Duais le bronnadh ag CESE ar suas le cúig thionscadal aeráide a léiríonn cion sárluachmhar na sochaí sibhialta maidir le haeráidneodracht a bhaint amach.

Is féidir iarratas a chur isteach anois do Dhuais na Sochaí Sibhialta 2021 atá seolta ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE). Is é téama na bliana seo gníomhú ar son na haeráide agus roghnóidh CESE na buaiteoirí ó thionscnaimh nuálacha chruthaitheacha a bhfuil sé d’aidhm acu an t-aistriú cóir i dtreo geilleagar ísealcharbóin a bheidh athléimneach ó thaobh na haeráide de, a chur chun cinn.

Is féidir le heagraíochtaí uile na sochaí sibhialta atá cláraithe san Aontas Eorpach agus atá ag oibriú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó Eorpach iarratas a chur isteach. Tá an duais oscailte freisin do dhaoine a bhfuil cónaí orthu san Aontas Eorpach. Ní mór na tionscnaimh agus na tionscadail a dhéanamh san Aontas le go mbeidh siad incháilithe.

Ní mór go mbeidh na tionscadail curtha i gcrích cheana féin nó go mbeidh siad fós ar siúl.

Is é 10 a.m. (am na Bruiséile) 30 Meitheamh 2021 an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Bronnfar EUR 50 000 ar an iomlán ar chúigear buaiteoirí ar a mhéad. Is dócha go mbeidh an searmanas bronnta ar siúl le linn sheisiún iomlánach CESE sa Bhruiséil an 8 – 9 Nollaig 2021, ag brath ar chúrsaí sláinte.

Ó tharla gurbh é an chéad institiúid AE a thug cead cainte do Greta Thunberg nuair a thosaigh gluaiseacht na stailce aeráide domhanda, “An Aoine don Todhchaí”, thacaigh CESE go diongbháilte riamh le gníomhú ón mbun aníos ar son na haeráide agus leag sé béim i gcónaí ar a thábhachtaí atá na heagraíochtaí poiblí agus na daoine aonair maidir leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta a chur i gcrích. Tá ról ríthábhachtach acu maidir le hathrú a spreagadh i dtaca le noirm agus iompar, maidir le geilleagair áitiúla a dhéanamh níos glaise agus an t-aistriú i dtreo sochaithe atá neodrach ó thaobh carbóin de a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil nó réigiúnach.

Trína chuid oibre, tá sé curtha i bhfáth ag CESE arís agus arís eile go bhfuil rath an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip – faoinar gheall an tAontas aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 – ag brath ar ghníomhaíocht agus gealltanas na ngníomhaithe uile. Ní mór do cheann de phríomhthionscnaimh an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip – an Comhshocrú Aeráide Eorpach – díriú ar dhaoine a spreagadh chun go mbeidh siad mar chuid den réiteach seachas mar chuid den fhadhb agus iad a chumhachtú chun na córais arb iad is cúis leis an ngéarchéim aeráide atá ag bagairt orainn faoi láthair a athrú.

Tríd an bpríomhdhuais a thiomnú don ábhar fíorthábhachtach seo, is mian le CESE na hiarrachtaí aeráide neamhstáit a rinneadh go dtí seo a léiriú don phobal agus urraim a thabhairt dóibh. Tá sé d’aidhm aige freisin tionscadail atá fós ar siúl a mholadh agus cinn nua a spreagadh, rud a léireoidh gur féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus daoine aonair rannchuidiú leis an gComhaontú Glas don Eoraip.

Chun go mbeidh siad incháilithe, ní mór do na tionscadail saincheist amháin ar a laghad atá liostaithe sa phreaseisiúint uainn atá ar fáil anseo a chumhdach.

Tá an fhoirm iarratais ar líne mar aon le cur síos iomlán ar na rialacha le fáil ar ár leathanach gréasáin: http://www.eesc.europa.eu/civilsocietyprize/. (ll)