European Economic
and Social Committee
Giulia Barbucci: "Is den riachtanas é leanúint orainn de bhainistiú fónta trédhearcach a dhéanamh ar an mbuiséad"
Is í an ceardchumannaí Iodálach, Giulia Barbucci, an Leas-Uachtarán nua in CESE atá freagrach as an mBuiséad.
“Tá áthas orm a bheith mar chuid d’uachtaránacht ar mná dhá thrian di,” a dúirt Barbucci ag an seisiún iomlánach. Is éard a dúirt sí, ina theannta sin: “Is saincheist atá fós gan réiteach í ceist an chomhionannais inscne laistigh de CESE, de na hinstitiúidí agus den Aontas Eorpach ina iomláine.”
Tá Giulia Barbucci ag obair do CGIL (Confederazione Generale Italiana del Lavoro), an ceardchumann is mó san Iodáil, ó 1989 i leith. Anois agus géarchéim eacnamaíoch buailte linn, measann sí go bhfuil sé ríthábhachtach leanúint orainn de bhainistiú fónta trédhearcach a dhéanamh ar an mbuiséad, agus príomhthosaíocht amháin aici: a chinntiú gur féidir le comhaltaí a gcuid oibre polaitíochta a dhéanamh.
Bhí obair Giulia Barbucci dírithe i gcónaí ar oibrithe a chosaint, idir fhir agus mhná. I mí Iúil na bliana seo ba í a bhí i gceannas ar an tuairim faoin Straitéis maidir le Comhionannas Inscne san Aontas Eorpach, inar cuireadh barúlacha an Choiste i leith na straitéise sin faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh.
In 2002, ghlac sí páirt san idirbheartaíocht faoin gCreat-Chomhaontú Eorpach maidir le Teilea-obair, rud ar chóir athbhreithniú a dhéanamh air anois i bhfianaise na paindéime. “Le linn na géarchéime sláinte seo, d’éirigh le gnólachtaí teacht slán, más ar éigean é, gan rialacha soiléire a bheith ann dóibh go minic,” a mhínigh Giulia Barbucci. “Is ollmhór an tionchar atá ag an teilea-obair ar dhaoine agus ar theaghlaigh anois, áfach, agus is iad na mná is túisce a bheidh thíos leis, toisc go mbíonn obair chúraim le déanamh acu chomh maith le cúraimí eile. Sin é an fáth a bhfuil sé riachtanach an ceart chun dícheangail a chosaint." (na)
Féach thíos teachtaireacht físeáin ó Leas-Uachtarán CESE um an mBuiséad: