An 24 Aibreán, d’eagraigh CESE imeacht chun an scannán faisnéise Úcránach ‘20 Days in Mariupol’ a léiriú. Is scannán é sin ar éirigh leis gradam Oscar a bhuachan i mbliana sa chatagóir ‘An Príomhscannán Faisnéise Is Fearr’.

An 24 Aibreán, d’eagraigh CESE imeacht chun an scannán faisnéise Úcránach ‘20 Days in Mariupol’ a léiriú. Is scannán é sin ar éirigh leis gradam Oscar a bhuachan i mbliana sa chatagóir ‘An Príomhscannán Faisnéise Is Fearr’.

Léiríonn an scannán imeachtaí an 20 lá corrach nuair a bhí stiúrthóir an scannáin, an t-iriseoir Mstyslav Chernov, agus a chomhghleacaithe, i gcathair Mariupol siar i mí Feabhra agus mí an Mhárta 2022 chun taifead a dhéanamh ar léigear brúidiúil na Rúise ar Mariupol, mórchalafort de chuid na hÚcráine ar Mhuir Mheoid. Ag obair leis don eagraíocht nuachta Associated Press, ba iad Chernov agus a fhoireann na hiriseoirí eachtracha deireanacha le himeacht ón gcathair sular ghabh arm na Rúise í. Tá a lorg fágtha ar fud an domhain ag na taifeadtaí agus na grianghraif thochtmhara a ghlac an fhoireann. Feictear, mar shampla, ospidéal máithreachais a bombardaíodh go dona chomh maith le bombardú a rinneadh ar amharclann na cathrach a bhí á húsáid mar fhoscadh ag leanaí. Léiriú is ea an scannán ar uafáis ainghníomhartha arm ionraidh na Rúise i gcoinne dhaonra sibhialta na hÚcráine.

Anuas ar Ghradam an Acadaimh, tá an-chuid gradaim eile mór le rá bainte amach ag ‘20 Days in Mariupol’, go háirithe gradam BAFTA don Scannán Faisnéise is Fearr agus Gradam an Lucht Féachana ag an bhféile scannán Sundance sa chatagóir ‘Scannán Faisnéise Idirnáisiúnta’. 

Bhí Uachtarán CESE, Oliver Röpke, i láthair ag an léiriú, i dteannta roinnt aíonna eile mór le rá, ina measc sin a Shoilse Vsevolod Chentsov, Ceann Mhisean na hÚcráine chuig an Aontas Eorpach, agus Yevhen Tuzov, duine de phríomhphearsana an scannáin.

‘Ní mór dúinn a choinneáil i gcuimhne i gcónaí go bhfuil dualgas sollúnta orainn fianaise a thabhairt leis an stair. Tá teachtaireacht shoiléir ag an scannán seo: ní mór dúinn a chur in iúl don domhan impleachtaí na fuatha. Ná ligimis i ndearmad na híobairtí atá déanta ag daoine na hÚcráine, ná an athléimneacht a thaispeáin siad in aghaidh an aimhleasa. Ní hamháin gur léiriú ar na luachanna a chomhroinnimid an t-ionchas go mbeidh an Úcráin ina Ballstát den Aontas, ach is léiriú dóchais é freisin go bhfuil laethanta níos fearr le teacht,’ arsa Oliver Röpke, Uachtarán CESE. 

Is gránna an léiriú é ‘20 Days in Mariupol’ ar an gcruatan a tháinig as fogha na Rúise, ach is léiriú é nach mór a thabhairt san am céanna. Is údar mórtais dom a rá gur ar thaobh na hÚcráine atá an Coiste seo againn ag seasamh, gan stad gan staonadh, agus ar thaobh shochaí shibhialta bhríomhar na hÚcráine chomh maith, na laethanta deacra seo. Is mór againn ar fad go bhfuil sibh anseo linn anocht,’ is ea a dúirt Aurel Laurențiu Plosceanu, Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE. Ó chuir an Rúis tús leis an gcogadh foghach, sheas CESE go daingean leis an Úcráin agus le sochaí sibhialta na hÚcráine, agus neartaigh sé ar an gcomhar idir é féin agus eagraíochtaí shochaí shibhialta (ESSanna) na hÚcráine trí mheán Ardán Sochaí Sibhialta AE-na hÚcráine. Chuir sé mol ar bun don Úcráin chun áit oibre a chur ar fáil sa Bheilg do ESSanna ón Úcráin. Chuir sé tús leis an tionscnamh ‘Comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí’ chun saineolas CESE a roinnt le ESSanna ón Úcráin. Thug toscaireacht ardleibhéil ó CESE, faoi stiúir an Uachtaráin Röpke, cuairt ar an Úcráin i mí na Samhna chun teacht le chéile leis an Aire Forbartha Eacnamaíche agus Trádála Yuliia Svyrydenko, le hionadaithe na Parlaiminte (Verokhna Rada) agus le hionadaithe ón tsochaí shibhialta. Thug comhaltaí CESE ómós d’íospartaigh Úcránacha an chogaidh ag leachtanna cuimhneacháin cogaidh timpeall na tíre. 

Leis an léiriú seo, a eagraíodh ar iarraidh Andris Gobiņš, comhalta de CESE ón Laitvia, cuirtear in iúl arís eile dlúthpháirtíocht shochaí shibhialta na hEorpa leis an Úcráin agus le muintir na hÚcráine. Mar ócáid ar imeall leis an bpríomhimeacht, bhí taispeántas grianghraf ann freisin don lucht féachana maidir le cathair Mariupol agus í faoi léigear. Eagraíodh an taispeántas sin i gcomhar leis an gcumann Ukra-Bel.

Fáilte chuig Dearcadh na Cosmhuintire, podchraoladh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE). Agus na toghcháin Eorpacha 2024 le bheith ann go han-luath, theastaigh uainn aird a tharraingt ar thrí ghrúpa ar minic don lucht ceaptha beartais neamart a dhéanamh orthu: daoine faoi mhíchumas, seanóirí agus daoine óga. Breathnóimid ar an dóchas atá ag na grúpaí sin do na blianta beaga romhainn agus ar na hábhair imní atá acu.

Fáilte chuig Dearcadh na Cosmhuintire, podchraoladh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE). Agus na toghcháin Eorpacha 2024 le bheith ann go han-luath, theastaigh uainn aird a tharraingt ar thrí ghrúpa ar minic don lucht ceaptha beartais neamart a dhéanamh orthu: daoine faoi mhíchumas, seanóirí agus daoine óga. Breathnóimid ar an dóchas atá ag na grúpaí sin do na blianta beaga romhainn agus ar na hábhair imní atá acu. 

Ar na haíonna don lá inniu, labhróidh Milan Šveřepa, Uachtarán Inclusion Europe, faoi chúrsaí inrochtaineachta agus na toghcháin Eorpacha 2024. Beidh an gníomhaí óige agus an tionchaire Nina Skočak linn freisin chun labhairt faoina bhfuil idir chamáin do na daoine óga. Cloisfimid freisin ón Dr Heidrun Mollenkopf, Uachtarán AGE Platform Europe, ardán a bhíonn ag obair ar son na seanóirí. Pléifidh an Dr Mollenkopf conas mar a mhothaíonn na seanóirí maidir le díospóireachtaí toghchánacha, cé acu a mhothaíonn siad go gcuireann polaiteoirí a gcuid tuairimí san áireamh sna díospóireachtaí sin nó, a mhalairt ar fad, cé acu a dhéanann siad beag is fiú díobh. Beidh Aurel Laurențiu Plosceanu, Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE, inár measc freisin chun labhairt faoina ndéanann CESE chun leanúint de bheith ag cur teannadh le glór na sochaí sibhialta, lena chinntiú nach ndéanfar na daoine is leochailí a fhágáil i leataobh ná nach ndéanfar iad a imeallú. 

Éist lenár bpodchraoladh, cuir an vóta atá agat chun úsáide agus labhair amach duit féin. Múnlaigh an Eoraip atá uait!

Le Cillian Lohan 

D’fhág an deis saorghluaiseachta atá ag muintir na hEorpa go bhfuil a lán lán buntáistí ann do gach saoránach. Tá tábhacht ar leith le saorghluaiseacht daoine óga, óir is deis atá ann dóibh blaiseadh a fháil de chultúir éagsúla na hEorpa agus taithí a fháil ar an saol i dtíortha eile san Eoraip. Chabhraigh an taithí sin leo teacht ar an tuiscint go bhfuil go leor i gcoiteann againn. Nuair a thugtar cuairt ar thír eile le haghaidh oibre nó staidéir, is fearr a thuigimid an rud atá i gcoiteann againn mar dhaoine. Is cuma cén teanga a labhraímid, cén bia a ithimid nó cén aimsir ar a bhfuilimid cleachtach, tá lear mór rudaí i gcoiteann againn – an caidreamh lenár dteaghlach agus ár gcairde, ábhair dóchais agus streachailte, dúshláin agus deiseanna.

Le Cillian Lohan 

D’fhág an deis saorghluaiseachta atá ag muintir na hEorpa go bhfuil a lán lán buntáistí ann do gach saoránach. Tá tábhacht ar leith le saorghluaiseacht daoine óga, óir is deis atá ann dóibh blaiseadh a fháil de chultúir éagsúla na hEorpa agus taithí a fháil ar an saol i dtíortha eile san Eoraip. Chabhraigh an taithí sin leo teacht ar an tuiscint go bhfuil go leor i gcoiteann againn. Nuair a thugtar cuairt ar thír eile le haghaidh oibre nó staidéir, is fearr a thuigimid an rud atá i gcoiteann againn mar dhaoine. Is cuma cén teanga a labhraímid, cén bia a ithimid nó cén aimsir ar a bhfuilimid cleachtach, tá lear mór rudaí i gcoiteann againn – an caidreamh lenár dteaghlach agus ár gcairde, ábhair dóchais agus streachailte, dúshláin agus deiseanna. 

Is iad na malartuithe seo idir tíortha a fhágann go mbíonn sochaí báúil le daoine eile agus tuisceanach dóibh; nach mar strainséirí, ach mar chairde, a ghlacaimid lenár gcomhshaoránaigh Eorpacha i dtíortha chomharsanacha. 

Níor cheart dúinn beag is fiú a dhéanamh den tionchar atá aige sin ar chaomhnú na síochána agus na cobhsaíochta ar mhór-roinn na hEorpa. Is saorghluaiseacht daoine óga an rud is tábhachtaí le haghaidh comhar agus comhobair leanúnach.

Is sa chomhthéacs sin a mhol mé tuairim féintionscnaimh a tharraingt suas maidir le soghluaisteacht na hóige agus an caidreamh idir daoine óga in Aontas Eorpach tar éis Brexit. D’oibrigh mé le mo chomhghleacaithe, leis an bhfoireann agus leis na comhaltaí, agus chuamar i gcomhairle go forleathan leis na grúpaí lena mbaineann. Bhí ionadaithe ón Aontas Eorpach agus ón Ríocht Aontaithe páirteach sa phróiseas sin – iad ag teacht le chéile ar líne nó ar an láthair, ag scaipeadh suirbhéanna agus ag malartú ríomhphost. Léiríodh tacaíocht láidir dár gcuid oibre nuair a caitheadh vóta ollmhór ar son na tuairime i seisiún iomlánach CESE. 

Is éard a rinne na hinstitiúidí Eorpacha ina dhiaidh sin gur chuir siad tairiscint leathan de scéimeanna soghluaisteachta feabhsaithe ar fáil d’aos óg na Ríochta Aontaithe. Dhiúltaigh an Ríocht Aontaithe don tairiscint sin, faraor, ach leanfaimid orainn den obair chun na buntáistí atá ann don dá thaobh a léiriú.

Is tábhachtach a lua nach mic léinn ollscoile agus daoine atá ag freastal ar oideachas lánaimseartha, agus iadsan amháin, a bhaineann tairbhe as cláir de chineál Erasmus+ nó chiste Eoraip na Cruthaitheachta. A bhuí le tionscnaimh den chineál sin, is féidir le daoine óga as gach cúlra páirt a ghlacadh i scéimeanna malartaithe agus taithí neamhghnách a fháil.

Is féidir an costas airgeadais atá i gceist agus an toradh ar an infheistíocht sin a ríomh go fuarchúiseach, ar ndóigh. Ach níl sa toradh sin ach gné amháin de luach na soghluaisteachta. Is sa taithí chomhroinnte agus sa chomhthuiscint atá fíorluach na soghluaisteachta agus na malartuithe sin. Tá caidreamh idir daoine agus saorghluaiseacht daoine de dhíth ar mhór-roinn atá bríomhar ilchultúrtha. Leanfaimid de bheith á éileamh sin in CESE. Mar go dteastaíonn uainn beart a dhéanamh de réir ár mbriathair agus dea-shampla a thabhairt, leanaimid den obair a dhéantar i gcomhar leis an tsochaí shibhialta sa Ríocht Aontaithe. 

Tá Meabhrán Tuisceana againn le Comhghuaillíocht na Sochaí Sibhialta sa Ríocht Aontaithe agus Meabhrán Tuisceana ar leith againn le SAFE in Albain (agus an deis againn a bheith ag obair le hiarchomhalta de CESE, Irene Oldfather). Leanfaimid den obair sin agus neartóimid í. Chruthaigh earnáil na hóige gur féidir léi a bheith ceannródaíoch in amanna corracha, go háirithe i réimse na haeráide. Oibrímis le chéile ar an leibhéal institiúideach chun na huirlisí go léir a theastaíonn ón earnáil sin a sholáthar di le go bhféadfaidh daoine óga cur lena gcuid oibre agus leas a bhaint as cumhacht na hóige chun saol níos fearr a chruthú dúinn go léir.

Tionscail agus teicneolaíochtaí a thacaíonn leis an tsochaí a bheith athléimneach ó thaobh an uisce de

Document Type
AS

Straitéis Thionsclaíoch um an gCosaint Eorpach

Document Type
AS

An Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach

Document Type
AS

Le Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Ag tógáil dúinn ar an taithí atá faighte againn le scór bliain anuas agus ar na seacht mbabhta méadúcháin atá tarlaithe ó cuireadh tús leis an tionscadal Eorpach, b’iomchuí comóradh a dhéanamh, is dócha, ar an méadú ‘ollmhór’ a tharla in 2004 le roinnt fíricí agus figiúirí d’fhonn cur in éadan na ndíospóireachtaí teasaí a bheidh ar siúl agus toghcháin na hEorpa i mí an Mheithimh ag teannadh linn.

Le Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Ag tógáil dúinn ar an taithí atá faighte againn le scór bliain anuas agus ar na seacht mbabhta méadúcháin atá tarlaithe ó cuireadh tús leis an tionscadal Eorpach, b’iomchuí comóradh a dhéanamh, is dócha, ar an méadú ‘ollmhór’ a tharla in 2004 le roinnt fíricí agus figiúirí d’fhonn cur in éadan na ndíospóireachtaí teasaí a bheidh ar siúl agus toghcháin na hEorpa i mí an Mheithimh ag teannadh linn.

De thoradh an chogaidh atá á fhearadh san Úcráin le trí bliana anuas, tá saincheist an mhéadaithe i gcroílár an chláir oibre gheopholaitiúil Eorpaigh anois. An stádas mar thír is iarrthóir a bronnadh gan mhoill ar an Úcráin, ar an Moldóiv, ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, agus ar an tSeoirsia, sin agus an chaibidlíocht aontachais a tionscnaíodh ar deireadh leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin, dul chun cinn dearfach atá iontu ó ba bheartas é an méadú a bhí ina stad le blianta móra fada.

I dtreo nach gcaillfear aon chuid den mhóiminteam nua seo, ba cheart dúinn an cás gnó a ghabhann leis a mhíniú go soiléir sothuigthe.

Ar ndóigh, is prionsabail dhosháraithe iad an daonlathú agus an smacht reachta, rud is fíor freisin i gcás an chur chuige bunaithe ar fhiúntas is dlúthchuid de phróiseas an mhéadaithe, ós amhlaidh nach féidir aon aicearra sa treo sin a ghearradh ná a ghabháil. Ar deireadh thiar thall, ní foláir a chur i luí gaidhte ar an bpobal cad é mar ghnóthachain eacnamaíocha agus rathúnas a bheidh ann don chéad ghlúin eile d’Eorpaigh, is é is dóichí.

Más léiriú ar an todhchaí an t-am atá thart, is féidir linn a rá go cinnte go bhfuil cás gnó le déanamh ar a shon gan bhréag, gan amhras. Tháinig méadú faoi thrí, nach mór, ar an trádáil idir na sean-Bhallstáit agus na Ballstáit nua le linn an phróisis fhoirmiúil réamhaontachais ó 1994 go 2004, agus tháinig méadú faoi chúig uirthi i measc na mBallstát nua féin. Tháinig méadú 4 % ar an meán in aghaidh na bliana ar an AE-15, mar a bhí an uair sin, ó thús an phróisis aontachais go dtí 2008, ó ba é an próiseas aontachais ba chúis le leath an fháis sin, rud a ghin 3 mhilliún post nua idir 2002 agus 2008.

Is léir dúinn ó COVID-19 agus an cogadh san Úcráin nach foláir don Aontas athmhachnamh a dhéanamh ar a athléimneacht eacnamaíoch féin, go háirithe i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Tá sé beartaithe le REPowerEU go gcuirfear borradh ceart faoi tháirgeadh fuinnimh in-athnuaite na hEorpa. Leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta agus leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, is amhlaidh a dhéanfar 40 % de shlabhraí luacha na n-ábhar glas agus na n-amhábhar a atreorú chuig an Aontas. Tá a ról tábhachtach féin ag na tíortha is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas, go háirithe an Úcráin, rud a chuirfidh breis slándáil eacnamaíoch ar fáil.

A fhad a bhaineann le hacmhainní nádúrtha, tá na cúltaiscí gáis is mó san Eoraip ag an Úcráin, gan an Iorua a chur san áireamh. Is ann freisin a tháirgtear cuid de na cainníochtaí hidreachumhachta is mó san Eoraip agus d’fhéadfadh sí cur lena hacmhainní táirgeachta in éineacht le foinsí eile fuinnimh ghlais, cuir i gcás an ghaoth, an ghrian agus an bhithmhais. Is onnmhaireoir mór miotal í an Úcráin, ina theannta sin, agus tá fosuithe litiam agus tearc-chré ann, rud atá ríthábhachtach do na tionscail ghlasa agus dhigiteacha.

San am céanna, tá tionscal talmhaíochta na hÚcráine ar cheann de na tionscail talmhaíochta is mó ar domhan. Dá ndéanfaí í a chomhtháthú sa mhargadh aonair, chuirfí go mór agus go fada le slándáil bia an Aontais.

Is léir agus is ríléir freisin cad iad na buntáistí do thíortha na mBalcán Thiar a bhaineann le rannpháirtíocht bhreise sa mhargadh aonair. Mar léiriú air sin, tá méadú seasta tagtha ar OTI na Cróite ó tháinig sí isteach san Aontas in 2013, rud a fhágann go bhfuil ioncam níos airde ag saoránaigh na tíre sin, agus meánmhéadú 67 % tagtha ar OTI per capita na tíre (ó EUR 10 440 in 2013 go dtí breis is EUR 17 240).

Is iomaí cor agus casadh a bhuailfidh leis na naoi dtír nua agus a slí á déanamh acu i dtreo na ballraíochta san Aontas Eorpach. Is mar sin a chaithfidh sé a bheith: más mian leis an Aontas a bheith ina chumhacht dhomhanda, ní mór dó a bheith ina chumhacht áitiúil i dtosach báire. 

Le Pat Cox

Labhraíonn Pat Cox, ár n-aoi speisialta agus iar-Uachtarán de chuid Pharlaimint na hEorpa, faoi mhéadú ollmhór an Aontais a tharla 20 bliain ó shin agus féachann sé siar ar an dóchas mór a bhí le sonrú le linn na tréimhse sin, tréimhse lenar tugadh an dá thaobh – Iarthar na hEorpa agus Oirthear na hEorpa – le chéile faoi dheireadh. Tráth a bhfuil miotas maidir le bráithreachas Slavach á chumadh ag Putin, agus diúracáin bhalaistíocha á scaoileadh ag an am céanna, is aontas deonach de dhaoine saora ceannasacha é an tAontas i gcónaí, bunaithe ar bhunluachanna na hurraime do chearta an duine, don chomhionannas agus don smacht reachta.

Le Pat Cox

– Labhraíonn ár n-aoi speisialta agus iar-Uachtarán de chuid Pharlaimint na hEorpa, faoi mhéadú ollmhór an Aontais a tharla 20 bliain ó shin agus féachann sé siar ar an dóchas mór a bhí le sonrú le linn na tréimhse sin, tréimhse lenar tugadh an dá thaobh – Iarthar na hEorpa agus Oirthear na hEorpa – le chéile faoi dheireadh. Tráth a bhfuil miotas maidir le bráithreachas Slavach á chumadh ag Putin, agus diúracáin bhalaistíocha á scaoileadh ag an am céanna, is aontas deonach de dhaoine saora ceannasacha é an tAontas i gcónaí, bunaithe ar bhunluachanna na hurraime do chearta an duine, don chomhionannas agus don smacht reachta.

Is imeachtaí iad an ócáid a d’óstáil Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais i mBaile Átha Cliath an 1 Bealtaine 2004 agus an searmanas fáilte a reáchtáladh i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg an 3 Bealtaine 2004 a sheasann amach domsa, ar bhonn polaitiúil ach ar bhonn mothúchánach freisin, agus iad mar laethanta ina raibh dearfacht agus dóchas mór le sonrú, agus a léirigh teacht abhaile, athaontú agus teacht le chéile dhá thaobh na mór-roinne – an tIarthar agus an tOirthear. I mBaile Átha Cliath, léigh Seamus Heaney an dán uaidh Beacons at Bealtaine, dán ina chuireann sé in iúl an dóchas go bhféadfadh an méadú stairiúil sin ‘beola a bhogadh, is gan stad dár réim.’ In Strasbourg, ardaíodh 10 mbratach náisiúnta na mBallstát nua ar chrainn brataí ollmhóra a rinneadh i longchlóis Gdańsk, bronntanas ón bPolainn. Ba léiriú siombalach é turas na gcrann brataí sin go Strasbourg ar an bpróiseas ón gcumannachas go dtí an tsaoirse, léiriú a rinneadh níos láidre fós i ngeall ar Lech Wałęsa a bheith i láthair.

Ar ndóigh, mhothaigh gach duine gurbh éard a bhí san ócáid an toradh ar phróiseas fada casta d’ullmhúcháin fhrithpháirteacha a rinneadh thar blianta fada. Bhí áthas, agus faoiseamh orainn go léir, gur bhaineamar an líne chríche amach agus go raibh an maratón polaitiúil agus nós imeachta curtha dínn.

Is é mo thuairimse féin go bhféadfaimis a rá gurb é an méadú an uirlis bheartais is cumhachtaí, is claochlaitheaí agus is rathúla atá ag an Aontas le caoga bliain anuas. Chuaigh mo thír féin, Éire, isteach sa chéad mhéadú an 1 Eanáir 1973, agus ba í an stát nó an réigiún ba bhoichte i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, mar a thugtaí air ag an am. Is gnéithe a chuireann le taithí agus toradh an-dearfach iad an rochtain ar mhargadh mór, dlúthpháirtíocht an Aontais trí chistí réigiúnacha agus, ina dhiaidh sin, cistí comhtháthaithe le linn na mblianta tosaigh den bhallraíocht, caighdeáin níos airde maidir le comhionannas inscne agus beartas comhshaoil, tacaíocht don phróiseas síochána i dTuaisceart Éireann agus an t-aitheantas a tugadh don toradh dúshlánach a bhí ag Brexit ar Éirinn agus don fhíoras gurb í Éire an t-aon tír san Aontas a bhfuil teorainn talún aici leis an Ríocht Aontaithe. Ní raibh cúrsaí breá éasca i gcónaí, áfach, go háirithe le linn ghéarchéim an limistéir euro. I dtéarmaí glana, áfach, toradh fíordhearfach atá i gceist.

Cé go n-urraím agus gur oth liom, ag an am céanna, cinneadh na Ríochta Aontaithe an tAontas a fhágáil, is cinneadh é sin a léiríonn rud amháin go soiléir: Aontas deonach is ea an tAontas Eorpach, ina bhfuil pobail shaora agus cheannasacha, a bhfuil an rogha acu dul isteach ann agus é a fhágáil. Is mór idir sin agus cogadh nua-impiriúil Putin, cogadh a roghnaigh sé a dhéanamh i gcoinne na hÚcráine. Tá miotas maidir le bráithreachas Slavach á chumadh aige, fad atá gunnaí agus diúracáin bhalaistíocha á scaoileadh, agus dróin mharfacha á úsáid ar bhonn laethúil.

Chuidigh aontachas na Gréige, na Portaingéile agus na Spáinne leis na tíortha sin an próiseas chun filleadh ar an daonlathas tar éis na deachtóireachta a chur i gcrích, agus an caighdeán maireachtála agus cáilíocht na beatha a fheabhsú ag an am céanna.

Leis an méadú mór a tháinig ar an Aontas 20 bliain ó shin, cuireadh dlús mór leis an bhfás sna Ballstáit nua, go háirithe i lár agus in oirthear na hEorpa, ós rud é gur cuireadh borradh faoin infheistíocht, faoin trádáil agus faoi dhlúthpháirtíocht an Aontais. Ar an meán, tháinig méadú ar OTI per capita na dtíortha sin, arna choigeartú chun an boilsciú agus an t-airgeadra a chur san áireamh, ó níos lú ná leath de mheán an Aontais go dtí trí cheathrú de mheán méadaitheach an Aontais thar fiche bliain. Tháinig méadú faoi thrí ar OTI per capita na Liotuáine sa tréimhse sin. Tá feabhas tagtha ar chúrsaí sláinte agus oideachais, rud a chiallaíonn go bhfuil cáilíocht na beatha agus an caighdeán maireachtála níos airde freisin. Tá méadú faoi dhó tagtha ar aschur talmhaíochta ar fud an réigiúin. I mbeagán focal, mar a tharla i gcás na méaduithe uile roimhe seo, is léir go mbíonn torthaí dearfacha ann do na stáit aontacha agus don Aontas. Fágann an méid sin atá ráite agam go bhfuil dearcadh dearfach agam ar an méadú. Mar sin féin, ní dearcadh saonta é sin.

Léirítear leis na himeachtaí atá ar siúl le blianta beaga anuas sa Pholainn agus ar bhonn leanúnach san Ungáir an chaoi a nochtar le sáruithe ar chaighdeáin an Aontais maidir leis an smacht reachta, saoirse na meán nó urraim do chearta mionlaigh an fíoras go t-aontaíonn tíortha áirithe le coincheap an Aontais agus é mar mheán don rathúnas dóibh, ach nach n-aontaíonn siad leis mar chomhphobal ina roinntear luachanna coiteanna. Tá sé fógartha go bródúil ag Príomh-Aire na hUngáire gur daonlathas neamhliobrálach atá san Ungáir. Is cuma cén léamh léirmhínithe a d’fhéadfadh a bheith ag duine ar Airteagal 2 CAE, níl aon dabht nach cairt do dhaonlathas neamhliobrálach atá ann. (‘Tá an tAontas Eorpach fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.’) Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamhidirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.’)

Bhí an méid sin mar chuid de chomhaontú ballraíochta an Aontais agus é scríofa i ngach conradh aontachais agus chomhaontaigh gach stát aontach leis. Ní bunús inbhuanaithe don urraim fhrithpháirteach é an cur chuige ‘ná scaipaigí bhur luachanna chugainn ach seolaigí bhur n-airgead chugainne’ agus ba cheart go dtuigfeadh na stáit is iarrthóirí reatha é sin agus iad ag iarraidh a n-aontachas leis an Aontas Eorpach faoi dheireadh a stiúradh. Táim ag súil go mbeidh ról níos bunúsaí ag critéir Chóbanhávan sa chaibidlíocht sa todhchaí, b’fhéidir le clásail chonartha aontachais lena soláthrófaí cumhacht níos láidre don Aontas a chuid ceartas agus luachanna a chosaint ionas nach rachaidís i léig. Ní margadh amháin atá san Aontas, agus ní hé an dul chun cinn nithiúil an t-aon chuspóir ná an chúis bhunúsach a bhí leis, cé gur inmhianaithe an rud é fós.

Mar sin féin, is féidir linn a thomhas anois ag breathnú ar chuntas teiste an mhéadaithe go dtí seo gur dearfach an rud é do gach duine lena mbaineann agus gur cheart dearcadh dearfach a bheith againn ina leith. Beidh ar na stáit is iarrthóirí tabhairt faoi athruithe suntasacha, agus is ar a luas féin a dhéanfaidh siad amhlaidh. Tá obair bhaile le déanamh ag an Aontas freisin a mhéid a bhaineann lena phróiseas cinnteoireachta agus lena acmhainneacht bhuiséadach íoc as na costais a bheidh i gceist leis na ballstáit nua agus leis an gcúnamh réamhaontachais. Tar éis stádas mar stát is iarrthóir a dheonú, tar éis scagadh a dhéanamh, tar éis creataí caibidlíochta a leagan síos, tar éis caibidlíochta caibidil ar chaibidil a thosú agus a chur i gcrích, is ansin a dhéanfar na conarthaí aontachais a shonrú faoi dheireadh. Ach beidh aontoilíocht ón gComhairle ag teastáil ansin. Ní rud éasca ná simplí a bheidh sa mhéid sin ar chor ar bith. Tá súil agam go léireoidh na Ballstáit uile urraim don dualgas atá orthu ‘comhar dílis’ a dhéanamh chun cuidiú leis na cúraimí a eascraíonn as an gConradh (Airteagal 4(3) CAE) a chur i gcrích.

Is cás uathúil agus níos casta atá san Úcráin mar gheall ar mhéid na tíre, sciar coibhneasta na talmhaíochta le OTI i gcomparáid le meán an Aontais, agus an bhochtaineacht chomparáideach sa tír i dtéarmaí OTI per capita, agus ar ndóigh mar gheall ar an gcogadh agus na hiarmhairtí tubaisteacha a bhaineann leis sin. Is féidir tús a chur leis an gcaibidlíocht. Tá an Úcráin ar an mbealach i dtreo an lánpháirtithe cheana féin, i ngeall ar an gComhaontú Comhlachais agus an Comhaontú Domhain Cuimsitheach Saorthrádála atá aici leis an Aontas Eorpach. D’fhéadfaí na comhaontuithe sin a leathnú de réir a chéile le himeacht ama ach i ndeireadh na dála beidh toradh críochach socraithe agus síocháin chobhsaí – inar féidir ról a bheith ag ballraíocht san Aontas – ina réamhchoinníoll riachtanach don aontachas. Cobhsaíocht atá de dhíth ar an Aontas seachas anord ar a thaobh thoir. I ndeireadh na dála, dá nglacfaí le haontachas na hÚcráine, bheadh buntáistí ann don Úcráin agus don Aontas ina iomláine freisin.

Pat Cox, iar-Uachtarán de chuid Pharlaimint na hEorpa (2002-2004)

Is polaiteoir agus iriseoir Éireannach é Pat Cox. Bhí sé ina Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa ó 2002 go 2004, agus ina Uachtarán ar Ghluaiseacht Idirnáisiúnta na hEorpa ó 2005 go 2011. Tá sé i gceannas ar Fhondúireacht Jean Monnet don Eoraip ó 2015 i leith.  Tá sé ina Chomhordaitheoir Eorpach freisin ar Chonair TEN-T Chríoch Lochlann - na Meánmhara agus ina cheannaire ar Mhisean Measúnaithe Riachtanas agus Cur Chun Feidhme Pharlaimint na hEorpa maidir le hAthchóiriú Parlaiminteach Verkhovna Rada san Úcráin. Ag tús a ghairmréime, d'oibrigh sé mar chraoltóir teilifíse cúrsaí reatha ag RTÉ i mBaile Átha Cliath. In 2004, bhuaigh Pat Cox an Duais Idirnáisiúnta Charlemagne Aachen as a thiomantas parlaiminteach do mhéadú an Aontais Eorpaigh.

Sa seisiún iomlánach a bhí ag CESE an 25 Aibreán, d’fhormheas sé comhaontú lena mbunófar comhlacht idirnáisiúnta maidir le caighdeáin eitice. Shínigh ionadaithe ó institiúidí agus ó chomhlachtaí rannpháirteacha an Aontais an comhaontú nua go foirmiúil an 15 Bealtaine. Tá sé beartaithe go dtiocfaidh sé i bhfeidhm an 6 Meitheamh, an chéad lá vótála sna toghcháin Eorpacha.

Sa seisiún iomlánach a bhí ag CESE an 25 Aibreán, d’fhormheas sé comhaontú lena mbunófar comhlacht idirnáisiúnta maidir le caighdeáin eitice. Shínigh ionadaithe ó institiúidí agus ó chomhlachtaí rannpháirteacha an Aontais an comhaontú nua go foirmiúil an 15 Bealtaine. Tá sé beartaithe go dtiocfaidh sé i bhfeidhm an 6 Meitheamh, an chéad lá vótála sna toghcháin Eorpacha.

Is éard atá sa chomhaontú ach céim shuntasach chun cinn i dtreo cultúr coiteann ionracais agus eitice a neartú.

Déanfaidh an comhlacht AE nua sin íoschaighdeáin choiteanna maidir le hiompar eiticiúil a fhorbairt, a thabhairt cothrom le dáta agus a léirmhíniú, agus foilseoidh sé tuarascálacha ar an gcaoi a bhfuil na caighdeáin sin léirithe i rialacha inmheánacha gach institiúide agus comhlachta rannpháirtigh de chuid an Aontais.

I dteannta CESE, glacfaidh na seacht n-institiúid agus gcomhlacht a leanas páirt sa chomhlacht nua: Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún.

Déanfaidh comhalta sinsearach amháin ionadaíocht ar gach institiúid atá rannpháirteach agus rothlóidh post chathaoirleach an chomhlachta idir na hinstitiúidí ar bhonn bliantúil.

Tacóidh cúigear saineolaithe neamhspleácha leis an obair a dhéanfaidh an comhlacht trí thuairimí a thabhairt arna iarraidh sin. Beidh aon pháirtí sa chomhaontú in ann dul i gcomhairle leis na saineolaithe sin maidir le dearbhuithe caighdeánaithe aonair i scríbhinn, lena n-áirítear dearbhuithe leasa. (mp)