Chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) in iúl gur díol sásaimh dó an Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia ón gCoimisiún Eorpach. Treochlár athchóirithe atá ann agus é mar aidhm aige seasaimh na bhfeirmeoirí a neartú agus córais bhia inbhuanaithe a chruthú. Mar sin féin, tá CESE ag iarraidh go léireofaí a thuilleadh uaillmhéine i leith an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT).

San fhís, a pléadh ag seisiún iomlánach CESE an 27 Márta, áirítear bearta chun borradh a chur faoi chumhacht mhargála na bhfeirmeoirí, chun trédhearcacht an tslabhra soláthair a mhéadú agus chun feabhas a chur ar an idirphlé i dtaca le beartas bia. Rinne Coimisinéir Talmhaíochta an Aontais, Christophe Hansen, cur síos uirthi mar ‘fhreagairt spriocdhírithe ar ghlaonna go mbeadh earnáil agraibhia ann atá iomaíoch, cothrom agus athléimneach’, agus leag sé béim ar a thábhachtaí atá sé oibriú leis na páirtithe leasmhara uile, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta.

Chuir Uachtarán CESE, Oliver Röpke, in iúl go léirítear roinnt mhaith de thosaíochtaí CESE san fhís. ‘Aithnítear inti an ról lárnach atá ag na gníomhaithe agraibhia uile maidir leis an inbhuanaitheacht agus an t-iomaíochas a áirithiú,’ ar seisean. Dúirt sé freisin go ndeachaigh moltaí CESE, i réimsí áirithe, níos faide ná na tograí ón gCoimisiún.

Ba dhíol sásaimh do chomhalta CESE na tionscnaimh atá dírithe ar ról na dtairgeoirí sa chaibidlíocht agus i gconarthaí a neartú. ‘A bhuí le conarthaí i scríbhinn lena n-áirítear clásail athchaibidlíochta, treiseofar an trédhearcacht agus cumhacht mhargála na bhfeirmeoirí,’ a dúirt Stoyan Tchoukanov, rapóirtéir na tuairime ó CESE Leasú ar an Rialachán maidir le Comheagrú na Margaí, tuairim a bhaineann le conas seasamh na dtairgeoirí a neartú maidir le conarthaí a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin feabhas a chur ar an gcomhar feadh an chórais bia, rud a chuirfidh an táirgeadh inbhuanaithe agus aistí bia níos folláine chun cinn. Dar le Emilie Prouzet, rapóirtéir na tuairime Rialacha nua le cleachtais trádála éagóracha trasteorann a stopadh, is céim thosaigh é seo chun tacú le feirmeoirí agus an éiginnteacht dhlíthiúil á seachaint ag an am céanna.

Áirítear san fhís tiomantas do chóras nua bainistithe riosca agus géarchéime ar fud an Aontais, rud atá ag teacht le héilimh CESE go mbeadh uirlisí ní b’fhearr ann chun dul i ngleic le suaití a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an margadh agus leis an aeráid. Táthar ag súil freisin go mbeidh straitéis ann maidir le hathnuachan ó ghlúin go glúin, straitéis a thacódh le feirmeoirí óga trí rochtain ar thalamh, scileanna infheistíochta agus bonneagar tuaithe a chur ar fáil dóibh.

D’ainneoin ar tugadh de thacaíocht leathan di, tá ábhair imní fós ann. Thug rannpháirtithe na díospóireachta dá n-aire go raibh dúshláin ann a bhain le hathchóiriú CBT tar éis 2027 a phlé nuair nach bhfuil soiléireacht ann maidir leis an gcéad bhuiséad eile de chuid an Aontais. Tá CESE ag iarraidh freisin go ndéanfaí forfheidhmiú ní ba láidre ar choinníollachtaí sóisialta agus tugann sé rabhadh nach dtugtar aghaidh go hiomlán san fhís ar shaincheisteanna amhail comhchruinniú an mhargaidh agus an amhantraíocht airgeadais a dhéanann difear do phraghsanna bia.

D’athdhearbhaigh CESE an ról atá aige mar phríomh-chomhpháirtí chun fís an Choimisiúin a iompú ina beartas. Gheall sé go leanfadh CESE air ag comhoibriú chun a chinntiú go seasfaí le leasanna feirmeoirí, tairgeoirí, oibrithe agus tomhaltóirí i múnlú thodhchaí thalmaíocht an Aontais. (ks)