European Economic
and Social Committee
Tá gá le hathchóirithe nithiúla agus bearta cinntitheacha chun geilleagar athléimneach, iomaíoch agus cuimsitheach a bhaint amach
I gcomparáid lena phiaraí domhanda amhail na Stáit Aontaithe, tá dúshláin phráinneacha os comhair an limistéir euro: táirgiúlacht saothair íseal agus an laghdú atá ag teacht ar an iomaíochas agus ar an bhfás eacnamaíoch. Chun an treocht sin a aisiompú, tá straitéis phráinneach chomhordaithe á hiarraidh ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE).
Sa tuairim uaidh Beartas eacnamaíoch an limistéir euro do 2025, leag CESE amach plean chun dlús a chur leis an bhfás tríd an margadh inmheánach a dhoimhniú, tríd an rómhaorlathas rialála a laghdú agus tríd an inbhuanaitheacht fhioscach a áirithiú. Ag an am céanna, ní mór do bheartais aghaidh a thabhairt ar threochtaí claochlaitheacha, amhail an intleacht shaorga, agus ar an mbrú a bhaineann le daonra atá ag dul in aois.
Mar gheall ar shuaití seachtracha amhail paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim fuinnimh, tá dúshláin mhóra eacnamaíocha os comhair an limistéir euro. Cé go ndearnadh iarrachtaí chun cobhsaíocht a bhaint amach, tá gá le hathchóirithe misniúla mar gheall ar shaincheisteanna amhail éiginnteacht intíre, athruithe déimeagrafacha agus brúnna fioscacha atá ag dul i méid.
Tá cur chuige trí chéim á chur chun cinn ag CESE chun an táirgiúlacht agus an t-iomaíochas a fheabhsú: an margadh inmheánach a dhoimhniú, an beartas tionsclaíoch a chomhordú agus an rómhaorlathas a laghdú. Is rud ríthábhachtach í an inbhuanaitheacht fhioscach, rud a éilíonn creat cothrom, comhar níos láidre ón Aontas agus iarrachtaí chun leas a bhaint as ioncam nár baineadh leas as go fóill. Ní mór borradh a chur faoin infheistíocht, an caipiteal fiontair a mhéadú agus beartais a chur chun feidhme atá fabhrach don nuálaíocht.
Rud ríthábhachtach eile is ea athléimneacht an mhargaidh saothair freisin, rud a éilíonn solúbthacht, pá cothrom, athchóirithe slándála sóisialta agus forbairt scileanna atá dírithe ar an intleacht shaorga. Leagann CESE béim ar an ngá atá le cuntasacht chomhroinnte idir an tAontas agus na Ballstáit agus molann sé go gcuirfí feabhas ar chomhordú na mbeartas. Trí ghníomhaíocht chinntitheach agus infheistíochtaí straitéiseacha a dhéanamh, is féidir leis an limistéar euro geilleagar athléimneach, iomaíoch agus inbhuanaithe a thógáil don todhchaí (tk).