European Economic
and Social Committee
Grúpa Comhairleach Baile AE-Mercosur
Tá caidreamh seanbhunaithe ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) le heagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta i dtíortha Mercosur, trí bhíthin teagmhálacha déthaobhacha agus trí dhul i gcomhar le Fóram Comhairleach Eacnamaíoch agus Sóisialta Mercosur. A bhuí le teagmháil na mblianta sin, tá an t-idirphlé treisithe idir sochaí shibhialta eagraithe an Aontais Eorpaigh agus a macasamhail i dtíortha Mercosur, agus tá rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara eacnamaíocha sa chomhpháirtíocht dhéréigiúnach sin curtha chun cinn.
Bunaíodh creat nua don chomhar sin nuair a rinneadh Comhaontú Trádála Eatramhach AE‑Mercosur a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach an 1 Bealtaine 2026. An comhaontú sin, a bhfuil os cionn fiche bliain caite ar a chur i gcrích, bunaíonn sé sásraí tiomnaithe don trédhearcacht, do rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara agus d’fhormhaoirseacht na sochaí sibhialta, grúpaí comhairleacha baile agus fóram sochaí sibhialta san áireamh. Dá bhrí sin, a luaithe a cuireadh tús le cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe sin, bunaíodh Grúpa Comhairleach Baile AE‑Mercosur, rud a chuir ar chumas na sochaí sibhialta eagraithe lámh a bheith aici ón gcéad lá san fhaireachán ar an gcomhaontú agus ina chur chun feidhme.
Is é Grúpa Comhairleach Baile AE-Mercosur an comhlacht trína mheán a roinneann sochaí shibhialta eagraithe an Aontais Eorpaigh na tuairimí agus na moltaí a bhíonn aici faoi chur chun feidhme an chomhaontaithe. I gcomhréir leis an gcomhaontú, déanfaidh an tAontas Eorpach agus bloc Mercosur grúpa comhairleach baile a ainmniú faoi seach chun comhairle a chur ar na páirtithe faoi seach maidir le saincheisteanna a thagann faoi réim an chomhaontaithe. Thar aon ní eile, cabhróidh na grúpaí comhairleacha baile faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chomhaontaithe, thar na forálacha a bhaineann go docht leis an trádáil agus an fhorbairt inbhuanaithe, agus glacfaidh siad páirt sna sásraí idirphlé arna mbunú faoin gcomhaontú, Fóram na Sochaí Sibhialta go háirithe.
An grúpa comhairleach baile ar thaobh an Aontais de, tiocfaidh sé le chéile faoi dhó sa bhliain, ar a laghad, agus coinneoidh sé teagmháil rialta ar bun leis an ngrúpa ar thaobh Mercosur de. A bhuí leis an gcumarsáid sin, beidh ionadaithe de chuid na sochaí sibhialta eagraithe ón dá thaobh in ann cur chun feidhme an chomhaontaithe a phlé, saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a thabhairt faoi deara agus comhairle a chur ar na páirtithe. Grúpa Comhairleach Baile AE-Mercosur, cabhróidh sé freisin san ullmhúchán agus sna gníomhaíochtaí a bhaineann le fóram na Sochaí Sibhialta a bunaíodh faoin gcomhaontú.
Tugtar le chéile sa ghrúpa sin ionadaithe ó fhostóirí, ceardchumainn agus eagraíochtaí sochaí sibhialta na hEorpa. Tá ionadaithe ann thar ceann 24 eagraíocht ghnó, 8 n-eagraíocht cheardchumainn agus 10 n-eagraíocht sochaí sibhialta, agus léirítear sa bhallraíocht sin éagsúlacht mhór na sainleasanna agus an tsaineolais atá ar fáil i sochaí shibhialta eagraithe an Aontais Eorpaigh. Trí bhíthin na hoibre sin uile, cuideoidh Grúpa Comhairleach Baile AE-Mercosur cur chun feidhme Chomhaontú AE‑Mercosur a choinneáil trédhearcach, cuimsitheach agus freagrúil d’ábhair imní agus mianta na bpáirtithe leasmhara ar dhá thaobh an Atlantaigh.