European Economic
and Social Committee
Is sa taithí chomhroinnte atá fíorluach na soghluaisteachta – brúimis chun cinn í
Le Cillian Lohan
D’fhág an deis saorghluaiseachta atá ag muintir na hEorpa go bhfuil a lán lán buntáistí ann do gach saoránach. Tá tábhacht ar leith le saorghluaiseacht daoine óga, óir is deis atá ann dóibh blaiseadh a fháil de chultúir éagsúla na hEorpa agus taithí a fháil ar an saol i dtíortha eile san Eoraip. Chabhraigh an taithí sin leo teacht ar an tuiscint go bhfuil go leor i gcoiteann againn. Nuair a thugtar cuairt ar thír eile le haghaidh oibre nó staidéir, is fearr a thuigimid an rud atá i gcoiteann againn mar dhaoine. Is cuma cén teanga a labhraímid, cén bia a ithimid nó cén aimsir ar a bhfuilimid cleachtach, tá lear mór rudaí i gcoiteann againn – an caidreamh lenár dteaghlach agus ár gcairde, ábhair dóchais agus streachailte, dúshláin agus deiseanna.
Is iad na malartuithe seo idir tíortha a fhágann go mbíonn sochaí báúil le daoine eile agus tuisceanach dóibh; nach mar strainséirí, ach mar chairde, a ghlacaimid lenár gcomhshaoránaigh Eorpacha i dtíortha chomharsanacha.
Níor cheart dúinn beag is fiú a dhéanamh den tionchar atá aige sin ar chaomhnú na síochána agus na cobhsaíochta ar mhór-roinn na hEorpa. Is saorghluaiseacht daoine óga an rud is tábhachtaí le haghaidh comhar agus comhobair leanúnach.
Is sa chomhthéacs sin a mhol mé tuairim féintionscnaimh a tharraingt suas maidir le soghluaisteacht na hóige agus an caidreamh idir daoine óga in Aontas Eorpach tar éis Brexit. D’oibrigh mé le mo chomhghleacaithe, leis an bhfoireann agus leis na comhaltaí, agus chuamar i gcomhairle go forleathan leis na grúpaí lena mbaineann. Bhí ionadaithe ón Aontas Eorpach agus ón Ríocht Aontaithe páirteach sa phróiseas sin – iad ag teacht le chéile ar líne nó ar an láthair, ag scaipeadh suirbhéanna agus ag malartú ríomhphost. Léiríodh tacaíocht láidir dár gcuid oibre nuair a caitheadh vóta ollmhór ar son na tuairime i seisiún iomlánach CESE.
Is éard a rinne na hinstitiúidí Eorpacha ina dhiaidh sin gur chuir siad tairiscint leathan de scéimeanna soghluaisteachta feabhsaithe ar fáil d’aos óg na Ríochta Aontaithe. Dhiúltaigh an Ríocht Aontaithe don tairiscint sin, faraor, ach leanfaimid orainn den obair chun na buntáistí atá ann don dá thaobh a léiriú.
Is tábhachtach a lua nach mic léinn ollscoile agus daoine atá ag freastal ar oideachas lánaimseartha, agus iadsan amháin, a bhaineann tairbhe as cláir de chineál Erasmus+ nó chiste Eoraip na Cruthaitheachta. A bhuí le tionscnaimh den chineál sin, is féidir le daoine óga as gach cúlra páirt a ghlacadh i scéimeanna malartaithe agus taithí neamhghnách a fháil.
Is féidir an costas airgeadais atá i gceist agus an toradh ar an infheistíocht sin a ríomh go fuarchúiseach, ar ndóigh. Ach níl sa toradh sin ach gné amháin de luach na soghluaisteachta. Is sa taithí chomhroinnte agus sa chomhthuiscint atá fíorluach na soghluaisteachta agus na malartuithe sin. Tá caidreamh idir daoine agus saorghluaiseacht daoine de dhíth ar mhór-roinn atá bríomhar ilchultúrtha. Leanfaimid de bheith á éileamh sin in CESE. Mar go dteastaíonn uainn beart a dhéanamh de réir ár mbriathair agus dea-shampla a thabhairt, leanaimid den obair a dhéantar i gcomhar leis an tsochaí shibhialta sa Ríocht Aontaithe.
Tá Meabhrán Tuisceana againn le Comhghuaillíocht na Sochaí Sibhialta sa Ríocht Aontaithe agus Meabhrán Tuisceana ar leith againn le SAFE in Albain (agus an deis againn a bheith ag obair le hiarchomhalta de CESE, Irene Oldfather). Leanfaimid den obair sin agus neartóimid í. Chruthaigh earnáil na hóige gur féidir léi a bheith ceannródaíoch in amanna corracha, go háirithe i réimse na haeráide. Oibrímis le chéile ar an leibhéal institiúideach chun na huirlisí go léir a theastaíonn ón earnáil sin a sholáthar di le go bhféadfaidh daoine óga cur lena gcuid oibre agus leas a bhaint as cumhacht na hóige chun saol níos fearr a chruthú dúinn go léir.