European Economic
and Social Committee
Músaem agus Láithreán Cuimhneacháin ESMA san Airgintín: siombal de chearta an duine
Chuir Grúpa na nOibrithe feachtas i láthair maidir le Músaem agus Láithreán Cuimhneacháin ESMA san Airgintín a chur ar Liosta Oidhreachta Domhanda UNESCO.
Is iar-ionad folaitheach coinneála, céastóireachta agus díothaithe é Músaem agus Láithreán Cuimhneacháin ESMA san Airgintín a bhí ar bun le linn dheachtóireacht na hAirgintíne ó 1976 go 1983. Siombail de stair na hAirgintíne is ea é agus, ag an am céanna, is institiúid é a bhfuil ábharthacht idirnáisiúnta ag baint leis de bhrí gur fianaise bhreise é ar sháruithe ar chearta an duine agus ar choireanna in aghaidh an chine dhaonna, rudaí nár cheart dearmad a dhéanamh orthu riamh.
Tá tacaíocht ag an bhfeachtas chun láithreán oidhreachta de chuid UNESCO a dhéanamh de ESMA ó eagraíochtaí um chearta an duine, ó cheardchumainn Mercosur agus ó Ambasáid na hAirgintíne chuig an Aontas Eorpach.
Reáchtáladh an ócáid ar líne an 26 Meitheamh agus rinneadh sruthú gréasáin uirthi ar leathanach gréasáin CESE agus ar na meáin shóisialta. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo: (ck)