European Economic
and Social Committee
Seachtain na Sochaí Sibhialta 2025 – glac páirt sa chomhrá!
Sa dara heagrán de Sheachtain na Sochaí Sibhialta (2025) in CESE, ón 17 go dtí an 20 Márta, díreofar ar an gComhtháthú agus an rannpháirtíocht a threisiú sa tsochaí a bhfuil an t-easaontas i réim inti. Cuir spás in áirithe anseo!
Tá am fós ann clárú do Sheachtain na Sochaí Sibhialta, ócáid de CESE atá á reáchtáil den dara bliain. Le linn imeachtaí na bliana seo, tiocfaidh sochaí shibhialta na hEorpa, lucht ceaptha beartas an Aontais, saineolaithe, iriseoirí agus tuilleadh nach iad le chéile chun plé a dhéanamh ar cheann de na dúshláin is práinní atá romhainn – olldeighilt ár sochaithe a leigheas.
De thoradh géarchéimeanna a thit amach i gcomhthráth, idir an phaindéim, an t-athrú aeráide, an costas maireachtála a bheith ag dul in airde agus an éagothromaíocht ioncaim a bheith ag dul in olcas – tá scoilt nimhneach tagtha chun cinn ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin, rud a ghéaraíonn na deighiltí sóisialta, a laghdaíonn muinín atá ag an bpobal as na hinstitiúidí daonlathacha, agus a chuireann brú ar aontacht an phobail.
Sa chomhthéacs sin, is glao chun gnímh í Seachtain na Sochaí Sibhialta 2025 chun comhtháthú sóisialta a chothú agus rannpháirtíocht dhaonlathach a neartú. Trí bhíthin díospóireachtaí bríomhara agus ceardlanna comhoibríocha, san fhóram seo a mhairfidh ceithre lá, cuirfear deis ar leith ar fáil do gach rannpháirtí páirt a ghlacadh i bplé criticiúil, dea-chleachtas a roinnt, agus obair a dhéanamh i gcomhar le chéile chun réitigh phraiticiúla a fhorbairt.
Céard a bheidh i gceist?
Le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta 2025 beidh díospóireachtaí painéil ann faoi stiúir Ghrúpa Idirchaidrimh CESE, ceiliúrfar Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus reáchtálfar searmanas bronnta Dhuais Sochaí Sibhialta CESE.
Is í an scoláire, scríbhneoir agus tráchtaire polaitiúil, Albena Azmanova a chuirfidh tús leis an tseachtain. Tabharfaidh sise eochairóráid a mbeidh lón machnaimh inti agus a réiteoidh an bealach don phlé ina diaidh.
Sa phainéal ardleibhéil a bheidh ann ina dhiaidh sin, cíorfar an cheist an bhfuilimid ‘Aontaithe san Éagsúlacht i gcónaí?’. Ar an bpainéal beidh Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Younous Omarjee; Aire na Sochaí Sibhialta thar ceann Uachtaránacht na Polainne Adriana Porowska; Uachtarán CESE Oliver Röpke; Comhchathaoirleach Ghrúpa Idirchaidrimh CESE Brikena Xhomaqi; Ardrúnaí Ghluaiseacht Idirnáisiúnta na hEorpa Petros Fassoulas; agus Mădălina-Mihaela Antoci ó Chomhairle Náisiúnta na nÓg sa Mholdóiv.
Le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta, cíorfaimid an méid a leanas: mar is féidir leis an oideachas sibhialta cuidiú le bearnaí a dhruidim, mar is féidir leis an Eoraip a bheith ar thús cadhnaíochta sa nuálaíocht gan a luachanna a chur i mbaol, agus mar is féidir tithíocht a dhéanamh níos inacmhainne agus níos inbhuanaithe agus aghaidh á tabhairt san am céanna ar an mbochtaineacht fuinnimh agus tacaíocht á tabhairt don mhaireachtáil ilghlúine. Pléifimid freisin na bealaí chun an tsochaí shibhialta a neartú trí thacaíocht phoiblí agus dhaonchairdiúil, mar is féidir linn a chinntiú go léirítear riachtanais áitiúla i mbeartais an Aontais i dtaca leis an aistriú glas agus gorm, agus mar is féidir an tsochaí shibhialta ar fud na hEorpa a aithint, a chosaint agus dul i dteagmháil léi ar bhealach níos éifeachtaí.
I seisiún speisialta a óstálfar i gcomhpháirt le Parlaimint na hEorpa, díreofar go sonrach ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) agus ar na himpleachtaí atá aige don tsochaí shibhialta.
Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh 2025
An 18 Márta, Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, díreofar aird ar uirlis chumhachtach an daonlathais rannpháirtíochta, is é sin an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Leis an tionscnamh seo, a tugadh isteach le Conradh Liospóin, tugtar deis do shaoránaigh a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht nua an Aontais a mholadh maidir le saincheist áirithe. Le go ndéanfaidh an Coimisiún breithniú air, ní mór d’eagraithe 1 mhilliún síniú a bhailiú chun tacú lena gcúis.
Trí dhíospóireachtaí ardleibhéil agus ceardlanna idirghníomhacha, cíorfaidh na rannpháirtithe ábhair thábhachtacha amhail ról an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh maidir le dul i ngleic leis an olldeighilt sa tsochaí agus bealaí chun tacaíocht níos láidre a chothú ar fud na mBallstát. Cuirfear béim ar leith ar mar is féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta páirt ghníomhach a ghlacadh i bpróiseas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh le go gcloisfear guth na saoránach i gceapadh beartas na hEorpa.
Beidh deis ar leith ag rannpháirtithe freisin teagmháil dhíreach a dhéanamh le lucht eagraithe Tionscnamh Eorpach – idir thionscnaimh a eagraíodh cheana féin, atá á n-eagrú faoi láthair, agus a eagrófar amach anseo – chun dea-chleachtais agus ceachtanna a foghlaimíodh a mhalartú i dtaca lena bhfeachtais féin.
Ina theannta sin, léireoidh an t-imeacht a thábhachtaí atá sé straitéisí tionchair a bheith ann chun Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh agus painéil saoránach a dhéanamh níos éifeachtaí, go háirithe maidir lena dhóichí atá sé go ndéanfadh institiúidí an Aontais obair leantach reachtach dá dtoradh.
Duais na Sochaí Sibhialta 2025
I measc nithe eile, is ar an lá deireanach de Sheachtain na Sochaí Sibhialta 2025 a reáchtálfar an 15ú searmanas bronnta de Dhuais Sochaí Sibhialta CESE.
Is é is aidhm do Dhuais na Sochaí Sibhialta feasacht a mhúscailt faoin sárobair a dhéanann an tsochaí shibhialta chun féiniúlacht agus saoránacht Eorpach a chruthú agus chun na luachanna coiteanna a threisíonn an lánpháirtiú Eorpach a chur chun cinn. Bronntar an duais gach bliain ar dhaoine aonair agus ar eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta as a dtionscadail neamhbhrabúis nuálacha chruthaitheacha a dhíríonn ar théamaí éagsúla a bhaineann leis an Aontas Eorpach.
I mbliana, bronnfar an duais ar thrí thionscadal a théann i ngleic le deighilt dhíobhálach na sochaí san Aontas.
Tiocfaidh an tSeachtain chun chríche le seisiún dinimiciúil clabhsúir. I measc na gcainteoirí, beidh Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh (le deimhniú); Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Katarina Barley; Uachtarán CESE Oliver Röpke; agus Ardrúnaí Fhondúireacht an Lárionaid um an Daonlathas sa tSeirbia, Nataša Vučković.
Glac páirt sa chomhrá!
A bhuí lena ceithre lá de phlé léirsteanach, de chainteoirí ardleibhéil spreagúla agus de dheiseanna líonraithe iontacha, is cinnte gur imeacht í Seachtain na Sochaí Sibhialta 2025 nár mhaith leat a chailleadh. Cuir spás in áirithe inniu agus bí linn chun an comhrá a athrú. Tá tábhacht le do ghuthsa má táimid chun Eoraip chomhtháite rannpháirtíoch a thógáil!
Tá an clár iomlán ar fáil anseo.
Cláraigh anseo roimh an 12 Márta. (ma)