Le Maria NIKOLOPOULOU

Cúpla lá roimh dúinn Lá Idirnáisiúnta na mBan a chomóradh, agus muid ag súil leis an 69ú seisiún den Choimisiún um Stádas na mBan (UNCSW69) i Nua-Eabhrac, is mithid machnamh agus meastóireacht a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach maidir le comhionannas inscne. Is é an t-am ceart é freisin féachaint i dtreo na todhchaí agus leanúint den bhealach a réiteach chun cinn.

Le Maria NIKOLOPOULOU

Cúpla lá roimh dúinn Lá Idirnáisiúnta na mBan a chomóradh, agus muid ag súil leis an 69ú seisiún den Choimisiún um Stádas na mBan (UNCSW69) i Nua-Eabhrac, is mithid machnamh agus meastóireacht a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach maidir le comhionannas inscne. Is é an t-am ceart é freisin féachaint i dtreo na todhchaí agus leanúint den bhealach a réiteach chun cinn.

Maidir leis an gcreat reachtach, tá sé tugtha faoi deara againn go ndearnadh dul chun cinn: tá níos mó ban gníomhach sa mhargadh saothair, ag saothrú ioncaim níos fearr, ardleibhéil oideachas ar leibhéil níos airde á bhaint amach acu, ag cur lena n-ionadaíocht pholaitiúil, agus i mbun poist chumhachta. É sin ráite, tá an dul chun cinn mall agus míchothrom ar fud na mBallstát.

Ach fad a bheidh neamhionannais struchtúracha, steiréitíopaí inscne agus frithfhreagairtí i gcoinne chearta na mban fós ann, beidh mná faoi ghannionadaíocht go fóill sa réimse poiblí, sa pholaitíocht agus in oideachas ETIM, beidh siad neamhchosanta ar fhoréigean ar líne agus as líne agus ní bheidh rochtain acu ar acmhainní ná ar chaipiteal don fhiontraíocht. Is mó an baol freisin go mbeidh siad thíos le bochtaineacht ama agus airgid agus go dtógfaidh sé an iomarca blianta na bearnaí pá agus scoir sin a dhúnadh.

Baineann an dul chun cinn le hoiliúint, le maoiniú agus le tiomantas. Tá acmhainní de dhíth orainn chun borradh a chur faoi scileanna na mban don aistriú cóir digiteach agus glas, chun pleananna gníomhaíochta náisiúnta a mhaoiniú chun an foréigean in aghaidh na mban a chomhrac, agus chun oiliúint a chur ar fáil don phearsanra uile atá ag obair le daoine a thagann slán as an bhforéigean sin.

Ní mór dúinn tionscadail fiontraíochta a mhaoiniú agus seirbhísí cúraim leanaí agus daoine scothaosta atá inacmhainne, inrochtana agus ar ardchaighdeán a bhunú chun deireadh a chur le hualach na bhfreagrachtaí cúraim gan íocaíocht a bhíonn ar mhná. Ina theannta sin, teastaíonn tiomantas láidir do spásanna sábháilte a chruthú, do níos mó ban a rannpháirtiú i bparlaimintí áitiúla, náisiúnta agus i bparlaimintí an Aontais, agus dá rannpháirtíocht ghníomhach a chinntiú i bpróisis neamhfhoréigneacha réitithe coinbhleachta agus cothaithe síochána agus, ag an am céanna, cineálacha cur chuige inscne-chuimsitheacha á gcur chun cinn leis na hiarrachtaí sin.

Lena chois sin, dá mbeadh straitéis leathan Eorpach ann do Chlár Oibre 2030, chuideodh sé linn dul chun cinn níos gasta a dhéanamh ionas go mbeadh an comhionannas inscne ina chuid lárnach dár mbeartais. Ba cheart dul i ngleic leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ina n-iomláine, seachas ceann ar cheann.

San Aontas, tá dul chun cinn ‘maith’ bainte amach againn. Ach ní leor é a bheith ag céim ‘maith’ d’fhir, do mhná ná do chailíní an Aontais atá ag troid ar son an chomhionannais inscne éifeachtaigh sna blianta atá le teacht. Is é an ról atá againn mar shochaí shibhialta dlús a chur leis an mbrú atá ar lucht ceaptha beartas cúrsaí a chur chun cinn go gasta.

Agus Lá Idirnáisiúnta na mBan (an 8 Márta) ag druidim linn, mar aon leis an 69ú seisiún den Choimisiún um Stádas na mBan (UNCSW69) – an príomhchomhlacht domhanda a chuireann cearta na mban chun cinn – tugann Maria Nikolopoulou, comhalta de CESE agus rapóirtéir na tuairime dar teideal Ionchur CESE i dtosaíochtaí an Aontais ag an 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan, cur síos dúinn ar an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas maidir le comhionannas inscne. Cé gur chóir aitheantas a thabhairt don dul chun cinn sin, tá na mná go mór chun deiridh ar na fir fós féin ó thaobh na cearta céanna a bheith acu. Is iomaí bearna nár dúnadh go fóill agus níl aon teorainn leis na cathanna is gá a bhuachan.

Agus Lá Idirnáisiúnta na mBan (an 8 Márta) ag druidim linn, mar aon leis an 69ú seisiún den Choimisiún um Stádas na mBan (UNCSW69) – an príomhchomhlacht domhanda a chuireann cearta na mban chun cinn – tugann Maria Nikolopoulou, comhalta de CESE agus rapóirtéir na tuairime dar teideal Ionchur CESE i dtosaíochtaí an Aontais ag an 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan, cur síos dúinn ar an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas maidir le comhionannas inscne. Cé gur chóir aitheantas a thabhairt don dul chun cinn sin, tá na mná go mór chun deiridh ar na fir fós féin ó thaobh na cearta céanna a bheith acu. Is iomaí bearna nár dúnadh go fóill agus níl aon teorainn leis na cathanna is gá a bhuachan.

I gcomparáid lena phiaraí domhanda amhail na Stáit Aontaithe, tá dúshláin phráinneacha os comhair an limistéir euro: táirgiúlacht saothair íseal agus an laghdú atá ag teacht ar an iomaíochas agus ar an bhfás eacnamaíoch. Chun an treocht sin a aisiompú, tá straitéis phráinneach chomhordaithe á hiarraidh ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE). 

I gcomparáid lena phiaraí domhanda amhail na Stáit Aontaithe, tá dúshláin phráinneacha os comhair an limistéir euro: táirgiúlacht saothair íseal agus an laghdú atá ag teacht ar an iomaíochas agus ar an bhfás eacnamaíoch. Chun an treocht sin a aisiompú, tá straitéis phráinneach chomhordaithe á hiarraidh ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE).

Sa tuairim uaidh Beartas eacnamaíoch an limistéir euro do 2025, leag CESE amach plean chun dlús a chur leis an bhfás tríd an margadh inmheánach a dhoimhniú, tríd an rómhaorlathas rialála a laghdú agus tríd an inbhuanaitheacht fhioscach a áirithiú. Ag an am céanna, ní mór do bheartais aghaidh a thabhairt ar threochtaí claochlaitheacha, amhail an intleacht shaorga, agus ar an mbrú a bhaineann le daonra atá ag dul in aois.

Mar gheall ar shuaití seachtracha amhail paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim fuinnimh, tá dúshláin mhóra eacnamaíocha os comhair an limistéir euro. Cé go ndearnadh iarrachtaí chun cobhsaíocht a bhaint amach, tá gá le hathchóirithe misniúla mar gheall ar shaincheisteanna amhail éiginnteacht intíre, athruithe déimeagrafacha agus brúnna fioscacha atá ag dul i méid.

Tá cur chuige trí chéim á chur chun cinn ag CESE chun an táirgiúlacht agus an t-iomaíochas a fheabhsú: an margadh inmheánach a dhoimhniú, an beartas tionsclaíoch a chomhordú agus an rómhaorlathas a laghdú. Is rud ríthábhachtach í an inbhuanaitheacht fhioscach, rud a éilíonn creat cothrom, comhar níos láidre ón Aontas agus iarrachtaí chun leas a bhaint as ioncam nár baineadh leas as go fóill. Ní mór borradh a chur faoin infheistíocht, an caipiteal fiontair a mhéadú agus beartais a chur chun feidhme atá fabhrach don nuálaíocht.

Rud ríthábhachtach eile is ea athléimneacht an mhargaidh saothair freisin, rud a éilíonn solúbthacht, pá cothrom, athchóirithe slándála sóisialta agus forbairt scileanna atá dírithe ar an intleacht shaorga. Leagann CESE béim ar an ngá atá le cuntasacht chomhroinnte idir an tAontas agus na Ballstáit agus molann sé go gcuirfí feabhas ar chomhordú na mbeartas. Trí ghníomhaíocht chinntitheach agus infheistíochtaí straitéiseacha a dhéanamh, is féidir leis an limistéar euro geilleagar athléimneach, iomaíoch agus inbhuanaithe a thógáil don todhchaí (tk). 

Anois teacht an earraigh, agus roimh Mhárta beidh CESE ag cur tús le sraith imeachtaí dinimiciúla le haird a tharraingt ar ghuthanna na ndaoine óga agus na sochaí sibhialta.

Anois teacht an earraigh, agus roimh Mhárta beidh CESE ag cur tús le sraith imeachtaí dinimiciúla le haird a tharraingt ar ghuthanna na ndaoine óga agus na sochaí sibhialta.

An chéad imeacht an 16ú heagrán den imeacht ‘Leatsa an Eoraip, Abair Leat!’. An 13-14 Márta 2025, ag imeacht YEYS, faoi mar a thugtar air go forleathan, tabharfar le chéile beagnach 100 rannpháirtí óg ó eagraíochtaí óige, comhairlí náisiúnta óige agus meánscoileanna, chomh maith le 37 múinteoir ó Bhallstáit an Aontais, ó thíortha is iarrthóirí agus ón Ríocht Aontaithe. Roinnfidh gach duine acu eispéireas uathúil dá gcuid féin, ag aontú guth ar ghuth chun an Eoraip ar mian leo a saol a chaitheamh inti a mhúnlú.

D’fhéadfadh a gcuid moltaí cur leis an dara Seachtain na Sochaí Sibhialta de chuid CESE, cúpla lá ina dhiaidh sin, mar bhonn don phlé atá dírithe ar an óige, agus d’fhéadfaí iad a roinnt le hionadaithe ardleibhéil ó na hinstitiúidí Eorpacha.

Tar éis tús maith in 2024, beidh Seachtain na Sochaí Sibhialta ar siúl an 17-21 Márta agus díreoidh sí ar an gcomhtháthú agus an rannpháirtíocht i sochaithe polaraithe a neartú. Tá na deighiltí sochaíocha níos doimhne fós mar gheall ar an éagobhsaíocht shóisialta, cor chun donais na heacnamaíochta, mar aon leis an míshástacht atá ann go forleathan, go háirithe i measc na ndaoine a bhraitheann nach bhfuiltear ag éisteacht leo agus daoine a fhágtar ar an trá fholamh.

Chun aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna imní práinneacha sin, baileofar raon éagsúil páirtithe leasmhara ón tsochaí shibhialta ón Eoraip agus níos faide i gcéin le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta 2025. Dá bhrí sin, cuirfear ardán uathúil ar fáil chun páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí criticiúla, dea-chleachtais a chomhroinnt, agus comhoibriú chun réitigh a fhorbairt lena gcothófar comhtháthú sóisialta. Beidh sin ina neartú ar an rannpháirtíocht dhaonlathach.

I mbliana, tabharfar trí thionscnamh mhóra le chéile faoi scáth an chláir oibre: eagraíochtaí agus líonraí na sochaí sibhialta san Eoraip (painéil de Ghrúpaí Idirchaidrimh CESE), agus plé ar an gcaoi a bhféadfaí comhtháthú ní b’fhearr a chothú le Straitéis Eorpach maidir leis an tSochaí Shibhialta; Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (TES) agus an ról atá aige le dul i ngleic leis an deighilt; searmanas bronnta Dhuais na Sochaí Sibhialta. An deighilt dhíobhálach i sochaí na hEorpa a chomhrac, sin é is téama don 15ú Duais don tSochaí Shibhialta, rud a thugann aitheantas don fheabhas i dtionscnaimh na sochaí sibhialta. Is as an mBeilg do na buaiteoirí, agus is í eagraíocht na sochaí sibhialta ‘Éagsúlacht’ is urlabhraí dóibh; ón bhFrainc, le ‘Tuairisceoirí an Dóchais’; agus ón tSlóvaic,‘Comhlachas Díospóireachta na Slóvaice’. Fógrófar an buaiteoir le linn an chomórtais!

Feidhmíonn Seachtain na Sochaí Sibhialta ina ardán tráthúil a iarrann ar an tsochaí shibhialta eagraithe agus ar na saoránaigh a dtuairim a chur in iúl faoi na príomh-shaincheisteanna, idir dhúshláin an athraithe aeráide, rud atá ag dul in olcas, an costas maireachtála atá ag ardú, agus na héagothromaíochtaí ioncaim atá ag dul in ainseal, mar aon le torthaí thoghcháin 2024 ar fud an domhain, rud a bhfuil foras bisiúil cruthaithe acu uile le ding agus deighilt a chur idir aicmí daoine go forleathan.

Bígí páirteach sa mhalartú fiúntach seo, agus glacaigí páirt sa phlé. Tá deis le tapú agus is féidir athrú a chur ar chúrsaí. Tá tábhacht nach beag lenár nguth féin, agus is féidir cách a chloisteáil fad a sheasaimid le chéile go réamhghníomhach, fad a bheimid réidh chun rannchuidiú leis an Eoraip ionas go mbeidh sí níos comhtháite agus níos rannpháirtí. Is féidir clárú anois! Tapaigh an deis!

Laurentiu Plosceanu

Leas-Uachtarán um an gCumarsáid 

Tionchar an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais ar na tomhaltóirí

Document Type
AS

Measúnú ar thuarascálacha Letta agus Draghi / margadh aonair an Aontais Eorpaigh

Document Type
AS

An 11 Feabhra, d’fhógair Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) seoladh na n-iarratas don cheathrú gradam de Ghradaim an Aontais maidir le Táirgeadh Orgánach. Beidh na hiarratais ar oscailt go dtí an 27 Aibreán 2025.

An 11 Feabhra, d’fhógair Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) seoladh na n-iarratas don cheathrú gradam de Ghradaim an Aontais maidir le Táirgeadh Orgánach. Beidh na hiarratais ar oscailt go dtí an 27 Aibreán 2025.

Déanann na gradaim seo ceiliúradh ar an bhfeabhas atá sa slabhra luacha orgánach, agus tugann siad aitheantas d’iarratais den scoth sna catagóirí seo a leanas: an Feirmeoir Orgánach is Fearr, Cathair, Réigiún, FBM Próiseála Bia, Miondíoltóir, agus an Bhialann/Seirbhís Bia. Déanann CESE maoirseacht ar thrí chatagóir go sonrach:

  • An FBM is Fearr le haghaidh Próiseáil Bia Orgánach
  • An Miondíoltóir Bia Orgánaigh is Fearr
  • An tSeirbhís Bialainne/Bia Orgánaigh is Fearr

Fógrófar na buaiteoirí an 23 Meán Fómhair 2025 (Lá Orgánach an Aontais). Moltar do pháirtithe leasmhara orgánacha – lena n-áirítear feirmeoirí, próiseálaithe, miondíoltóirí agus údaráis phoiblí – iarratas a dhéanamh.

Chun sonraí incháilitheachta agus iarratais a fháil, féach leat suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh. Seoltar ceisteanna faoi chatagóirí atá á mbainistiú ag CESE chuig EUorganicawardsEESC@eesc.europa.eu.

Tacaíonn an tionscnamh seo le Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Táirgeadh Orgánach, tionscnamh a chuireann an táirgeadh orgánach agus feasacht na dtomhaltóirí chun cinn. (ks) 

Sa dara heagrán de Sheachtain na Sochaí Sibhialta (2025) in CESE, ón 17 go dtí an 20 Márta, díreofar ar an gComhtháthú agus an rannpháirtíocht a threisiú sa tsochaí a bhfuil an t-easaontas i réim inti. Cuir spás in áirithe anseo!

Sa dara heagrán de Sheachtain na Sochaí Sibhialta (2025) in CESE, ón 17 go dtí an 20 Márta, díreofar ar an gComhtháthú agus an rannpháirtíocht a threisiú sa tsochaí a bhfuil an t-easaontas i réim inti. Cuir spás in áirithe anseo!

Tá am fós ann clárú do Sheachtain na Sochaí Sibhialta, ócáid de CESE atá á reáchtáil den dara bliain. Le linn imeachtaí na bliana seo, tiocfaidh sochaí shibhialta na hEorpa, lucht ceaptha beartas an Aontais, saineolaithe, iriseoirí agus tuilleadh nach iad le chéile chun plé a dhéanamh ar cheann de na dúshláin is práinní atá romhainn – olldeighilt ár sochaithe a leigheas.

De thoradh géarchéimeanna a thit amach i gcomhthráth, idir an phaindéim, an t-athrú aeráide, an costas maireachtála a bheith ag dul in airde agus an éagothromaíocht ioncaim a bheith ag dul in olcas – tá scoilt nimhneach tagtha chun cinn ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin, rud a ghéaraíonn na deighiltí sóisialta, a laghdaíonn muinín atá ag an bpobal as na hinstitiúidí daonlathacha, agus a chuireann brú ar aontacht an phobail.

Sa chomhthéacs sin, is glao chun gnímh í Seachtain na Sochaí Sibhialta 2025 chun comhtháthú sóisialta a chothú agus rannpháirtíocht dhaonlathach a neartú. Trí bhíthin díospóireachtaí bríomhara agus ceardlanna comhoibríocha, san fhóram seo a mhairfidh ceithre lá, cuirfear deis ar leith ar fáil do gach rannpháirtí páirt a ghlacadh i bplé criticiúil, dea-chleachtas a roinnt, agus obair a dhéanamh i gcomhar le chéile chun réitigh phraiticiúla a fhorbairt. 

Céard a bheidh i gceist?

Le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta 2025 beidh díospóireachtaí painéil ann faoi stiúir Ghrúpa Idirchaidrimh CESE, ceiliúrfar Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus reáchtálfar searmanas bronnta Dhuais Sochaí Sibhialta CESE.

Is í an scoláire, scríbhneoir agus tráchtaire polaitiúil, Albena Azmanova a chuirfidh tús leis an tseachtain. Tabharfaidh sise eochairóráid a mbeidh lón machnaimh inti agus a réiteoidh an bealach don phlé ina diaidh.

Sa phainéal ardleibhéil a bheidh ann ina dhiaidh sin, cíorfar an cheist an bhfuilimid ‘Aontaithe san Éagsúlacht i gcónaí?’. Ar an bpainéal beidh Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Younous Omarjee; Aire na Sochaí Sibhialta thar ceann Uachtaránacht na Polainne Adriana Porowska; Uachtarán CESE Oliver Röpke; Comhchathaoirleach Ghrúpa Idirchaidrimh CESE Brikena Xhomaqi; Ardrúnaí Ghluaiseacht Idirnáisiúnta na hEorpa Petros Fassoulas; agus Mădălina-Mihaela Antoci ó Chomhairle Náisiúnta na nÓg sa Mholdóiv.

Le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta, cíorfaimid an méid a leanas: mar is féidir leis an oideachas sibhialta cuidiú le bearnaí a dhruidim, mar is féidir leis an Eoraip a bheith ar thús cadhnaíochta sa nuálaíocht gan a luachanna a chur i mbaol, agus mar is féidir tithíocht a dhéanamh níos inacmhainne agus níos inbhuanaithe agus aghaidh á tabhairt san am céanna ar an mbochtaineacht fuinnimh agus tacaíocht á tabhairt don mhaireachtáil ilghlúine. Pléifimid freisin na bealaí chun an tsochaí shibhialta a neartú trí thacaíocht phoiblí agus dhaonchairdiúil, mar is féidir linn a chinntiú go léirítear riachtanais áitiúla i mbeartais an Aontais i dtaca leis an aistriú glas agus gorm, agus mar is féidir an tsochaí shibhialta ar fud na hEorpa a aithint, a chosaint agus dul i dteagmháil léi ar bhealach níos éifeachtaí.

I seisiún speisialta a óstálfar i gcomhpháirt le Parlaimint na hEorpa, díreofar go sonrach ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) agus ar na himpleachtaí atá aige don tsochaí shibhialta.

Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh 2025

An 18 Márta, Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, díreofar aird ar uirlis chumhachtach an daonlathais rannpháirtíochta, is é sin an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Leis an tionscnamh seo, a tugadh isteach le Conradh Liospóin, tugtar deis do shaoránaigh a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht nua an Aontais a mholadh maidir le saincheist áirithe. Le go ndéanfaidh an Coimisiún breithniú air, ní mór d’eagraithe 1 mhilliún síniú a bhailiú chun tacú lena gcúis.

Trí dhíospóireachtaí ardleibhéil agus ceardlanna idirghníomhacha, cíorfaidh na rannpháirtithe ábhair thábhachtacha amhail ról an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh maidir le dul i ngleic leis an olldeighilt sa tsochaí agus bealaí chun tacaíocht níos láidre a chothú ar fud na mBallstát. Cuirfear béim ar leith ar mar is féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta páirt ghníomhach a ghlacadh i bpróiseas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh le go gcloisfear guth na saoránach i gceapadh beartas na hEorpa.

Beidh deis ar leith ag rannpháirtithe freisin teagmháil dhíreach a dhéanamh le lucht eagraithe Tionscnamh Eorpach – idir thionscnaimh a eagraíodh cheana féin, atá á n-eagrú faoi láthair, agus a eagrófar amach anseo – chun dea-chleachtais agus ceachtanna a foghlaimíodh a mhalartú i dtaca lena bhfeachtais féin.

Ina theannta sin, léireoidh an t-imeacht a thábhachtaí atá sé straitéisí tionchair a bheith ann chun Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh agus painéil saoránach a dhéanamh níos éifeachtaí, go háirithe maidir lena dhóichí atá sé go ndéanfadh institiúidí an Aontais obair leantach reachtach dá dtoradh.

Duais na Sochaí Sibhialta 2025

I measc nithe eile, is ar an lá deireanach de Sheachtain na Sochaí Sibhialta 2025 a reáchtálfar an 15ú searmanas bronnta de Dhuais Sochaí Sibhialta CESE.

Is é is aidhm do Dhuais na Sochaí Sibhialta feasacht a mhúscailt faoin sárobair a dhéanann an tsochaí shibhialta chun féiniúlacht agus saoránacht Eorpach a chruthú agus chun na luachanna coiteanna a threisíonn an lánpháirtiú Eorpach a chur chun cinn. Bronntar an duais gach bliain ar dhaoine aonair agus ar eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta as a dtionscadail neamhbhrabúis nuálacha chruthaitheacha a dhíríonn ar théamaí éagsúla a bhaineann leis an Aontas Eorpach.

I mbliana, bronnfar an duais ar thrí thionscadal a théann i ngleic le deighilt dhíobhálach na sochaí san Aontas.

Tiocfaidh an tSeachtain chun chríche le seisiún dinimiciúil clabhsúir. I measc na gcainteoirí, beidh Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh (le deimhniú); Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Katarina Barley; Uachtarán CESE Oliver Röpke; agus Ardrúnaí Fhondúireacht an Lárionaid um an Daonlathas sa tSeirbia, Nataša Vučković.

Glac páirt sa chomhrá!

A bhuí lena ceithre lá de phlé léirsteanach, de chainteoirí ardleibhéil spreagúla agus de dheiseanna líonraithe iontacha, is cinnte gur imeacht í Seachtain na Sochaí Sibhialta 2025 nár mhaith leat a chailleadh. Cuir spás in áirithe inniu agus bí linn chun an comhrá a athrú. Tá tábhacht le do ghuthsa má táimid chun Eoraip chomhtháite rannpháirtíoch a thógáil!

Tá an clár iomlán ar fáil anseo.

Cláraigh anseo roimh an 12 Márta. (ma)

Le Grúpa na nOibrithe in CESE

Tá rabhadh á thabhairt ag Grúpa na nOibrithe in CESE nár cheart na cearta sóisialta agus cearta na n-oibrithe, cearta atá saothraithe go maith, a chur i leataobh sna hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an Aontas chun leanúint de bheith iomaíoch sa gheilleagar domhanda. I bhfianaise na n-éileamh ar dhírialáil mhéadaithe, níor cheart don Aontas dul siar ar phríomhreachtaíocht, amhail Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Le Grúpa na nOibrithe in CESE

Tá rabhadh á thabhairt ag Grúpa na nOibrithe in CESE nár cheart na cearta sóisialta agus cearta na n-oibrithe, cearta atá saothraithe go maith, a chur i leataobh sna hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an Aontas chun leanúint de bheith iomaíoch sa gheilleagar domhanda. I bhfianaise na n-éileamh ar dhírialáil mhéadaithe, níor cheart don Aontas dul siar ar phríomhreachtaíocht, amhail Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

I bhfianaise na moltaí i dtuarascálacha Draghi agus Letta, d’eisigh an Coimisiún teachtaireacht maidir leis an gCompás Iomaíochais arb é is aidhm dó, in éineacht leis na tionscnaimh chothrománacha a mholann sé, borradh a chur faoi ghníomhaíochtaí na ngnólachtaí. Is é an sprioc atá ann buntáiste iomaíoch na hEorpa a neartú.

Is cúis mhór imní do Ghrúpa na nOibrithe go bhfuil baol ann go gcuirfear moill ar chearta sóisialta agus saothair sa phróiseas sin, ós rud é gur cosúil gur roghnaigh an tAontas cos a choinneáil le geilleagair iomaíocha eile ar ais nó ar éigean.

Sin an fáth ar mhol Grúpa na nOibrithe sraith tuairimí féintionscnaimh lena dtugtar aghaidh ar shaincheist an iomaíochais ó thaobh bhreisluach an chaipitil dhaonna de.  Sampla den mhéid sin is ea an togra maidir leis an tuairim ‘Ról na gceardchumann maidir le táirgiúlacht a fheabhsú’. Beidh sé d’aidhm ag an tuairim a léiriú gurb í an infheistíocht i gcaipiteal daonna (oibrithe), agus sa teicneolaíocht agus sa nuálaíocht, go príomha, is cúis leis an táirgiúlacht san Aontas (a mbíonn tionchar aici ar an iomaíochas).

Sa chomhthéacs sin, leagtar béim ar phríomhról na gceardchumann, ós rud é go dtugann siad oibrithe aonair le chéile trí chómhargáil agus trí ghníomhaíocht chomhchoiteann, rud a mhúnlaíonn dinimic an mhargaidh saothair chun cabhrú le geilleagar iomaíoch a bhaint amach.

Ar an gcaoi chéanna, beidh sé d’aidhm ag staidéar de chuid Ghrúpa na nOibrithe atá ar na bacáin staid na himeartha maidir le reachtaíocht an Aontais a bhaineann le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a mheas agus meastóireacht a dhéanamh uirthi. Beidh an staidéar ina uirlis thábhachtach chun faireachán a dhéanamh ar an mbeartas sóisialta, ós rud é go bhfuiltear ag súil go ndíreoidh an Eoraip go príomha ar a geilleagar agus í sa tóir ar an iomaíochas.   

Ar deireadh, ag an gcruinniú a bheidh aige i mí Aibreáin den Chatagóir Guth na n-oibrithe ar mhaithe le rannpháirtíocht dhaonlathach bhreise, scrúdóidh Grúpa na nOibrithe na hiarrachtaí atá beartaithe chun ualaí rialála ar ghnólachtaí a laghdú – rud a mheastar a bheith ina thoisc a chuireann moill ar iomaíochas na hEorpa – agus ar a dtionchar ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear oibrithe agus an comhshaol, go háirithe i gcomhthéacs an díchill chuí agus an tuairiscithe ar inbhuanaitheacht chorparáideach.

le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

Idir 2010 agus 2022, tháinig ardú 47 % ar phraghsanna tithíochta san Aontas. Le linn na tréimhse céanna, tháinig méadú 18 % ar chíosanna. De réir Eurostat, in 2023, chaith os cionn 10 % de na teaghlaigh a bhfuil cónaí orthu i gcathair agus 7 % díobh siúd i gceantair thuaithe breis agus 40 % dá n-ioncam indiúscartha ar chóiríocht. Chun léargas níos fearr a thabhairt ar ar féidir linn a dhéanamh chun an tithíocht a dhéanamh níos inacmhainne agus níos inbhuanaithe do mhuintir uile na hEorpa, rinne CESE staidéar a choimisiúnú ina bhfiosraítear réitigh bheartais éagsúla. Anseo thíos, cuirimid agallamh ar chomhúdair an staidéir an t-eacnamaí Agnieszka Maj agus Karolina Zubel, Stiúrthóir Comhshaoil, Fuinnimh agus Athraithe Aeráide leis an Lárionad um Thaighde Sóisialta agus Eacnamaíoch (CASE), chun plé a dhéanamh ar na príomhthorthaí a tháinig chun cinn.

 

le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

Idir 2010 agus 2022, tháinig ardú 47 % ar phraghsanna tithíochta san Aontas. Le linn na tréimhse céanna, tháinig méadú 18 % ar chíosanna. De réir Eurostat, in 2023, chaith os cionn 10 % de na teaghlaigh a bhfuil cónaí orthu i gcathair agus 7 % díobh siúd i gceantair thuaithe breis agus 40 % dá n-ioncam indiúscartha ar chóiríocht. Chun léargas níos fearr a thabhairt ar ar féidir linn a dhéanamh chun an tithíocht a dhéanamh níos inacmhainne agus níos inbhuanaithe do mhuintir uile na hEorpa, rinne CESE staidéar a choimisiúnú ina bhfiosraítear réitigh bheartais éagsúla. Anseo thíos, cuirimid agallamh ar chomhúdair an staidéir an t-eacnamaí Agnieszka Maj agus Karolina Zubel, Stiúrthóir Comhshaoil, Fuinnimh agus Athraithe Aeráide leis an Lárionad um Thaighde Sóisialta agus Eacnamaíoch (CASE), chun plé a dhéanamh ar na príomhthorthaí a tháinig chun cinn.

Cad leis a mbaineann an staidéar seo ó CESE agus cén tábhacht atá leis?

Is staidéar é seo ar thithíocht inacmhainne inbhuanaithe san Aontas Eorpach, nó ar an ngá atá léi. Leagtar béim ann ar an ról atá ag an digiteáil (an intleacht shaorga, ceadanna digiteacha tógála, bunachair sonraí ábhartha) agus ag struchtúir an gheilleagair shóisialta. Caitear súil ar roinnt cás-staidéar chun spléachadh a thabhairt dúinn ar roinnt iarrachtaí nuálacha atá déanta chun feabhas a chur ar chúrsaí inacmhainneachta, inrochtaineachta agus inbhuanaitheachta i réimse na tithíochta. Cuirtear roinnt moltaí inghníomhaithe chun cinn sa staidéar le haghaidh 2030 agus 2050, i gcomhréir le spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht, cothromas sóisialta agus fás eacnamaíoch. Tugtar forléargas straitéiseach ann freisin chun cabhrú linn beartais tithíochta a chur in oiriúint do dhúshláin atá ag athrú, gan dea-bhail an phobail a ligean i ndearmad.

Cad iad príomhthorthaí an staidéir?

Tugann an digiteáil deis shuntasach dúinn feabhas a chur ar chúrsaí éifeachtúlachta i bpleanáil, tógáil agus bainistiú tithíochta. D’fhéadfadh sí, cuir i gcás, costais a laghdú agus inbhuanaitheacht a fheabhsú. Mar sin féin, tá an méid is féidir a choigilt a bhuí leis an digiteáil srianta faoi láthair toisc bacainní a bheith ann a fhágann nach féidir forbairtí digiteacha a ghlacadh. Ar na príomhbhacainní sin, tá dearcthaí na ngeallsealbhóirí traidisiúnta, an toradh íseal a mheastar a bhíonn ar infheistíocht, costais arda cur chun feidhme, agus easpa dreasachtaí, oiliúna agus rialachán. Ionas gur féidir leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na digiteála, tá sé ríthábhachtach tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa bhonneagar digiteach, mar shampla chun gur féidir le hardáin dhigiteacha a bheith idir-inoibritheach.

Nuálaíocht beartais a bhfuil gealladh fúithi is ea eintitis an gheilleagair shóisialta (comhlachais tithíochta brabúis theoranta, eagraíochtaí leasa phoiblí, comharchumainn) a thabhairt isteach san obair chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin tithíochta atá ann faoi láthair. Cuireann na heintitis sin réitigh tithíochta chostéifeachtacha dhea-dheartha ar fáil a chothaíonn comhtháthú pobail agus a chuireann cobhsaíocht fhadtéarmach tithíochta chun cinn. Sa Vín, mar shampla, cuirtear 30 % de gach teach a thógtar i leataobh do thithíocht neamhbhrabúis agus tithíocht brabúis theoranta. Tá ról thar a bheith tábhachtach aige sin maidir le margadh tithíochta na cathrach a chobhsú trí thionchar maolaithe ar phraghsanna a chothú. Cabhraíonn sé sin leis an tithíocht a ligtear ar cíos a choinneáil inacmhainne agus fágann sé nach mbíonn aon saobhadh margaidh ann.

Ar bhonn na dtorthaí, cad iad na príomhbhearta a mholfadh sibh agus cé na réimsí taighde eile ba cheart a fhiosrú?

Sa mheántéarma, ba cheart tús áite a thabhairt i mbeartais tithíochta an Aontais do ‘Chomhaontú Nua Eorpach le haghaidh Tithíocht Shóisialta Inbhuanaithe Inacmhainne’ a thabhairt isteach chomh maith le ‘Treoir Tithíochta’ chun go mbeadh cur chuige aontaithe ann ar fud na mBallstát. Ba cheart do na tíortha samhlacha nuálacha a chur chun cinn, comharchumainn agus tithíocht brabúis theoranta, cuir i gcás. Ba cheart dóibh freisin tacaíocht airgeadais sholúbtha a chur ar fáil agus uirlisí digiteacha a ghlacadh chucu chun réitigh tithíochta a fheabhsú.

San fhadtéarma, ba cheart cur chuige straitéiseach inbhuanaithe a ghlacadh i dtaca le beartais tithíochta agus béim a leagan ar réitigh áitiúla agus ar fhaireachán leanúnach. Ní mór an digiteáil a rialú ar mhaithe lena caighdeánú agus cleachtais an gheilleagair chiorclaigh a chur ar bun, amhail iasachtaí bainc a dheonú le haghaidh cúrsaí ciorclaíochta san earnáil tógála, dreasachtaí cíosa a thabhairt bunaithe ar éifeachtúlacht fuinnimh, agus tionscnaimh maoiniúcháin a thosú ar leibhéal an phobail áitiúil. Anuas air sin, ba cheart coincheap na ‘tithíochta sóisialta’ a leathnú chun teaghlaigh atá ar mheánioncam a chur san áireamh. Bheadh sé sin cosúil le samhail na ‘tithíochta sochaí’ atá ann sa Vín, a chuireann meascán sóisialta chun cinn agus a chuireann cosc ar an uaisliú. Tá sé thar a bheith tábhachtach freisin go ndíreofaí ar thithíocht nua a thógáil agus ar athchóirithe agus go mbainfí athearraíocht as foirgnimh nach bhfuil in úsáid chun freastal go héifeachtach ar riachtanais tithíochta.

Ba cheart díriú sa taighde a dhéanfar amach anseo ar chuir chuige chuimsitheacha i dtaca le pleanáil uirbeach, tógáil agus soláthar tithíochta chun feabhas a chur ar an teacht atá ag na saoránaigh go léir ar thithíocht. Ba cheart breathnú ann freisin ar an tionchar atá ag teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail an intleacht shaorga agus an t-uathoibriú, ar choigilteas costais agus ar éifeachtúlacht i bhforbairt agus i mbainistiú tithíochta. Ar deireadh, ba cheart taighde a dhéanamh ar na samhlacha nuálacha tithíochta atá ann ar fud na mBallstát chun straitéisí a shainaithint a d’fhéadfadh inacmhainneacht agus inbhuanaitheacht araon a fheabhsú.

Rinne CESE an staidéar a choimisiúnú arna iarraidh sin do Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta.