European Economic
and Social Committee
Eagarfhocal
Anois teacht an earraigh, agus roimh Mhárta beidh CESE ag cur tús le sraith imeachtaí dinimiciúla le haird a tharraingt ar ghuthanna na ndaoine óga agus na sochaí sibhialta.
An chéad imeacht an 16ú heagrán den imeacht ‘Leatsa an Eoraip, Abair Leat!’. An 13-14 Márta 2025, ag imeacht YEYS, faoi mar a thugtar air go forleathan, tabharfar le chéile beagnach 100 rannpháirtí óg ó eagraíochtaí óige, comhairlí náisiúnta óige agus meánscoileanna, chomh maith le 37 múinteoir ó Bhallstáit an Aontais, ó thíortha is iarrthóirí agus ón Ríocht Aontaithe. Roinnfidh gach duine acu eispéireas uathúil dá gcuid féin, ag aontú guth ar ghuth chun an Eoraip ar mian leo a saol a chaitheamh inti a mhúnlú.
D’fhéadfadh a gcuid moltaí cur leis an dara Seachtain na Sochaí Sibhialta de chuid CESE, cúpla lá ina dhiaidh sin, mar bhonn don phlé atá dírithe ar an óige, agus d’fhéadfaí iad a roinnt le hionadaithe ardleibhéil ó na hinstitiúidí Eorpacha.
Tar éis tús maith in 2024, beidh Seachtain na Sochaí Sibhialta ar siúl an 17-21 Márta agus díreoidh sí ar an gcomhtháthú agus an rannpháirtíocht i sochaithe polaraithe a neartú. Tá na deighiltí sochaíocha níos doimhne fós mar gheall ar an éagobhsaíocht shóisialta, cor chun donais na heacnamaíochta, mar aon leis an míshástacht atá ann go forleathan, go háirithe i measc na ndaoine a bhraitheann nach bhfuiltear ag éisteacht leo agus daoine a fhágtar ar an trá fholamh.
Chun aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna imní práinneacha sin, baileofar raon éagsúil páirtithe leasmhara ón tsochaí shibhialta ón Eoraip agus níos faide i gcéin le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta 2025. Dá bhrí sin, cuirfear ardán uathúil ar fáil chun páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí criticiúla, dea-chleachtais a chomhroinnt, agus comhoibriú chun réitigh a fhorbairt lena gcothófar comhtháthú sóisialta. Beidh sin ina neartú ar an rannpháirtíocht dhaonlathach.
I mbliana, tabharfar trí thionscnamh mhóra le chéile faoi scáth an chláir oibre: eagraíochtaí agus líonraí na sochaí sibhialta san Eoraip (painéil de Ghrúpaí Idirchaidrimh CESE), agus plé ar an gcaoi a bhféadfaí comhtháthú ní b’fhearr a chothú le Straitéis Eorpach maidir leis an tSochaí Shibhialta; Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (TES) agus an ról atá aige le dul i ngleic leis an deighilt; searmanas bronnta Dhuais na Sochaí Sibhialta. An deighilt dhíobhálach i sochaí na hEorpa a chomhrac, sin é is téama don 15ú Duais don tSochaí Shibhialta, rud a thugann aitheantas don fheabhas i dtionscnaimh na sochaí sibhialta. Is as an mBeilg do na buaiteoirí, agus is í eagraíocht na sochaí sibhialta ‘Éagsúlacht’ is urlabhraí dóibh; ón bhFrainc, le ‘Tuairisceoirí an Dóchais’; agus ón tSlóvaic,‘Comhlachas Díospóireachta na Slóvaice’. Fógrófar an buaiteoir le linn an chomórtais!
Feidhmíonn Seachtain na Sochaí Sibhialta ina ardán tráthúil a iarrann ar an tsochaí shibhialta eagraithe agus ar na saoránaigh a dtuairim a chur in iúl faoi na príomh-shaincheisteanna, idir dhúshláin an athraithe aeráide, rud atá ag dul in olcas, an costas maireachtála atá ag ardú, agus na héagothromaíochtaí ioncaim atá ag dul in ainseal, mar aon le torthaí thoghcháin 2024 ar fud an domhain, rud a bhfuil foras bisiúil cruthaithe acu uile le ding agus deighilt a chur idir aicmí daoine go forleathan.
Bígí páirteach sa mhalartú fiúntach seo, agus glacaigí páirt sa phlé. Tá deis le tapú agus is féidir athrú a chur ar chúrsaí. Tá tábhacht nach beag lenár nguth féin, agus is féidir cách a chloisteáil fad a sheasaimid le chéile go réamhghníomhach, fad a bheimid réidh chun rannchuidiú leis an Eoraip ionas go mbeidh sí níos comhtháite agus níos rannpháirtí. Is féidir clárú anois! Tapaigh an deis!
Laurentiu Plosceanu
Leas-Uachtarán um an gCumarsáid