leag an bonn don chás sin sna blianta a chuaigh thart toisc gur fhág siad drochbhail ar ár sochaithe ar chúiseanna nualiobrálacha. Is é mo thuairim féin ina leith gurb iad na páirithe ar chlé ón lár go háirithe atá freagrach as an drochbhail sin ar ár sochaithe. Cé gurb í an troid ar son an cheartais an rud is dual do na daonlathaithe sóisialta a dhéanamh, níltear ag díriú ach ar chineál amháin éagóra a chomhrac: an éagothromaíocht. Ach is í an chobhsaíocht eacnamaíoch an rud a bhfuil an pobal ag tnúth leis: a bheith in ann cúraimí an tsaoil a bhainistiú agus an todchaí a phleanáil.

Smaoinímis air: d’fhéadfadh sochaí an-chothrom a bheith againn atá an-éiginnte freisin. Is ar éigean a thabharfainn sochaí bhisiúil air sin. Lena chois sin, níl aon fhonn mór ar dhaoine deireadh a chur leis an éagothromaíocht más é a chiallaíonn sin go gcaitear le daoine ar nós gur chaill siad rud éigin agus nach ndéantar ach iad a chúiteamh (nó a náiriú) tríd an mbeagán a athshannadh dóibh: níor theastaigh uathu cailleadh ar an gcéad dul síos.

San aitheasc a thug tú, labhair tú freisin faoi ‘Comórtas na nÍospartach’. An bhféadfá cur síos a dhéanamh dúinn air sin agus ar an bhfáth gur cheart dúinn droim láimhe a thabhairt dá leithéid?

Le leathcéad bliain anuas nó mar sin, is polaitíocht na féiniúlachta atá i gceist leis an gcomhrac i gcoinne an idirdhealaithe. Grúpaí a d’fhulaing leithcheal go stairiúil, bhíothas ag caitheadh leo mar ‘mionlaigh faoi chosaint’, agus ardaíodh a stádas trí bhearta gníomhaíochta dearfaí ar nós arduithe céime spriocdhírithe agus córais cuótaí. Nuair a tharlaíonn a leithéid i gcomhthéacs a bhfuil éiginnteacht uileláithreach ann, ina bhfuil poist mhaithe agus acmhainní eile gann, bíonn na grúpaí sin atá faoi chosaint in iomaíocht le chéile ar thóir na n-acmhainní teoranta sin. I dtimpeallacht den chineál sin, is sórt buntáiste atá sa lipéad ‘íospartach’: a mheasa a shamhlaítear an t-íospartach, a mhó an chosaint a mhaítear.

Ar thaobh amháin, is naimhdeas idir na grúpaí éagsúla atá in iomaíocht le chéile an toradh ar a leithéid, rud a ídíonn an dlúthpháirtíocht. Ar an taobh eile, áfach, ní éiríonn le grúpa ar bith i ndáiríre, toisc gur íospartaigh i gcónaí iad. Tar éis an tsaoil, is é an chúis gur féidir leo cosaint a éileamh ná gur íospartaigh iad agus go bhfuil leithcheal á dhéanamh orthu. Ní bhíonn an bua sa chomórtas gránna seo ar thóir acmhainní agus cosaint speisialta ach ag na scothaicmí polaitiúla sin atá in ainm agus a bheith ag tabhairt cosaint go flaithiúil. Is é an toradh air sin go dtéann na grúpaí a bhfuil easpa cumhachta orthu i ngleic lena chéile mar naimhde, agus go n-éiríonn leo siúd atá á gcosaint, na scothaicmí polaitiúla, cumhacht bhreise a tharraingt chucu féin as an gcomhrac sin. 

Nuair a chuirtear sin go léir san áireamh, cén chúis atá leis an tábhacht atá leis an tsochaí shibhialta chun an daonlathas agus na saoirsí sibhialta a ndéanann a lán daoine talamh slán díobh a chosaint? Cén fáth arbh í an tsochaí shibhialta, seachas na toghcháin dhaonlathacha, an leigheas ar mhí-úsáid na cumhachta?

An uair a chaithimid vóta, bímid inár n-aonar. Braithimid frustrachas na héiginnteachta agus an easpa cumhachta atá orainn, agus cuirimid an imní sin in iúl tríd an vóta a chaithimid. Dá réir sin, tá méadú ag teacht ar líon na bpáirtithe frithghníomhacha a ghlacann páirt sna toghcháin shaora chothroma. Is loighic eile a théann i gcion ar an tsochaí shibhialta agus atá ina fhoinse speisialta cumhachta aici: an muintearas. Nuair a bhímid i gcomhluadar daoine eile, agus sinn ag gníomhú i gcomhar le chéile ar son cúis éigin, ní bhraithimid go bhfuilimid inár n-aonar, ní bhraithimid an éiginnteacht chéanna ná go bhfuil an easpa cumhachta chéanna orainn, toisc gur féidir linn brath ar thacaíocht ár gcomrádaithe. Nuair a laghdaítear an leibhéal éiginnteachta, maolaítear an eagla agus is féidir linn smaoineamh chun cinn; sin an uair nach mbíonn teorainn lenár smaointe.

Ollamh le hEolaíocht Pholaitiúil agus Shóisialta in City St George’s, Ollscoil Londan í Albena Azmanova agus tá sí ina comheagarthóir ar an iris Emancipations. Bhuaigh an leabhar deiridh óna peann, Capitalism on Edge (2020), an iliomad gradam, ina measc an Michael Harrington Book Prize, duais a bhronnann American Political Science Association ar shaothar den scoth a léiríonn an chaoi inar féidir leas a bhaint as an léann sa streachailt ar son domhan níos fearr.