Uair sa mhí sa cholún ‘An t-aoi speisialta’ cuirimid pearsa phoiblí ar leith i láthair, ar foinse inspioráide iad a cuid oibre agus an tiomantas atá léirithe aici, dar le mórán. Go háirithe, is eiseamláir dúinn misneach, diongbháilteacht agus díograis na pearsan ar a bhfuiltear ag díriú.

Is í aoi eagrán na míosa seo de CESE Info ná Hanna Liubakova. Is gníomhaí agus iriseoir Bealarúiseach í atá ag labhairt amach go daingean chun a chur in iúl go bhfuil cabhair ón Eoraip de dhíth ar an bhfreasúra sa Bhealarúis murab ionann is riamh. Tá sí ag iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar dheontóirí eile tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí an fhreasúra agus, go háirithe, cuidiú le hiriseoirí agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha ina gcomhrac ar son na saoirse agus an daonlathais.

Tá sí ag iarraidh go gcloisfí a guth, go háirithe nuair atá cúnamh á iarraidh aici chun cultúr freasúra a chruthú le go bhféadfar díospóireacht urramach a dhéanamh agus le go bhféadfar cur le próiseas an chlaochlaithe.

Is iriseoir ón mBealarúis í Hanna Liubakova agus is comhalta neamhchónaitheach í de chuid Chomhairle an Atlantaigh. Oibríonn sí mar oiliúnóir iriseoireachta agus mar mheantóir. Chuir sí tús lena gairm bheatha ag Belsat, an t-aon chainéal teilifíse neamhspleách sa Bhealarúis, áit ar oibrigh sí mar chomhfhreagraí agus mar láithreoir teilifíse. Thuairiscigh sí ó thíortha agus ó réigiúin éagsúla, lena n-áirítear an Bheilg, an Ríocht Aontaithe, an Pholainn, an Fhrainc agus an tSeisnia. Bronnadh Comhaltacht Iriseoireachta Václav Havel uirthi ag Radio Free Europe/Radio Liberty sa tSeicia agus fuair sí comhaltacht ón World Press Institute sna Stáit Aontaithe. Bhain Hanna Liubakova céim amach i Stair na hEalaíne ó Uniwersytet Jagielloñski in Kraków na Polainne in 2010 agus bhain sí Máistreacht sna hEalaíona amach le gradam san Iriseoireacht Idirnáisiúnta ó Ollscoil Brunel i Londain in 2017. Bronnadh Duais Peter Caws uirthi as an tráchtas iarchéime is fearr. (ehp)