An 24 Aibreán, d’eagraigh CESE imeacht chun an scannán faisnéise Úcránach ‘20 Days in Mariupol’ a léiriú. Is scannán é sin ar éirigh leis gradam Oscar a bhuachan i mbliana sa chatagóir ‘An Príomhscannán Faisnéise Is Fearr’.

Léiríonn an scannán imeachtaí an 20 lá corrach nuair a bhí stiúrthóir an scannáin, an t-iriseoir Mstyslav Chernov, agus a chomhghleacaithe, i gcathair Mariupol siar i mí Feabhra agus mí an Mhárta 2022 chun taifead a dhéanamh ar léigear brúidiúil na Rúise ar Mariupol, mórchalafort de chuid na hÚcráine ar Mhuir Mheoid. Ag obair leis don eagraíocht nuachta Associated Press, ba iad Chernov agus a fhoireann na hiriseoirí eachtracha deireanacha le himeacht ón gcathair sular ghabh arm na Rúise í. Tá a lorg fágtha ar fud an domhain ag na taifeadtaí agus na grianghraif thochtmhara a ghlac an fhoireann. Feictear, mar shampla, ospidéal máithreachais a bombardaíodh go dona chomh maith le bombardú a rinneadh ar amharclann na cathrach a bhí á húsáid mar fhoscadh ag leanaí. Léiriú is ea an scannán ar uafáis ainghníomhartha arm ionraidh na Rúise i gcoinne dhaonra sibhialta na hÚcráine.

Anuas ar Ghradam an Acadaimh, tá an-chuid gradaim eile mór le rá bainte amach ag ‘20 Days in Mariupol’, go háirithe gradam BAFTA don Scannán Faisnéise is Fearr agus Gradam an Lucht Féachana ag an bhféile scannán Sundance sa chatagóir ‘Scannán Faisnéise Idirnáisiúnta’. 

Bhí Uachtarán CESE, Oliver Röpke, i láthair ag an léiriú, i dteannta roinnt aíonna eile mór le rá, ina measc sin a Shoilse Vsevolod Chentsov, Ceann Mhisean na hÚcráine chuig an Aontas Eorpach, agus Yevhen Tuzov, duine de phríomhphearsana an scannáin.

‘Ní mór dúinn a choinneáil i gcuimhne i gcónaí go bhfuil dualgas sollúnta orainn fianaise a thabhairt leis an stair. Tá teachtaireacht shoiléir ag an scannán seo: ní mór dúinn a chur in iúl don domhan impleachtaí na fuatha. Ná ligimis i ndearmad na híobairtí atá déanta ag daoine na hÚcráine, ná an athléimneacht a thaispeáin siad in aghaidh an aimhleasa. Ní hamháin gur léiriú ar na luachanna a chomhroinnimid an t-ionchas go mbeidh an Úcráin ina Ballstát den Aontas, ach is léiriú dóchais é freisin go bhfuil laethanta níos fearr le teacht,’ arsa Oliver Röpke, Uachtarán CESE. 

Is gránna an léiriú é ‘20 Days in Mariupol’ ar an gcruatan a tháinig as fogha na Rúise, ach is léiriú é nach mór a thabhairt san am céanna. Is údar mórtais dom a rá gur ar thaobh na hÚcráine atá an Coiste seo againn ag seasamh, gan stad gan staonadh, agus ar thaobh shochaí shibhialta bhríomhar na hÚcráine chomh maith, na laethanta deacra seo. Is mór againn ar fad go bhfuil sibh anseo linn anocht,’ is ea a dúirt Aurel Laurențiu Plosceanu, Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE. Ó chuir an Rúis tús leis an gcogadh foghach, sheas CESE go daingean leis an Úcráin agus le sochaí sibhialta na hÚcráine, agus neartaigh sé ar an gcomhar idir é féin agus eagraíochtaí shochaí shibhialta (ESSanna) na hÚcráine trí mheán Ardán Sochaí Sibhialta AE-na hÚcráine. Chuir sé mol ar bun don Úcráin chun áit oibre a chur ar fáil sa Bheilg do ESSanna ón Úcráin. Chuir sé tús leis an tionscnamh ‘Comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí’ chun saineolas CESE a roinnt le ESSanna ón Úcráin. Thug toscaireacht ardleibhéil ó CESE, faoi stiúir an Uachtaráin Röpke, cuairt ar an Úcráin i mí na Samhna chun teacht le chéile leis an Aire Forbartha Eacnamaíche agus Trádála Yuliia Svyrydenko, le hionadaithe na Parlaiminte (Verokhna Rada) agus le hionadaithe ón tsochaí shibhialta. Thug comhaltaí CESE ómós d’íospartaigh Úcránacha an chogaidh ag leachtanna cuimhneacháin cogaidh timpeall na tíre. 

Leis an léiriú seo, a eagraíodh ar iarraidh Andris Gobiņš, comhalta de CESE ón Laitvia, cuirtear in iúl arís eile dlúthpháirtíocht shochaí shibhialta na hEorpa leis an Úcráin agus le muintir na hÚcráine. Mar ócáid ar imeall leis an bpríomhimeacht, bhí taispeántas grianghraf ann freisin don lucht féachana maidir le cathair Mariupol agus í faoi léigear. Eagraíodh an taispeántas sin i gcomhar leis an gcumann Ukra-Bel.