Sa seisiún iomlánach a bhí ag CESE an 25 Aibreán, d’fhormheas sé comhaontú lena mbunófar comhlacht idirnáisiúnta maidir le caighdeáin eitice. Shínigh ionadaithe ó institiúidí agus ó chomhlachtaí rannpháirteacha an Aontais an comhaontú nua go foirmiúil an 15 Bealtaine. Tá sé beartaithe go dtiocfaidh sé i bhfeidhm an 6 Meitheamh, an chéad lá vótála sna toghcháin Eorpacha.

Is éard atá sa chomhaontú ach céim shuntasach chun cinn i dtreo cultúr coiteann ionracais agus eitice a neartú.

Déanfaidh an comhlacht AE nua sin íoschaighdeáin choiteanna maidir le hiompar eiticiúil a fhorbairt, a thabhairt cothrom le dáta agus a léirmhíniú, agus foilseoidh sé tuarascálacha ar an gcaoi a bhfuil na caighdeáin sin léirithe i rialacha inmheánacha gach institiúide agus comhlachta rannpháirtigh de chuid an Aontais.

I dteannta CESE, glacfaidh na seacht n-institiúid agus gcomhlacht a leanas páirt sa chomhlacht nua: Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún.

Déanfaidh comhalta sinsearach amháin ionadaíocht ar gach institiúid atá rannpháirteach agus rothlóidh post chathaoirleach an chomhlachta idir na hinstitiúidí ar bhonn bliantúil.

Tacóidh cúigear saineolaithe neamhspleácha leis an obair a dhéanfaidh an comhlacht trí thuairimí a thabhairt arna iarraidh sin. Beidh aon pháirtí sa chomhaontú in ann dul i gcomhairle leis na saineolaithe sin maidir le dearbhuithe caighdeánaithe aonair i scríbhinn, lena n-áirítear dearbhuithe leasa. (mp)