Gach mí, cuirimid aoi speisialta i láthair a bhfuil a shaothar agus a thiomantas ina n-inspioráid do dhaoine eile. D’eagrán mhí Iúil de CESE info, thugamar cuireadh don Dr Hans Henri Kluge, Stiúrthóir Réigiúnach don Eoraip san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, agus Johan Strid, Stiúrthóir ar The Ocean Race Summits.

Chuir an Dr Hans Henri P. Kluge tús lena théarma oifige mar Stiúrthóir Réigiúnach EDS don Eoraip ar an 1 Feabhra 2020, tar éis do Choiste Réigiúnach EDS don Eoraip é a ainmniú agus tar éis do Bhord Feidhmiúcháin EDS é a cheapadh. Tá taithí 25 bliana aige de bheith ag obair in earnáil an leighis agus sa tsláinte phoiblí i dtimpeallachtaí éagsúla ar fud an domhain.

Thosaigh Johan Strid mar stiúrthóir ar The Ocean Race Summit i mí Lunasa 2020. Roimhe sin, bhí sé ina Ard-Rúnaí ar Choiste Para-Oilimpeach na Sualainne agus, roimhe sin arís, bhí sé ina Ard-Rúnaí ar Ghasóga agus Brídíní na Sualainne. Tá taithí éagsúil ag Johan leis an tsochaí shibhialta. Bhí sé ar bhord Chomhairle Óige na Sualainne, Chrois Dhearg na Sualainne agus ECPAT. Bhí sé ina fhiontraí agus bhunaigh sé roinnt cuideachtaí. Ar an leibhéal Eorpach, chaith Johan tamall mar chathaoirleach ar an gComhairle Chomhairleach do Stiúrthóireacht Óige Chomhairle na hEorpa agus bhí sé ina chomhalta de Choiste Eorpach na nGasóg.