I dtuairim nua ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), léirigh sé a thacaíocht iomlán do chuspóirí an Treochláir Eorpaigh maidir le teicneolaíochtaí criticiúla le haghaidh na slándála agus na cosanta, treochlár atá tráthúil i bhfianaise an chogaidh san Úcráin.  

Ina sheisiún iomlánach i mí Iúil, ghlac CESE tuairim i dtaca leis an Treochlár Eorpach maidir le teicneolaíochtaí criticiúla le haghaidh na slándála agus na cosanta. Is díol sásaimh do CESE na moltaí ón gComisiún. Creideann sé gur tionscnamh maith atá ann, ar an iomlán, lenarbh fhéidir gníomhú agus freagairt do ghéarchéimeanna agus dúshláin gheopholaitiúla éagsúla. Chuir an Coiste i bhfáth sa tuairim, mar sin féin, gur cheart don Choimisiún tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i sineirgí cothrománacha agus ingearacha idir na Ballstáit.

Thar aon ní eile, creideann CESE gur cheart cur chuige cuimsitheach a ghlacadh a luaithe is féidir, ceann lena gcumhdófaí an taobh sibhialta agus míleata den scéal agus lena dtabharfaí le chéile an leibhéal Eorpach agus náisiúnta. Oscailt súl atá san ionradh ar an Úcráin, rud a léiríonn nach mór dúinn gníomhú i bhfad níos tapa ná mar is gnách.

Anuas air sin, maidir leis na gnéithe teicniúla, moltar sa tuairim torthaí na Faireachlainne um Theicneolaíochtaí Criticiúla a ionchorprú sna treochláir. Ní féidir an t-aistriú ó chéim amháin go céim eile den timthriall teicneolaíochta tionsclaíochta a bhainistiú i gceart ach amháin más léir cé leis na tionscnaimh agus cé air a bhfuil na freagrachtaí a bhaineann leo.

Ag an am céanna, tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh a bhfreagairtí láithreacha ar ionsaí na Rúise ar an Úcráin i gcomhréir le hábhar agus cuspóirí an Treochláir, rud arb iarracht fhadtéarmach é. Ní foláir infheistíochtaí gearrthéarmacha náisiúnta cosanta a chomhordú ar an leibhéal Eorpach ionas nach mbeidh tuilleadh ilroinnte agus dúblála ann.

Tá sé á mholadh freisin ag CESE go mbunófaí ionad ilfhreastail ar líne d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do ghnólachtaí nuathionscanta. ‘Cúinne FBManna an Aontais’ ar líne a bheadh ann, áit a bhféadfadh gnólachtaí sonraí réamhshainithe a chur isteach agus faisnéis shaincheaptha a fháil ar ais faoi na cláir Eorpacha is fearr a bheadh ina dtacaíocht dóibh. (ks)